Poem in printable PDF format
A bhean fuair an
falachán
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha, no.13]
1 A bhean fuair
an falachán,
do-chiú ar fud do
chiabh snáithmhín
ní as a
bhfuighthear achmhasán
d’fholt Absolóin
mhic Dháivídh.
2 Atá ar do
chéibh chleachtsholais
ealta chuach i
gceas naoidhean;
ní labhraid an
ealta-soin,
’s do bhuaidhir
sí gach aoinfhear.
3 Do bharr
fáinneach fionnfhada
roichidh fád
rosgaibh áille,
na ruisg corra
criostalta
go mbíd ’na
gclochaibh fáinne.
4 Maise nua do
thógbhais-se,
gibé tír as a
dtáinig,-
do lámh gan idh
órdaighthe
is céad fáinne
fád bhráighid.
5 Do chas an cúl
tláthbhuidhe
timcheall an
mhuinéil dírigh;
iomdha idh fón
mbrághaid-sin,-
is brágha í
dá-ríribh!