Poem in printable PDF format
Léig dod bhaois,
a bhean an sgatháin
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
44]
Do mhnaoi
éigin
1 Léig dod bhaois
a bhean an sgatháin
sguir don cheird
do chuiris ród
isligh t’uaill a
fhéata fhinn-gheal
féaca an uaigh a
inghean óg.
2 A chorp áluinn
[nach] cóir céadfaidh
réd chlaonadh súl
ná bí a bhean
do chuaidh aois
do chean tar chuimhne
ná lean baois na
suirghe acht seal.
3 Ní fhuil acht
cré id chrosaibh órdha
ní fhuil acht cré
id chulaidh sróil
féach nach fuil
[dá] ghné ar do ghlacaibh
ní fhuil acht cré
it hataibh óir.
4 An uair
chuirfeas ceard na ndaoine
dath an ghuail ar
do ghnúis ghil
an bhrágha [nó]
an béal corcra
féagh an grána an
sompla sin.
5 Caidhe an
t-ucht nó an cíogh coirr-gheal
caidhe an tsúil
mhall fa mhór n-uilc
caidhe ciabh na
bhfionn-dual bhfíthe
diombhuan sgiamh
do chríche a chuirp.
6 Caidhe an bhas
nó an trácht tana
nó an taobh
aoibh-gheal mar uan tonn
bíodh t’aire ar
an uaigh a bhréig-bhean
caidhe an
ghruaidh nó an déid-gheal donn.
7 Caidhe tarbha
na gcorn gcomhdaigh
caidhe an sról do
chinn fad chorp
féach an cré mar
soin na séada
ní fhoil acht gné
an éaga ort.
8 Ní tú a-mháin
do mheall an saoghal
seachnam Ifreann
iarram neamh
gidh mór gcéad
tharla mar taoi-se
créad tarbha do
bhaoise a bhean.
9 An lá thiocfas
triath na n-aingeal
d’agra a chéasda
sa chroich dheirg
cia chasfas re
crann an tsíosa
an tann lasfas
Íosa i bhfeirg.
10 Eagal liom-sa
lá na breithe
go mbia Dia mar
deir an sdair
sinn ag seilg ar
an mbreith mbaoghlaigh
go mbreith dá
fheirg fhaobhraigh air.
11 Muire ógh bhus
aighne liom-sa
lá tiomsuighthe
na dtrí sluagh
guidhe na mná
bhus dhíon damh-sa
ó tá mo ghníomh
fallsa fuar.
12 Saor me a
Mhíchíl a mhaoir m’anma
d’éis a ndéanaim
do dhán dheid
ó tá guais mo
chean im chionn-sa
neamh i n-ar
nduais liom-sa leig. LÉIG