Poem in printable PDF format
A sháith d’oighre
i n-ionadh Bhriain
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 29]
Maoilín Óg cc
1 A sháith
d’oighre i n-ionadh Bhriain
[coimhdhe] san
ionadh a n-uair;
do-ní a leas is a
leas féin
ní dá gach cléir
teas is tuaidh.
2 Aithris mhaith
ar Brian do-bheir
gach flaith gá
riar nó go raibh;
is le cliaraibh
cáin an fhir
gérbh áil libh a
hiarraidh air.
3 Mág
Shamhradháin re bhfill fóir
rinn gach
armagháidh rob [áil];
cá tarbha breith
ar na buaibh
buain re cleith
n-Annla ó nach áil.
4 Tomás mhac
Briain bhronnas sgor
biaidh ar a
chomas a chrodh;
ní sgítheach
bhfaghla barr Breagh,
cá tarbha seadh
ann i n-or ?
5 Craoiseach
croinn leabhair n-a láimh
do bhoing tre
chneadhaibh i gcriaidh;
druim an fháinne
sa gcrann cruaidh
do-chuaidh ó
bharr Gháille i ngliaidh.
6 Leomhan conchar
ó Chreit Rabh
gleic re chonfadh
ro badh cion;
ar ndol tre
chairthe ó bharr Bhreagh
do bhean lann dá
aithle d’fhior.
7 Gabh an rannso
dhó dom dhán,
gan chradh damhsa
ní dó as dual;
áirmhid gach
maith do bhí ar Brian
gach cliar, a
fhlaith Lí, god luadh.
8 A shlógh fhir
na n-abhra ndubh,
gé tharla ibh ag
ól fhleadh,
is romhaibh budh
chóir a chur
[a] ndul
[thoraibh] go Bóinn mBreagh.
9 A chath
marcaigh Mhoighe Réin
[gan n-a
chartaigh] shloighe shluaigh;
créacht nocha
dtabhair an tóir
ná róigh éacht
n-a aghaidh uaibh.
10 Binn an
comhrádh do chan mé
re hó gColmán do
ghabh gnaoi:
“Ar glór do
shuirghe, a fhlaith Lí,
do bhí cuimhne
mhaith ag mnaoi.”
11 Cá hoireacht
nar loisg go léir
do choisg a
toigheacht dod thóir
ag teacht do
ghéig Theamhra i dtír
bídh a meanma
[n-a] méid mhóir.
12 Creach a
fhaghlaidh ag an fhior
dar fhalmhaigh
teach agus tor;
dá dhíon dá éise
do an
mar do ghabh
gríobh Chéise crodh.
13 Doirbh a
leanmhain ar mbreith bhuair
ar mbeith a
theaghlaigh re thaoibh;
a n-aghaibh
cleath Eine d’fhóir
nach dóigh creach
eile ar a aoidh.
14 Lucht foladh
nach [dóigh] do dhul
ar a omhan
do-chóidh car;
inar thugsad
aithne ar barr mBreagh
fear n-a aithle
ann nír an.
15 Leathar leis
gach breath ma mbia;
cá neach ar nach
ceis a clú ?
gidh mór an síoth
dó cleith chró,
ro bo mó a dhíoth
bheith gan bhú.
16 A throigh í
Cholmáin a Cliaigh,
do roghráin i
dToigh an Trír;
beag nach creach
slighe bhur sluaigh,
ní fhuair a leath
tighe i dtír.
17 Fatha a
gcagair do-chluin sé,
gach a n-abair a
bhfuil faoi;
budh iad do
sgéala, a fhlaith Lí,
gach ní maith
a-déara an draoi.
18 Glór slóigh re
hó gCuinn a Cult:
“Dá dhruim is
dóigh [doid] clódh cniocht;
aince an duine do
fheall ort
ar dtocht [i
gceann uidhe] ar t’iocht.”
19 Glór a
bhiodhbhadh re hó mBriain
ar n-a gclódh,
gidh [diombladh] dáibh:
“Ní har an arm do
bhí buaidh
acht buain, a
bhadhbh Lí, red láimh.”
20 Mac meic
Dhonnchaidh dreach mar shuibh,
ni toghthair acht
breath dá mbeir;
gach fear fial
tarla i n-a thigh
[do riar] fhir
Bhanbha do-bheir.
21 Nocho lamhair
dol n-a dháil,
ní tabhrair crodh
acht i gcéin,
ní iompá cleath
Eine ón fhóir,
go róigh a
chreach reimhe ní réidh.
22 Arm trom do
bhuille do bhlagh
don chronn rob
uille san fhiodh;
is iad ro fhill
ag baidhbh Bhreagh
na hairm do bhean
inn ó fhior.
23 Mairg duine ná
dearna rioth
re n-ó Meadhbha
Muighe Rath;
ní thug dá úidh
san uair each,
nír smuain leath
a chúil re cath.
24 Mág
Shamhradhán ro shaor sgoil
raon tre
bhadhthraghádh do-bhir;
bídh neimh ar
fadhbhaibh ó bhfuil
[fan] ghuin sin
d’armaibh an fhir.
25 Mac Maoile
Meadha is maith linn
dan deala
[caoine] a raith rinn;
gach conair do
chreach ó Cuinn
ní bhuing cleath
Chodhail re cill.
26 Ní ghrádhaigh
ó Cuinn an cradh
gan bhuing a
chrábhaidh [re cion];
nocho tabhair i
séad seadh
géag Bhreagh acht
dá fhaghail d’fhior.
27 Tomás mhac
Briain, barr na lúb,
ní mall acht [ón]
ghliaidh an ghéag;
flaith Taoidhean
gé do fhóir iad
slóigh Liag [ní
maoidhear a mhéad].
28 Craobh
dhruimneach ós a dhreich mhín,
a bhruinnleath gá
cleith do chlúimh;
taise nó gur
chlaon an gcéibh
ní léir re taobh
caise an chúil.
29 Lón gach
cléire i ngroigheach geal;
oineach í
Chréidhe is mór mion;
[gon] tí gar
adhair géag Gamh
séad dá rabh
aghaidh gon fhior.
30 Airgfidh gach
neach ná fuil faoi
n-a theach acht
muna thoir sé;
ag feitheamh gach
neich fa ní
[a mbí] ag
teicheadh re cleith gCé.
31 Mairg as
bhiodhbha dá bharr thiugh
[nochan] iomdha a
chlann ón chion;
ní mairg dan cara
ceann Breagh,
teann do lean a
fhala d’fhior.
32 Gach ionbhaidh
ro ghabh a ghreim
an cradh dá
bhiodhbhaidh gur bhuing;
ó nach é bhus
urra inn
ar mhill sé is
cuma d’ú Chuinn.
33 Ní meinic
bhíos aghadh air
an talamh fa
chíos ro chuir;
moltar aisdear
each an fhir
ba sir cleath
Mhaisdean dá muin.
34 Tomás mhac
Briain barr mar chnú
biaidh a chlann
ós mhac gach mná;
léim a fhoghla ó
rígh ní ria,
go gcongbha Dia a
thír mar tá.
35 A sháith do
mhnaoi ag oighre an fhir,
a gnaoi nocho
coimhdhe chruidh;
an chraobh ní
ghéabha fa ghroigh,
éara as-toigh ar
aon ní fhuil.
36 Nualaith riamh
ní docht re duain
gach cliar ag
tocht tar an treoir;
ní reich a
diomdha ar a dáimh
gidh iomdha
dháibh go gcleith gceoil.
37 Inghean Méig
Uidhir ucht nua
n-a bruidhin a
lucht re lá;
gidh iomdha
flaith im chraoibh gCró
is mó do shaoil
maith na mná. A sháith
38 An rannso dhó
ar a dhuain féin
feirrde a-chách
Tomás mar tá;
iomdha giall n-a
thigh ón treas
riar an fhir a
leas re lá.