Poem in printable PDF format
Leath re Fódla
fuil Uidhir
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 1]
1 Leath re Fódla
fuil Uidhir
Fódla ní fhuil
’na haghaidh;
ní béim clú le
Fiadh bhFuinidh
crú Uidhir riamh
’na raghuin.
2 Gach neach
d’Ultalbh ag umhla
le hUlltoibh Tech
na Teamhra;
’na leth riamh do
bhí Banbha
gach rí tarla ar
Fhiadh Emhna.
3 Gan neach
d’Éirinn ’na aghuidh
is leth re
hÉirind Ulaigh,
muna mó le Mág
Uidhir
Fád Fuinidh a
ccló chubhaidh.
4 Ar cCú
Chonnaichtne a ccéimibh
clú du thromaicme
táruidh;
mór a dhíol do
lucht laoighidh
gníomh aoinfhir a
ngurt ghábhuidh.
5 Nír léig
imtheacht d’fhuil Uidhir
- is inntlecht
ler chuir comhaidh -
ar tí éirghe ’na
aghuidh
anaidh rí Éirne
d’fhoghail.
6 Fuil Uidhir ag
díol dáimhe
cuiridh an síodh
a saoire;
ní fhéad cách
buing a mbéime
sgáth a chéile ar
Chloind Chraoidhe.
7 Mac Siobhán a
ndáil Danar
ag tionál Chláir
na cCuradh,
téid an chóir
dóibh nach dleghar
’s nír benadh
cóir d’fhóir Uladh.
8 Clú Gaoidheal
san ágh iomchruidh,
ní tár le
haoinfher orthaibh;
geall ó chách ag
clú an Mhanchaigh
an tráth
taghthoir crú Cobhthaigh.
8a. Mág Uidhir ar
fheidhm d’fhéghadh
feidhm is duligh
do dhénumh;
gidh bé heile a
ccrú chaoilshlegh
clú Gaoidheal
d’eire ar énfher.
9 Séla a ccairti
ar Bhóinn mbiligh
mar is cóir
d’aicme Uidhir;
mithidh dóibh
triall dá ttoighibh
le fóir Oiligh
Fiadh Fuinidh.
10 Toil cháigh dá
dheoin ní dhiongna
a ndeoigh an
chláir do chomhdha;
do bhí ar cor
budh mó a mhenma
ar ccor sealbha
ar Chró cConla.
11 Cáin Bhanbha
do do dáiledh
tarla so mur do
saoiledh;
nírbh fherr hé
iná Art Énfher
- déinedh sé le
Gart Gaoidheal.
12 Ben gá bhfuil
céile cubhaidh
Éire do chuir fá
chomhaidh;
cáin do-chóidh le
Fád Fuinidh
Mág Uidhir tóir a
tobhaigh.
13 Sé sa bheirn
dob fháth uamhain,
an tseilbh ar
chách do chaomhain;
ní hobuir ríogh
feidhm féinnidh
bíodh gur
réidhigh beirn mbaoghuil.
14 Cumhain le
Bóinn ’s le Breghaibh
dóibh gur
chubhuidh a ccobhair;
gan bheith riamh
fa Fhréimh Uidhir
d’Fhiadh Fuinidh
féin as foghail.
15 Ar luadh dá
mesda Manchoigh
a luagh fesda ní
fuighthir;
má atá medh do
chrú Chobhthaigh
clú orthoibh cedh
fá ccuirthir?
16 Guin a
dhondalt a ndeabhuigh
le Coin Connacht
as cumhain;
ibhther sreabh ar
slios ccalaidh
fledh lér
thabhaigh Lioss Lughaigh.
17 Ní cosmhail
cor ’na n-aghuidh
- an ghasraidh do
thogh Temhair -
a mbreith féin ar
Fiadh bhFuinigh
ag Fréimh Uidhir
riamh remhaibh.
18 Let Cruacha
tiar a ttiomna
mur na tuatha um
fhiadh Emhna
budh saor soin ar
fher t’fhoghla,
teagh gan comhla
a Moigh Mhedhbha
19 A ré lán fhola
hUidhir
gan duine dá rádh
romhaibh,
an chuid as fherr
d’fhóir Oiligh
geall oinigh
dóibh ad dheghaidh.
20 Do thoil don
chléir ag comholl
béim ar do
bhloidh ní bhenann;
ní fhéd sí
t’fhéile d’fhulong
cumhang dí Éiri
d’fherand.
21 Breth ’na
haghaidh ní fhaghthoir
neach at aghuidh
ní hinchuir,
ní do bhádh re
crú Cobhthoigh
toghthoir tú le
Clár Criomhthuin.
22 Ríoghraidh
thoghtha Fhóid Éimhir
a ccomhtha led
chóig maoraibh;
lór sin dot
aithne dh’aoidhigh
Gaoidhil libh
d’fhaighthe an aonaigh.
23 Car ad chend
ní budh cubhaidh
do gheall ar
bhladh ní berair;
rugais geall ar
fhóir Oiligh
geall oinigh ós
dóibh dleghair.
24 Sgáth mur sin
re hess n-anfaidh
do ghoin a ttres
ní toghthoir;
do bhí ’san ágh
ar h’ionchoibh
rí farb ionchuir
Clár Cobhthoigh.
25 Tráigh ar
t’fhéile ní fhaghar
a chéile Chláir
na cCuradh;
tú féin as cóir
ad chomhar
moladh nách béim
d’fhóir Uladh.
26 Crodh le cléir
uaibh gan áiriomh
a thol féin fuair
gach aoinfher;
mó iná sin ort do
hiarradh
dá n-iarradh sibh
Gort Gaoidheal.
27 Críoch
Gaoidheal do léim luidhe
ní béim le
haoinfher eile;
cóic slóigh ag
breith a bhuidhe
luidhe dóibh fán
mbreith bheiri.
28 Cairt a fhiach
ar Bhóinn mbiligh
an triath
do-chóidh fád chomhuidh;
nír chreit rí ó
Leic Lughaigh
gur chubhaidh dhí
a reic romhaibh.
29 An tráth dob
fherr Meic Mhíliodh
geall ó chách
deit do dáiledh;
gan barr uaibh ag
Art Aoinfher
acht Gart
Gaoidheal uaidh d’áiremh.
30 Sí dot
mhnáibh, a Mhéig Uidhir,
tar do dháil ní
théid Temhair;
ná sir cáin acht
cáin chubhaidh,
brughaidh cáigh
libh ’s a leabhuir.
31 Sibh ar toil
cáigh do-chíthir,
le dáimh ód
thoigh ní tiachair;
beg dot fhéile a
bhfuil fúthaibh,
Éiri as dúthaidh
d’fhuil Fhiachaidh.
32 Fine Colla a
ccrú chaoilshlegh
ní dronga ar ar
dú dénamh;
iomdha a mbeirn
ód bhróin mhíledh
feilm líneadh
n-óir ’na hénar.
33 Craobh úr le
truime an toraidh
a huille ar úr fá
Emhain;
’san chuid nach
libh d’Fhiadh Fhuinidh
cuiridh sibh fiar
a bhfedhaibh.
34 Tonn nach
roghar d’Fhád Oiligh
as moladh do Mhág
Uidhir;
fada ó Chlár
Chuinn a chobhair
sál ar comhair
Fhuind Fhuinigh.
35 Cosmhail muir
ag triall toraidh
ré bhfuil fiar
dona fedhaibh;
ní beg faoi a
ttoigh do theinigh
goil deiridh an
laoi leabhuir.
36 Tug sin a
dhola a ndaoinibh
ní thsir acht
comha chéilligh;
dob fhiú a chert
ar cóig cánaibh
nár tsáraigh
reacht Fhóid Éimhir.
37 An líon fedhma
ó iath Oiligh
grian na berna
fán mbuidhin;
ní fhuil ar a ttí
acht Temhair
a mbí a
ndeabhaigh d’fhuil Uidhir.
38 Andamh fear
méine an Mhanchaigh
medh a fhéili ní
fhuighthir;
gé atá geall ag
crú Chobthaigh
clú orthalbh ’na
cheann cuirfidh.
39 A chlú ar
chomairci a chinidh
ar gCú
Chonnaichtne cuiridh;
do Chlár Néill
uile as omhain
foghail réidh
fhuile hUidhir.
40 Slat do bhláth
fhola hÚna
an comha gnáth ní
ghébha;
mó do thuill a
n-uair ágha
má fuair chána
Fhuinn Énna.
41 Cnesdo co
mbéra an báire
sgéla a ttesdas
gach taoibhe;
ní fáth clú, ní
buain béime
Éiri d’uaim do
Chrú Chraoidhe.
42 Clú na consin
an ccluine ?
re a clú ní
cosmhail ridhe,
nír mhisdi a
dhíol uair eile
an díol reimhe
fuair file.
43 Tuc
Mar-ghrécc...
in ghéc nár
dhiult re ndámhaibh,
gan béim dá gaol
’na gníomhuibh
fíonfhuil an
chraobh Néill náraigh.
44 A bladh féin
uirthe d’fhiadhuin
slat do fhréimh
fhule hEoghain,
ni ben cruaiss hí
re haoidhidh
sgaoilidh sí
duaiss an deoraidh.
45 Bean nár char
dol a ndiamhair
a cradh ac dol
don deoraidh,
ní ferr an mhuir
fa mhaoinibh,
an tseng
fhaoilidh d’fhuil Eoghain.