Poem in printable PDF format
Leis féin moltar
Mág Uidhir
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 22]
Maoilín Ó an
Cháinte .cc.
1 Leis féin
moltar Mág Uidhir
scoth Gaoidheal
Fhóid fhinnFhuinidh;
bos tseng
do-chuaidh ó chomhar
uaidh is fherr a
adhmoladh.
2 Triath Éirne
érus comhaidh
dó féin as fer
adhmolaidh;
lámh dhoghonta is
doilghe a n-ágh
oighre somholta
Siobhán.
3 Ní hiad
briathra a bheoil chorcra
dó so is slighe
adhmolta,
gidh inmhaoidhimh
ní háil leis
a ndáil
d’iolmhaoinibh d’aithris.
4 A mhedh dá chlú
chuiress sin
ní hé mholas Mág
Uidhir;
ciodh adhbhor mór
dá mholadh
glór anrodh nó
ollamhan.
5 Ní hiad éigsi
indsi Fáil
as mó mholus mac
Siobháin
- ua na ríogh
ccobhsaidh ó Cholt -
acht gníomh an
Chonsoin Connacht.
6 Aige as lia
lucht a mholta,
Cú Chonnacht,
cruth séghonta,
a shaoirthréighe
ac labhra lais
caoimhchéile
badhbhdha Bernais.
7 Cleachtaidh na
hairrdhe is fherr d’fhior
gníomhradh ard is
uaill ísiol;
triath oirir
fhíonchrú Uidhir,
fíorchlú oinigh
arduighidh.
8 Cruas láimhe re
lind catha
cleachtaidh fós,
feidhm ardfhlatha,
is réidhe athaigh
oile,
céile Achaidh
Iúghoine.
9 Gnáth aige re
hucht bhfoghla
rún fraochdha,
fuath agallmha,
biodhbha Cláir
fhindlesaigh Fháil
a láibh imresain
d’fhaghbháil.
10 Bídh aige ar
uairibh oile
menma réidh, ró
ionmhoine,
craobh is cumhra
don Chollfhuil
nár fhaomh umhla
acht d’anbhonnaibh.
11 A bhretha
saora socra
bíd dó ag
déineamh adhmolta,
cend comhdhála
cléire Ó cCuind
céile connmhála
an chomhthruim.
12 Dlighidh
airdrí aire ar smacht;
a-tá ar cuimhne
ag Coin Connacht,
rosg
maillniamhdha nár mhoigh mionn,
toil daighriaghla
co ndlighionn.
13 Cumhain leis,
ní léicfe de,
cerd daghríogh,
dála mince,
beith aobhdha is
natharrdha ar nimh
caomhna a
atharrdha ar éigin.
14 Do nós
Chairbre fá caomh cruth
gabhais airdrí
Fher Manach
comhairle Cormaic
tar cách,
forfhuighle is
orrdhairc n-imráth.
15 Mór tárraidh
don teguscc ríogh:
díden córa, cosg
feilghníomh,
bac gliadh,
gabháil ac ceallaibh,
fagháil giall ’na
ghéibheandaibh.
16 Maith
choimhédus craobh Uladh
gan cor lé, gan
laghdughadh;
dér dílinne an
eoil oirrdhric
fírinne a bheoil
bhriathoirghlic.
17 Móradh
neimheadh, neamhthoil gliadh,
cleachtar fós re
flaith Oirghiall,
gníomha ferrdha,
fuath d’fhoghal,
menmo tuath do
tháthughadh.
18 Tréighe laoich
lesa Monaidh
é féin eisde
adhmolaidh;
cend an tshluaigh
armtha ó Emhain
tuar anma ’na
airrghenaibh.
19 Nírbh iomdha
mar Coin Connacht
riamh re a chor
’na chonchlonnacht;
ós tiormThulaigh
na tTrí bhFer
rí budh
imchubhaidh d’áiremh.
20 Tarrla ar an
Ghréig uair eile,
rí tréimhsi a
dtús aimsire,
fer dár thuair
oirbhert umhla
fuair oighreacht
a atharrdha.
21 Deighrí
oirrdheirc is fherr sdair
dob é a ainm
Alax-anndair;
ní fríth
conchland d’iath Eorpo
do thriath
chomhthrom chineolta.
22 Gabhthoir
leis, fa lór d’onóir,
rí díles puirt
Phartholóin,
troigh bhonnbhán
far mhíne an mhuir
ríghe an domhnán
mur derbhthair.
23 Tuc annsein
Al[a]x-anndair
fógra n-annaimh
n-iongantaigh,
far bhen don uile
umhla
feadh na cruinne
cetharrdha.
24 Dob é, mur
aithrisdior air,
cúis fhógra
Alax-andair
gan a mholadh
d’aon oile,
craobh gan omhan
n-iorghoile.
25 Lór lemsa, ar
deghrí an domhain,
damh do dhénamh
adhmolaidh,
ní budh léir
d’aighne a n-inadh,
m’airrdhe féin dá
bhfoillsiughadh.
26 Nírbh áil le
hAlax-anndair
d’éis a n-uair do
chumhachtaibh
ró adhmolta a
mhaith dá méid,
an fhlaith
armghonta ó fhinnGhréig.
27 Ní lamhthaoi
le linn an ríogh
a mholadh - gár
mhó soighníomh ?
nír thuill séd dá
ghruaidh goradh,
fuair iar n-ég a
adhmoladh.
28 Gach
deighgníomh dá nderna sin,
scríobhaid d’éis
Al[a]x-anndair,
tar méd maoithe
ar a menmain,
draoithe Grécc a
nglanleabhraibh.
29 Dob fhiú a
airrdhe an uair do mhair
fada is beo cidh
bé mholtair;
mairidh gnaoi an
ghlaicleabhair ghloin
ón Traoi
thaitnemhaigh thrédaigh.
30 Inand
d’airrghenaibh iad sin
Mág Uidhir,
Alax-anndair;
fiú a dtréighe
méd a molta
dá ghéig réidhe
riaghalta.
31 Mur táid a
airrdhena iar n-ég
ag cur chlú
flatha findGhrécc,
ac moladh chéile
Chraoi Airt
a dtréighe gach
laoi ag labhairtt.
32 Mac Filib,
féinnidh Cunga,
gér mhór d’inmhe
etorrae,
Al[a]x-anndair
shluaigh Ó cCuind
fuair a ardbhladh
a urruim.
33 Éigen uirrim
d’fhior a ghníomh,
ní mhaith cert,
ní iarr fhairbríogh;
rí croidhethais
cruaidh fedhma
sduadh oireachais
fhindEmhna.
34 Posd
cothaighthe cland cColla,
sgoth rígh Lesa
Liathdroma,
bas mhérchorr
dhonnmhálla dhil,
féthlonn
connmhála an chúigidh.
35 Cú Chonnacht
cuingidh Éirne,
beithir na mbert
n-indéinmhe;
sgiath ríghruidhe
ó cCondla a gcath
comhla mínmhuighe
Manchach.
36 Iollánach
oirir Emhna,
leomhan loitmher
loinnerrdha,
fís ríghéigne ó
Bhóinn Bhregh,
nách dóigh
fíréigne d’éinfher.
37 Seabhac aille
Esa Ruaidh,
branán déd
d’fhoirinn armruaidh,
damh ré ríghthána
berta,
ré síthchána
soineanta.
38 Ní maoite do
Mhág Uidhir
a chlú dá mhéd
molfuidhir;
fagháil clú ’s
nár éimidh ort
ad tfhéinnidh, a
Chú Chondacht.
39 Gan fheirg gan
aigneadh n-iomdha
anois gé taoi ad
thigherna,
do bhí ar
mínfonnmhoigh bláth Bregh
sgáth re
t’fhírfhoghlaibh aimser.
40 Ní do ghuais
h’iomghona ort
do thréig tusa, a
Chú Chonnacht,
ar son an anma
oile,
do thoil fhaghla
is iorghoile.