firstLine"; ?>

1205. Leig dod chomortas duinn [or ‘dod choimheas’ $
Length: very long 89qq + 7 verses
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. satire
  2. Dan Leathaoire cp
Manuscripts:
  1. TCD1381(H.5.9) Toird.O’Reilly 1684
  2. RIA1192(C/iv/3)D.ODuigenan >1672
  3. NLI G117 Eoghan & Art O Caoimh 1693-
  4. TCD1367(H.4.26)S.OSuilleamhain1701
  5. Mayn. C88 Eoghan O Caoimh 1704
Prints:
  1. transl. Dan na mBr. Mionur no. 27
Motifs:
  1. imagery for saint (BVM)
  2. role of BVM
  3. pains of Hell
  4. joys of Heaven
  5. poet a friar
  6. Rejection of Lutheranism & Calvinism
  7. poem attrib. to spirit risen from dead
  8. poetry offered to God
  9. poets named (& echo of ‘Fuatha Sheain...
  10. house and/or furnishings
Poet Christian Names:
  1. Eoghan (TCD 1381, NLI G117)
Poet Surnames:
  1. O Dubhthaigh (Sean O Dubhthairigh RIA307)
Patron Christian Names:
  1. Maolmhuire
Patron Surnames:
  1. MacCraith
Apologue Subclasses:
  1. Nimrod’s Tower
Meter Vars:
  1. RannMhor (freely applied)
Poem:

Poem in printable PDF format

Léig dod chomhmórtas dúinn


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 27]


An chliar ghliogair


Eoghan Ó Dubhthaigh .cct.


1 Léig dod chomhmórtas dúinn,

a Mhaisgtir Seidhin, súil re cair:

mac máthar dob fhearr ná Dia

i gClainn Amhlaoibh riamh ní raibh.


2 Cé d’fhéch misi an taoibh ó dheas

is mé dá meas do réir mh’iuil,

mac máthar is fearr ná Dia

ní fhuair misi siar ó Shiuir.


3 ’S ní mó fuaras ó Shiuir soir

- is féch a bhfoil go hÁth Cliath;

is air do chuirfinn mo gheall -

mac máthar is fearr ná Dia.


4 ’S maith an bhean í Muire mhór,

máthair Airdríogh na slógh síor;

isiad a grása is gnáth lán -

bean do chuir fál fa gach tír.


5 Bean í dá gclaonann an ceart,

bean is mó neart agus brígh,

bean is buige fa ór dhearg,

bean le gcoisgthear fearg an Rígh.


6 Bean do-bheir radharc don dall,

bean is treisi thall ar nimh,

bean do thóg na deamhain díom -

[an] bhean is díon ar gach cith.


7 A mhaighistir Seidhin is garbh ciall,

ataoi riamh ag dul ó cheart;

Muire do choimhmeas re mnáibh -

dar do láimh, ní rachaidh leat!


8 Ní cosmhail Muire ré mnáibh,

a Mhaighistir Seidhin is náir gníomh;

ní cosmhail balsum re muirt:

re lionn guirt ní cosmhail fíon.


9 Ní cosmhail domblas re mil;

ní cosmhail lil ris an spín;

ní cosmhail umha re hór;

ní cosmhuil móin re magh mín.


9i Ní hionann ’s do mháthair féin

- is Maighistir Seidhin gan chéill sibh -

is glan an ógh í bhar siur

ar mbreith chloinne do thriur dhi.


10 A Mhaighistir Seidhin, ataoi leamh;

do chaillis neamh is do gheall;

ag do mháthair cé do bhí

bocaire críon, muilcín ’s meall,


10a ’S bothán súiche nar mhaith díon

ina mbíodh líon is coirce glas -

i n-onóir Mhuire fuair gach greann,

ná bí oroinn go teann as.


11 Ní mar sin do Mhuire mhóir

’s ní headh don ghlóir ’na bhfuil sí:

’s fada fairsing a teagh óil

go n-iomad gcarnn gceoil is bídh.


12 Ní lughaide a dheoch ná a bhiadh

a gcaithtear sa teagh ’s sia barr;

mairidh solas an tighe aird

’s ní bhí aoinneach gan aird ann.


13 Ní hionann bhar gcóisir féin

’s cóisir na mná nár ér neach:

ní críochnuighthear í go bráth

is mairfidh ó bhráth amach.


13a Ní hionann an saoghal-sa abhus

is teaghdhais mhná na rosg mall:

i dtigh bhainríoghna na ngrás,

ní fhuighe aon nduine bás ann.


14 Easláinte, tuirsi, ná tart

ní bhí ’na tigh, ná reacht gann,

ná cogadh, ná fuath, ná brón;

ní sgríbhéobhar est ’s non ann.


15 Ní bhí aoinneach crotach liath -

ní bhí, dar Dia, duine leamh,

bodhar ná bacach, ná dall -

ní bhí claidhre thall ar neamh.


16 Lomnán do ghlóir annsúd biam;

lomnán do bhiadh is do dhigh,

lomnán do lúthgháir ’s do ghrádh,

i dtigh na mná is fearr ar bith.


17 Biaidh gach bean ’na ríoghain mhóir

fa choróin óir san tigh thall;

i dtigh mháthar Mheic Dé Bhí,

biaidh gach aoinfhear ’na rígh ann.


17a An saoghal salach ní mar sin

cé do chuir sibh bun ós ceann;

bocht bhar ndeireadh, bocht bhar dtós;

mairg nar ól an ní is fearr.


18 A dhaoine uaibhreacha atá borb,

nach leannann lorg Críost ’na bhrugh,

’s córaide bheith umhal do Dhia

nach fuil ionnaibh acht biadh cnumh.


19 Ná cluiniom comhmórtas uait,

a Mhaighistir Seidhin nach suairc nós,

is gan ionnuibh uile acht cré

’s Máthair Dhé ’na beathaidh fós.


20 Cuimhnigh an chaora, cuimhnigh an chearc,

cuimhnigh an brat do bhí ar an mhnaoi,

cuimhnigh an bhuaile, cuimhnigh an bhró,

cuimhnigh an cró ina mbíodh na laoigh.


20a Cuimhnigh do bhochtacht ar dtós;

cuimhnigh do nós ar gach sgoil;

cuimhnigh mar do bhí tú riamh,

theas is tuaidh, thiar is toir.


21 Ní dubhairt mac Amhlaoibh féin,

a Mhaighistir Seidhin do thréig stair,

gurbh fhearr do mhac máthar é féin

ná mac Muire ’s níor bhéim air.


22 ’Uilliam, is ’Mhathghamhain nach caoin,

’Mhaol gan Mhuire is Maol nach glan,

is fearr máthair Ríogh na ndúl

ná sibh féin is bhar dtriur ban.


23 Rug Muire mac do Dhia,

Íosa Críost, triath na rann,

’s mairidh tar a éis ’na hóigh -

an bhean is dóigh dá gach dall.


24 Rug do mháthair [’s ní ’na hóigh]

mac nach cóir [is ní do Dhia];

thusa, a Mhaighistir, an mac úd:

sé Belsebúb ort is triath.


25 An chliar-sa anois tig anall,

cliar dhall ar a ndeachaidh ceo,

ní mó leo Muire ná dog;

dar by God, ní rachaidh leo.


26 ’S ar mháthair Airdríogh na ndúl,

ríoghan úr dárab oighre Dia -

ní fhuighe acht dorn ar a dúid,

istigh i gcúirt Átha Cliath.


26i Bhur dtriur máthar, bhur dtriur ban,

bhur dtriur easbog nach glan gníomh,

bhur dtriur cloinne nach clann chóir -

ní conchlann don óigh na trír.


27 Ní hí sin, dar linne, an chóir,

’s í ina máthair ’s ’na hóigh glain,

’s mná na n-easbog fá chion ann -

do cuireadh sin mar bharr air.


28 Buime is máthair Mheic Dé Bhí -

bean mar í ní fhacaidh súil:

bean lér hosgladh flaithios Dé,

gnáth-mholfas mé ós gach dúil.


28i A chliar ghliogair ara bhfuil ceo,

beithí i n-ifrionn go beo marbh,

is cliar Mhuire fá sgoith chnuas,

i bhflaithios Dé, thuas go hard.


29 A Mhaoil gan Mhuire, ataoi leamh,

dul ar neamh ní hé do thriall;

Maol gan Aifrionn, Maol gan ord,

Maol go hIfrionn is borb pian.


30 A Mhaoil gan chreidiomh, a Mhaoil gan Dia,

a Mhaoil gan Íosa is sia neart,

rachair síos go lasair ghéir

’s do bhean féin ar leath-láimh leat.


31 Lán do ghorta, lán do thart,

i mbrugh ifrinn - ní smacht gann! -

gan sholas, gan fhíon, gan cheol;

ní fhuighthí feoil Aoine ann.


31i Tigh Lucifer, carcair bhréan

- is nimhghéar do réir an tsailm -

lá Cásga, biadh iná deoch

ní fhuighe neoch dá mhéid gairm.


32 Ní fhuighe aird-easbag ná a bhean

ná suib-easbog nach glan gníomh,

bhrisios trosgadh, loisgios dealbh,

acht teine shuthain shearbh shíor.


32i Ré creidiomh ó chuiris druim,

ní fhuil mo shuim i bhfear mar sibh;

Maol gan Mhuire is Muire gan Mhaol -

t’ainm baisde sgaoil mar sin.


32a Maith an aithrighe, maith an déirc,

maith an urnaidhe shíor gan cheo:

an drong adeir nach maith an trosgadh

tiucfaidh lá bhus losgadh leo.


32b Mar do thriall Neamhruadh mhac Cúis

dol do bharr a dhúin go Dia,

Maol gan Mhuire ag tochailt díog

d’íochtar Ifrinn síos go ria!


33 A Mhuire mhór, a bhláth nach críon,

leabaidh Ríogh na Ríogh do bhrú;

a ghrádh croidhe, a chnú ghaoil,

bheith gan Mhaoil go maire tú.


34 Maol mór reamhar gránna dubh -

ní maith ar mhnaoi go gcruth chaomh;

do réir fhiadhnaise na bhfear,

ní maith bean ara mbí Maol.


35 A Mhaoil gan Mhuire, ná bí borb;

ná labhair ré Muire go garg;

feoil Chorghois is bean ar bord

olc an t-ord ag easbog ann.


36 Ringce, imirt, agus ól,

is bean óg dá fásgadh ribh,

bruidhean meisge, fíon Spáinneach -

ni instrument crábhaidh sin.


37 Do léigis amudha portús Dé

is portús Mhuire - clé an ceart;

och, mo náire! a chroidhe fhallsa,

portús Áine is annsa leat.

38 Ar phortús Áine ’s an diabhuil

- olc an riaghail fhir chrábhaidh -

do léigis, a Mhaoil gan Mhuire,

portús Mhuire ré fánaidh.


39 Leamsa ní hionmhuin bhur dtréan;

bhur gcreidiomh ní creidiomh cóir;

a dhream do chuir an chanóin ar gcúl,

beithí i ndún Mhamóin mhóir.


39i Do mhill bhur mbantracht an pobal;

lé conntracht fríoth bhur dtiodail;

do-chuaidh sin ó chéill chogair,

a chliar shodair ’s tréan gliogar.


40 A Mhaighistir Seidhin, coisg do Mhuire;

ataoi ar buile gé ataoi liath;

ná habair seanmóir lochtach

ní fiu Corcach dul ó Dhia.


41 A Mhaighistir na truidéise,

fuair san ghliogréis-se gradam;

ní thuighe Pól per librum;

sguir dod ghliogram glagrum.


42 Drong do sheduction lán

do chuir corruption sa chóir;

biaid na préláide gona gcléir

i bhfad i bpéin-phíoláid mhóir.


43 Do bhuaidhris Corcach uile

léad teagasg brocach caire;

annsa leat t’fhéasóg ná Muire,

a fhir gan géarson ar th’aire.


44 A chliar cholach cháineas Muire,

dar bhur láimh ní fhuighthí uaim

acht breath Bhreithimh sléibhe Sióin

lá bhur dtionóil thall Dé Luain.


45 A chliar is fallsa cumann,

go teacht dhamh in bhur bhfarradh,

bhur n-aoir mar so go hullamh

ag ollamh riamh dob annamh.


46 I mbealach coille nó i mbéal átha

tar sbarr amach dá bhfaghainn sibh,

a chliar do ghlac creidiomh fallsa,

do chaithfinn an ghlac rann-so ribh.


47 A Mhuire mhór, éisd mo dhán-sa

do sgríobh an lámh-so dhuitse;

adeirmid an t-aos dána

Virgo Clara do chuid-si.


48 An t-aos dána-so an Iarla

táinig i mbliadhna d’Fhódla

ní mholuid siad acht conntaois

ar a mbí bompís ’s bróga.


49 Ni fhuil ag Ó Mhaoil Chonaire

dán fa chomhair na hóighe

is deir seanchas gan duaise

do chliaraibh uaisle Fódla.


50 Do-ní Donnchadh an tSneachta

imreas bearta fa chéile

go lúthgháireach don chonntaois

pro bluinbís dána bréige.


51 Maoilsheachloinn Óg Ó Dáluigh

do-chuaidh ré fánaidh an uair-se

is mac Domhnoill Mhic Amhlaoibh

is riú shamhluighim an duain-se.


52 A gcairt cumaid i ndroch-dhatha:

bean Mhéig Carthaigh ’s an Bharraigh,

bean Mhic Mhuiris ’s an Róistigh

ar cóisir is mór mholuid.


53 Ní hé súd riot do-ghéan-sa,

a ghéag is sásta toradh,

acht molfaidh mise thusa

ós tú is usa do mholadh.


54 Is tú an ghrian is mó solas

is doras an tighe is áille,

lia ná gainimh do mhaithios,

is tú an flaithios is sáimhe.


54a Is tú réulta na mara;

is tú cara na héigin;

is tú an chomhla gan chliseadh;

do mhúr ’bhriseadh ní féidir.


55 Is derbhshiur thú dot Athair;

tú a mháthair is a inghion;

ina rígh is tú ar Teamhair

fuair na deamhuin do theilgion.

56 Do-níd ar dhuaisibh copair

dán, cidh docuir, do chonntaois -

na filidh beaduighe bréige;

biaid ag béiceadh in fundis.


57 Dob fhearr a dhéanamh dhuitsi

do réir mo thuigse pro auro

ná bheith in loco poenali,

cum infernali thesauro.


58 Aufer a nobis luctum,

scilicet per fructum vivacem;

da nobis virtutem;

da salutem et pacem.


59 Ní thiubhradh tighearna Caisil

- gibé fátha fá bhfuil a rún -

ar chéad marg don ór is áille,

maghisteireacht Áine do Sheaán Brún.


60 Bean is cosmhuil ré a céile

’s fear ris nach cosmhuil daoine -

ní Maol Mhuire acht Maol Áine

tug a náire ar fheoil Aoine.


61 Dá dtí Breithiomh an tSléibhe,

rígh is breithiomh is áille,

cuirfidh breithiomh gach tíre

rinn a chíre i Maoil Áine.


62 Ar ar gcreidiomh ná cuir seachrán

istigh ná amuigh ná ar cnocán

bean ar a bhfuil cnopán is rocán

a Mhaoil gan Mhuire, a Mhaoil gan atán.


63Ag seanmóir feola Corghais

- do sheanmóir, ní mé labhras -

t’an-ghlór gidh lór dhearbhas,

mó do shearbhas tú ná dumlas.


64 A Mhathghamhuin do shuaith gach baile,

dá bhféadthá do shuaithfeá an uile;

ní buachail ’s ní fear faire;

ní fhuil t’aire ar Dhia ná ar Mhuire.


65 Ní cinnte thú mar dhuine

a Mhaghisdir mhillte gach baile;

ní ghairmim dhíot acht fear buile,

do reac Muire ar fheoil ’s ar chaile.

66 Ní labhraim acht gné chóra:

ar ghrádh Dé, creididh, a dhaoine,

ní Maol Mhuire acht Maol Áine

tug a náire ar fheoil Aoine.


66i Beannocht chugad, a ghiúisdís,

’s cum injustis ná bí réidh;

gidh mór a fhéasóg ’s gidh flathamhuil

ní ghairmid acht Mathghamhuin féin.


67 A chliar Éirionn, a chliar na mban,

a chliar Saxan nach glan gníomh,

do-chuaidh bhur ndonas i gcló a chéile,

d’fhág an sonas Éire díbh.


68 Gibé ionadh i bhfuighthí cuid,

a chliar na mban mar do thuig mé,

teagh nach gnáth teine acht sneachta -

ní fhuighthí teach leaptha acht é.


69 An chliar abhus ’s an chliar thall,

ó láimh na comhairle is cam stair,

teagh na bpian nach glan pinniúr

fuaradar cairt ’s dinntiúir air.


69a Turas Phádraig ar an gCruaich,

a throsgadh san uaimh, féuch súd;

an chliar-so ann dá bhfaghaid neamh,

duine leamh mac Alpuirnn úd.


70 Bráithreacha ag Muire mhóir

is bráithre rér bheite súil;

a n-abair Mathghamhuin réar siair,

bheith ’na dhiaidh is dathamhuil duinn.


71 Gur mhaire Muire bheith gan Maol,

ríoghan neimhe is caoimhe cruth;

a Áine ar nach agraim gaol,

nár mhaire thú do Mhaol dubh.


71a Nar mhaire do bhútuis lom,

a Mhaol gan Mhuire is trom ar mnáibh;

nar mhaire thú, a bhráthair bhoicht,

do spuir go docht ar do sháil.


72 A Mhaoil gan Mhuire, a Mhaoil Mhéig Craith,

do-chím nach maith a n-abair sibh;

Maol gan Mhuire is Muire gan Mhaol -

t’ainm baiste sgaoil mar sin.

73 Íosa Críost do dhealbh neamh,

a Mhaghistir Seidhin is leamh clú,

dar anmain t’athar ’s do mháthar,

’s fearr do mhac mháthar é ná thú.


74 Conchubhar Ó Braonáin ’s Mathghamhuin,

dá thamhan d’fhás a haon-phréimh,

díol crochta iad is gadra,

dá chac madra ar aoin-éill.


74i Cá fad ó fríoth an dlighe nua

nár sgríobhadh roimhe ré haon;

do chionn go rug Muire mac

’na hóigh, atá mar gach bean mhaoth?


75 Sir Uilliam, Mathghamhuin is Maol

gan Mhuire mar aon ’s a mná -

a gcompráid re Muire mhóir

contrárdha dhóibh i n-aghaidh cháich.


76 Mná na dtrí n-easbog-so thiar

is bean an easboig ’s sia soir -

lorg an cheathrair shuibhsgéal séimh,

ni leanaid siad féin ná a bhfir.


77 Mná na n-easbog soilbhir séimh -

bíodh go mbeidís féin mar táid,

créad é sin do Mhuire mhóir

’s go rug ’na hóigh toirrchios tráth?


78 Gibé do-ní mar do-ní a lán

imirt chloidhimh dá láimh go glic,

mar gach easbog don triur thiar,

gan easbaidh do bhiadh air sin.


79 Spioraid mise d’aicme Bhriain;

bídh mh’aire ar Dhia cé bheinn bocht;

fán gconnlán easbog nach cáidh,

mo dhubhshlán go bráth ’s anocht.


80 Im easbog i gCeill da Luadh

do bhádhas - truagh a bheith dá lá! -

ó tú thall i dteach na bpian,

mall mo thriall mar atá.


81 Conchubhar is Mathghamhuin nach cóir -

ní flathamhuil a nóin go fíor:

cuirfidh ar máthair-ne, dár ndóigh,

athainne i dtóin gach athaigh dhíobh.


82 Bhur gcreidiomh damhsa ná moluidh,

a chliar fhallsa d’fhás anuruidh;

táidhthe do shliocht Cháin choluigh,

ní crainn thoruidh sibh ná thuruidh.


83 Mathghamhuin ré Muire a n-abair -

ná creideadh aon-duine aguibh

ní misde Muire ’na cuid choguidh -

seanmóir bhoduigh bhoig mhaguidh.


83a Muire do ghuidhe gurbh eagail -

a mhaghistir na buile ná habair;

a fhir inar fhás sodar,

le tobar na ngrás ná tagair.


84 Biaid na heasboig ’s a mná go trom

ag rádh easbart go searbh teann

i n-íochtar Ifrinn bonn ré bonn,

i bpoll na ndrithleann ceann ré ceann.


85 Cliar na mban nach abair trátha

cuirfidh Íosa ó a láimh dheis,

a bhean féin ar láimh gach easboig,

i n-Ifrionn ag rádh easburt leis.


86 Budh é sin an t-easburt searbh,

mar a bhfuighe sibh sealbh na bpian

- budh olc an ceol ’s a’ t-easbort -

mná na n-easbog agus iad.


87 I n-aghaidh fhuatha Sheáin Éadruim

féaduim lahairt go haithghearr:

do réir fhiadhnaise an fhíréin,

is fuath dínnéar gan Aifreann.


88 Uch! dá mbeith bhur n-aire ar Dhia

mar atá ar bhiadh is ar mhnáibh,

ní bhiadh sibh bocht glugartha leamh

’s ní rachadh neamh as bhur láimh.


88i Sagsa agus Éire go léir

tug aire ’chím ar bheith leamh:

is annsa libh mná agus biadh

ná Muire agus Dia agus neamh.


89 Droch-fhoghloim do chuiris i ndlús

droch-fhoghloim fuarais ar dtós;

t’fhéasóg liath gidh fada d’fhás,

grás Dé nochar fhás lé fós.


89a Do-bhéarainn beannacht ar do láimh,

a Mhuire mhór, dá madh áil leat,

dá mbuailtear ar naimhdibh Dé

chúig dhuirn, a sé nó a seacht.


89b A dó dhíobh ar Mhathghamhuin liath,

ar mhac Chonchabhair aniar ón bport,

gan chead dá mháthair ná dá mhnaoi -

an fear nár arduigh gnaoi ort.


89c Uilliam Ó Cathasuigh gidh teann

ar chlannaibh Gall is ní ar Dhia -

lán-dorn mór ar a dhúid,

istigh i gcúirt Átha Cliath.


89d Do-bhéaruinn beannacht don tsloigh

d’inghin Anna nar thoill guth

dá mbuaile sí dorn nó a dhó

ar Chonchabhar chrón dhorcha dhubh.


89e An bráthair bocht nach maith reacht,

Maol Mhuire Mág Craith i gclí,

nó go ngéille sé do Dhia,

dorn ar gach giall don daoi.


(b) Olc bhar dtoisg go Fir Manach

a Mhaoil Mhuire do theacht adtuaidh

d’fhág sé aguibh creidiumh an chlacthuill

do rug sé bhar gcapaill uaibh.


(c) A Mhic Í Mhóirín, dar leam,

do-chím id cheann ribe liath;

ná dén do dhán acht go fallán:

ní fiu gearrán dul ó Dhia. Léig dot chomortas dúinn