Poem in printable PDF format
Léigfead Aodh
d’fhearaibh Éireann
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), poem 12]
1 Léigfead Aodh
d’fhearaibh Éireann,
lór don
bhaisgheal bhairrshéimhsheang;
leision Éire acht
meise amháin,
a seise, a céile
compáin.
2 Ní fhuighinn
ionadh ag Aodh,
atáid uime ar
gach éantaobh -
ní-m-léigse i
gceann ó gCriomhthain -
na héigse is
fhearr d’Éirionnchuibh.
3 Ní meisde, ní
meisde sin,
féachfa mé re Mág
Uidhir,
mo rí Gabhra an
ngéabhadh lam
ó tharla um éanar
agam.
4 Éigean dúinne
déanamh air,
madh olc, airdrí
an fhuinn Mhanchaigh,
bas ghéigleabhar,
taobh mar thuinn -
do céidgheabhadh
Aodh oruinn.
5 Sgéal beag
uaigneach uime sin
inneósad d’Aodh
Mhág Uidhir -
gruaidh
fhionndaithgheal dá dtráigh tonn -
nách cáir
iomaithbhear orom.
6 Seacht bhfir
dhéag d’éigsibh Uladh
do-chuaidh
d’iarraidh ealadhan,
dál an chuaine
fhinn Ultaigh
go Cill Chluaine
i gConnachtaibh.
7 Do cheannchodar
muc is mart,
gabhsad na dronga
adubhart,
fíoch troda ar
gach droing don dáimh,
ag roinn a gcoda
i gcéadáir.
8 Fiarfaighis
fear an tighe
fan mart cia do
cuirfidhe,
nó fan
leabharmhuic dtruim dtigh,
don druing
neamhordhruic náirigh.
9 Tiad fan muic
d’aitheasg éinfir,
ní fríoth don
druing dhíchéillidh
acht éinfhear
amháin fan mart,
a dhéineamh géar
dháil deanacht.
10 “Nár thí mo
bheó choidhche ar gcúl,”
do ráidh fear aca
ag iompúdh,
“ón druing
caradsa ro-m-chuir,
raghadsa fan
gcuirr gcnámhuigh.”
11 Na seacht
bhfir dhéag - díochra an cion -
ní dheachaidh
díobh fa dheiriodh
fan mart
bhforthaisgheal acht fear,
smacht
orthaibhsean níor éidear.
12 Smuainidh, a
bhruinne bhántais,
mar thug iomad
omhántais
an t-aonduine
amháin ón mhuic,
a aoghuire Chláir
Chorbmuic.
13 Tusa aniú, a
mheic Mhég Uidhir,
ní guth orm gan
t’ionnsuighidh;
do chomhmoladh is
leasg leam
a measg ollamhan
Éireann.
14 Ní tásg
cruais, ní cogadh ruibh,
ní fuath, ní
héadóigh asuibh,
atá, a
mhíonghruaidh shídhe sheang,
dot shíorbhuain
dínne, acht doicheall.
15 Giodh maith
tú, ní thréigfinn ort
mo dhuine féin Cú
Chonnacht,
mo threise, mo
ghrádh, mo ghean,
meise fa lár ní
léigfeadh.