Poem in printable PDF format
Leigheas an
bheatha bás Dé
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 95]
1 Leigheas an
bheatha bás Dé,
ar mbeatha ’n-a
bhás do bhaoi,
geall re
beathaidh bás mar é,
grás Dé ní
dheachaidh fa dhlaoi.
2 Crú an ochta do
ainic iad
’n-a n-aighidh
gidh sompla súd;
ní dheachaidh
grás t’oidhir d’éag,
créad ar gcás san
oighidh úd?
3 [Mó as] domhain
do-chóidh i gcriaidh
ar gcobhair [ar
cóir] an taoibh
seacht dtroighe
dot oidhre i n-uaigh
doimhne
do-chuaidh goire ar ngaoil.
4 Dóigh eile dá
ndeachadh dhíom
brón ar seathar
linne is lór;
ar gcoimhdheine i
ndath a déar
sgath i mbéal
oirbhire an ógh.
5 A grás t’oidhre
dlighim dóigh
gidh leigheas dó
coimhdhe cháigh;
tiocfa fuaire a
thoile im thaoibh
uaidhe ’n-a
gaoibh goile gráidh.
6 Gidh domhain an
crannsa id chígh
- damhsa ní
docair do réir -
do-chuaidh do ró
toile im thaoibh
tar gaoibh cró
[san] chroidhe céim.
7 An fhuil nach
uaras a luach
do ghuin is
uamhan gan fháth;
[an] ghuin chíche
dhuid budh díoth,
ní fríoth tríthe
acht cuid do chách.
8 An ógh ler
ceileadh do cheart
is lór do
leigheas mo locht;
deirge ’n-a
deoraibh ós t’fhiort
do fheoghaigh
sliocht t’fheirge ort.
9 An díol cóir ní
aghthair uain,
do chóir is
cosmhail gur shín;
déanadh tú éigion
madh áil
ní héidior cáir i
gcrú an chígh.
10 Ná labhair a
léigior dhíot
it aghaidh gur
éirigh siad;
ní bheanta íoc
oile it éag
dhíot mása tréad
oile iad.
11 Long
easbhadhach inn gan iul
nar fhill ó
mhearughadh mhór;
briseadh síodha
dá dtí im thaobh
saor ar ndíona
budh hí an ógh.
12 Mór críoch a
shuirghe rem shiair
nach fríoth acht
le fuighlibh rúin;
do reac aingeal
fheis re hóigh,
nír dhóigh leis
nar dhaingean dúin.
13 Dá mbeath go
dtuillinn gan triall
san teach fa
bhfuilim go fuar
meinic ag tochta
go teagh ríogh
fear budh díol a
obtha uadh.
14 Ar mbuainne
rer mbráthair féin
a álaidh uaisle
do fhuaigh;
do shín doilghe
tinne an taoibh
girre gaoil [an
oidhre] uain.
15 Fiu a hóighe
mar fhéachadh dhí
ar gcóirne do
léigeadh lé;
teach idir
ríoghain is rí
ní bhí a leath ag
díoghail Dé.
16 An fhuilsin do
fhuasgail cách
d’uaisle na fuile
[nach] féach;
cionnus
do-roighne sé síoth
díoth oidhre más
é do fhéach?
17 Síol dá
bhfuighthir cobhair cháigh
domhuin do
chuiris i gcriaidh;
an dearg
do-ríneabhar róinn
cóir míneaghadh
dealg ’n-a dhiaidh.
18 Baoghal go
bhfoghthar ar bhfaill
ón torchar ler
saoradh sinn;
mairg dhuid do
ragha do roinn
do chuid chroinn
dá [n-agha] inn.
19 Deoch domluis
nar dhlighis d’ól
do ibhis dar
gcomhdha i gcuan;
beag le ar siair
a n-ibhe d’fhíon,
síodh i ndiaidh
na dighe is dual.
20 Crú an ochta
dá chora i gcruth
nach omhan [ar
dtochta] as-teach;
do-bhéaradh
t’fhearg eol a-mach
sgath dealg ’n-a
beol muna bheath.
21 Nírbh fhiu a
fhine a ndearna dhóibh
crú cridhe is
dearnonn do dháil;
gidh lór doimhne
cneidhe an chígh
reimhe do-chím
coimhdhe cháigh.
22 Ar dtocht dar
gcoimhdheine i gclí
a oirbhire ag dol
fa dhlaoi;
do luigh cóir ar
leinbne lé
do-chóidh ré na
feirge faoi.
23 Más lá
dealaighthe lá an Luain
i n-ar
ndeaghaidhne a-tá tóir
a bhfuil do
mhoille mná im shiair
biaidh lá na
coinne san chóir.
24 Mac óighe nach
mac do mhnaoi
ar gcóirne dá
char i gclí;
ní mac fíre don
óigh é
cóir Dé nó go
síne sí.
25 Ní neimhnighe
nimh an taoibh
deirgithir libh i
ngach láimh;
domhain do
cuireadh san chígh
fuigheal shíl do
chobhair cháigh.
26 Dá mbeath agra
im chionn fan gcíogh
bean dá tagra
liom is lór;
cuimhnigh dá dtí
thar an taobh
gur daor do
fhuilngigh í an ógh.
27 Nír dhual
t’éimdheadh d’oidhre Dé
ní foighthe
éinbhean mar taoi,
faghthar go maith
ar óigh é
cóir Dé munar
mhaith do mhnaoi.
28 Guin deilge
leat i ngach láimh
mar sheilbh ar mo
theacht i dtír;
do chongaibh tú
toil an ghaoil
don taoibh
as-toigh do chrú an chígh.
29 Gér ghnáth le
cách romhuibh riamh
na mná don
chonair do chlódh,
dá lucht iomuidh
do bhean buadh
an fear do bhual
iomuidh ógh.
30 Díon m’agra
dob fhiu mo shiur
gan tagra fad
chrú do-chím;
ní thug tú i
n-aisgidh don óigh
do chóir ar
bhfaisgin crú an chígh.
31 Acht t’oidhre
i ndeacra far ndíon
nír leaba
oircheas an uagh;
beag lé do
chodail an chíogh
ar síodh do
thogaibh sé suan.
32 A déara
deargfhola id dhiaidh
do cheannchodar
séala ar sídh;
buain a bosaibh
óighe ar t’uaigh
uain fa chosaibh
cóire an chígh.