firstLine"; ?>

1209. Leigidh dhamh mo Dhomhnall fein $
Length: middling 20qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 11(E/iv/3) Aindrias MacCruitin 1727
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no. 19
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. imagery for role of poets
  3. the writing of poetry
  4. liberality to poets
  5. Foreign conquest of Ireland
  6. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. Lochlainn Og (RIA 11)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Domhnall
Patron Surnames:
  1. O Briain ?d. 1579
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Léigidh dhamh mo Dhomhnall féin


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 19]


Lochlainn Óg Ó Dálaigh .cc.


1 Léigidh dhamh mo Dhomhnall féin,

a éigse Innse saoirNéill,

sul do-cluintir ós aird inn

in gach aird uichtghil d’Éirinn.


2 Siobhlach oirbh as gach ionadh,

ag teacht orm dá uaisleaghadh,

an choimhlingse nár aniogh,

a dhámh ghoirminnse Gaoidheal.


3 In bhar dtíribh féin feasta

anaidh, ní hiúl éigcneasta,

nós na nGallsa ós éigean ann,

léigear dhamhsa mo Dhomhnall.


4 Mithigh dhúin, seachnaidh sinne,

nó bíom coimhdheas cointinne:

fám chuid don Bhrianfhuil a-bháin,

ná hiarraidh truid ná teangmháil.


5 Nach diongnainn a dhíol molaidh,

don dáimh doirbh an bharamhail;

ní díol aor d’aoinneach amháin

an saor, an daoineach dreachnáir.


6 Breath dlighidh gnáthchúirte Gall

ní bheanfaidh díomsa Domhnall,

fada atá sin ’nar seilbhne,

rém lá ribh ní roinnfimne.


7 Ní thiobhrainn do chléir cheannaigh

mo chliath fhosgaidh fhuairearraigh -

ní gar fáth frithbhéime dhó -

mo sgáth sithghréine i samhló.


8 Fám gheall táille i dtigh n-óla

leam ní fhuiltí ionchóra,

a dhream dán doibheanta dhamh,

fám gheall oireachta is éarlamh.


9 Mo chuan téigle i dtaoibh tráchta,

mo dheór aille fhionnMhárta,

m’fhearann saor, mo choimhéad cruidh -

ní foighéag mo chraobh chnuasaigh.


10 Oram a chliar, ná cuinghidh

mo bhreac sruithgheal saorLuimnigh:

mealltair lé sgéal gach sgoile

m’éan a seabhcaibh Síodhoire.


11 A ró oinigh ar n-agra,

leór d’éigsibh dá ionnarba;

fáth sgís ar n-eolaisne uaidh,

mo ghrís beoluisne bhiothbhuain.


12 Coill gríbhe na ngleodh nimhe,

nó slad nathrach neimhnighe,

toidheacht don iathsa gan fhios,

d’oireacht d’iarsma na n-éigeas.


13 Toisg an ainmhidhe allta

téid san leabaidh leoghanta -

beart robhaoise nach réidh d’fhior -

béin fám fhoraoise d’éigean.


14 Cuairt fhaolchon d’fhoghail tréada

láimh ré lucht a gcoimhéada

bhar dtoisg, a chliar, tar Chloinn dTáil,

ag triall fá choill mo chompáin.


15 Lámh i n-aghaidh airmreann n-áith,

nó argain beach brugh bhfionnbhláith,

cur im cheann fám chéidfhear ngráidh,

a dhream dárbh éigean mh’éadáil.


16 A ndiúltadh níorbh eól uaidhe -

tig an t-éigeas aonuaire

’s an gnáithfhile doirbh ’na dhiaidh,

tar bhláithfhine soirbh saoirBhriain.


17 Dul i seilbh chosanta a chruidh

ar éigsibh Innse Cobhthaigh,

flaith úr nach séadarsaidh soin,

éagcosmhail dún a dhéanaimh.


18 An troidse do-ním aniogh

lé gach druing don fhóir fhileadh,

troid bathlaigh lé buidhnibh sluaigh,

a shuilbhir athlaimh armruaidh.


19 An tan nach tabhair tú féin

congnamh damh fán dáimh d’aimhréir,

an riamh fád chlú nár chumhgaigh;

ní ciall tú do theasargain.


20 Bheith dá laoidhibh i leabhraibh

i ndiaidh mheic mheic Toirdhealbhaigh,

buaine leam ná cogail chruidh

mar gheall don bhogfhuil Bhrianaigh.