firstLine"; ?>

1211. Leitheid Almhan i nUltaibh $
Length: long 43qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. RIA 475 (24/P/25) 16th c. L. Cl. Suibhne
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 27
Motifs:
  1. envoi to wife Grainne
  2. mercenary soldiers
  3. War with English
  4. Inauguration
  5. king’s officer [constabla]
  6. Hostages
  7. Historical Comparison
  8. allusion to Fiannaiocht
  9. house
  10. music
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall mac Mathghamhna (RIA 475)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Toirdhealbhaigh
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne (fl. 1587)
Apologue Subclasses:
  1. ‘Fionn’ prophecies of Colm and Seadhna
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Leithéid Almhan i nUltaibh


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 27]


1 Leithéid Almhan i nUltaibh,

ar bhuaidh chatha, ar chumhachtaibh;

ar dh­íon Bhanbha na mbrugh bhfionn,

ar sgur fhaghla na hÉirionn.


2 Ar chur gcliathcha, ar chorcradh reann,

ar cheól, ar chluichibh fidhcheall;

ar shúr éachta, ar shúr sheilge,

ar rún déanta díbheirge.


3 San chéidriocht i raibhe riamh

atá Almha Ghuirt Ghailian

’na mionn toighe claichthigh cuir,

nó a haithghin oile i nUltaibh.


4 Seachnóin Éireann, Inis Bhreagh,

amuigh ó laochraidh Laighean,

go dtarla d’Fhánuid Uladh,

tánuig Almha ar athrughadh.


5 An múr do bhí ag Fianuibh Fáil -

tarla ar­ís i Ráith Maoláin,

nó ráith is casmhuil cuma

don ráith arsuidh Almhunda.


6 Samhuil d’Almhuin an fheóir bhuig

’na reachtuibh féin i bhFánuid;

samhuil d’fhéin Almhan inte -

an tséimh armghlan innillte.


7 Dá dteagmhadh nách í Almha

a­n múr éadrocht allmhardha,

cur gill san aitreabh oile

re glainteagh Fhinn Almhuine.


8 Gér dheacuir barr do bhuain di -

céadAlmha Cloinne Baoisgne,

ráth na mbeann gcathardha gcuir -

fearr an athAlmha ar fhéachuin.


9 Mó a líon do láthaibh goile,

mó a macraidh, mó a banchuire;

lia d’ollamhnaibh téid don toigh,

fa ghéig mongabhraigh Murbhaigh.


10 Lia d’aithearrach aosa ciúil,

do lucht sgaoilte sgéal dtaidhiúir,

do mhnáibh ríoshluaigh mhóir mheanmnaigh,

ag síoruaim ó­ir ildealbhaigh.


11 Do dháileamhnaibh ag dáil fhleadh,

do chloinn ríogh ag roinn gheimheal,

do shéadaibh cáich dá gcomhroinn,

san ráith tréadaigh thobarmhoill.


12 Saoire teaghlach an toighe

ná muintear Fhinn Almhoine;

geall ón Fhionn roimhe rachaidh

don Fhionn oile d’Ultachaibh.


13­ Tusa, a Dhomhnaill, a dhreach bhog,

it Fhionn chéadna a crích Fánod -

clár srothmhaordha na sreabh nglan -

ag comhchaomhna fhear nUladh.


14 Ní bheanfaidh duaigh ná dochair

re Tír Conuill chiúnshrothaigh

nách díbh dleaghair a diongbháil

don tír ealaigh imiolbháin.


15 Go Magh Luirg don leith eile,

go Finn, díot do dlighfidhe,

go bruach Toruighe, a ghruadh ghlan,

foruire a cuan ’sa caladh.


16 Faire leabtha ar luighe ríogh,

réiteach caingean, cosg eissíodh;

dul dó i gcliathaibh tar a gceann,

mó dot fhiachaibh nách áirmheam.


­17 Deireadh i gclódh tús ag tocht -

síol gConuill na gcolg n-éadrocht -

i gcrích námhad do-ní sibh,

a rí Fánad, dá bhflaithibh.


18 L­e síol gConuill, dá chionn sin,

sochair nách éidir d’áiream­h,

ar Crích mbuig bhfionnshlaitghil bhFloinn,

tiodhlaicthir dhuid, a Dhomhnaill.


19 Id láimh dlighthear, a dhealbh shídh,

sealbh na ríghe ar n-éag d’airdrígh,

rí oile nó go n-aghar,

ó bhfoighe sí a sealbhaghadh.


20 Do dlighfidhe dod dheirc mhoill

leathuille dheas Í Dhomhnoill;

sibh, a rí, uirre dh’ionadh

do-ní an uille dh’uaislioghadh.


21 Mac Suibhne an tráth fa dtugthair

ort, a ghnúsnáir ghuasachtaigh,

téid beirt Í Dhomhnoill Doire

dod dheirc mhongmhoill mhaordhuidhe.


22 Atá id dhlighiodh, a dhreach náir,

fear comairce do chongbháil,

gan chóir ’na ghníomh d’iarraidh air,

bliadhain dá dhíon id dhúthaigh.


23 Bó as gach seilbh, torc as gach tréad,

luach an chúigidh do choimhéad;

géag abuigh do lár lubhghoirt,

lán aguibh gach abhullghoirt.


24 Malairt innmhe ar h’aghaidh nduinn

dá sireadh rí clann gConuill,

is é do ionnmaoid oraibh

sé d’iomlaoid nár fhóbrobhair.


25 Dá dtugdais clann Dálaigh duid

dá urdail nó a trí a dtuguid,

mó dh’anáir do thoill tusa

d’fhagháil ón chloinn chéadnasa.


26 Tú gein shochair síol nDálaigh,

tú a n-éanoireas annálaidh,

tú dá dtuathaibh is teagh séad,

tú a mbuachail cean do choimhéad.


27 Tú radharc súl sluaigh Bhearnais,

tú taibhgheóir a dtighearnais,

tú an aonchnú do-chóidh ós choill

do fhóir ar chaomhchrú Chonaill.


28 Tú a sgiath díona i ngurt ghábhaidh,

tú thaibhgheas an dtromchánaidh

do bhí ar Éirinn ’ga n-aithribh,

sí i ngach éineing átaighthir.


29 Tú codhnach cloinne Suibhne,

tú Fionn ar gC­láir Chonuillne;

tú do-ní aithris ar Fhionn,

a rí do aithris Aoibhioll.


30 ­Mór na tiorchanta at­á lionn,

ó­ naomhaibh uaisle Éirionn,

fad chúl slim barrbhuidhe bog,

ar tharnguire an Fhinn Fhánad.


31 C­olum ar tús do thairngir

don chrích Ultaigh abhaillghil,

fa chlár bhfionn na bhfiodhbhadh lag

a ndiongnadh an Fionn Fánad.


32 Do gheall go gcuirfeadh i gcruth

críoch Laighean, Tuatha Teamhrach,

go rachadh cluain, d’easbhaidh fhear,

gan bhuain fan Teaghsoin Tailtean.


33 Tar gach sgéal dár sgaoil Séadna,

’na naoidhin óig fhíréanda,

tig maicleanabh na mionn ngrod

tar Fionn bhfailtleabhar bhFánad.


34 “Diombáidh liomsa,” arsin leanabh,

“a gcuirfe Fionn failtleabhar -

tug lán do mhaothchroidhe mé -

d’ár bhur laochroidhe, a Laighne.”


35 “I gcrích Laighean - lór do bhroid -

ní fháigfe an F­ionn a Fánoid

acht mná,” ar Séadna, “ag ar gach fhuinn;”

an chéadna do chan Coluim.


36 Tusa an Fionnsoin a Fánaid,

tú shaoilid do sheannámhaid

do chur na tairrngire asteach,

’sdo chur ainbhfine a hUisneach.


37 Cuirfidhir ár Laighneach libh,

do-bhéaruirse, a bhas dílligh,

lí an smóil ar geiltighibh Gall,

dom dhóigh creidfidhir Colam.


38 G­earr go maoidhfe, a Mheic Shuibhne,

ar thriath ar gcrú Conuillne,

faghail Fódla ó b­heinn go beinn,

is danair d’fhógra a hÉirinn.


39 A mheic Toirdhealbhaigh, tug sibh

comhardha dan cóir creidimh

anú ós Fhánuid ealtaigh

go dtánuig tú id thairngeartaidh.


40 Almha Laighean na learg mbog -

do thógbhuis, a Fhinn Fhánod,

leithéid a crannghal ’sa cluidh,

leit­héid Almhan i nUltuibh.


41 Rogha do ríoghmhnáibh Uladh

ruguis, a rosg abhradhubh;

mo chean fhear tug ar tosaigh,

mo chean rug an roghasain.


42 Ros­g neamhluath ar néimh ghloine,

inghean ríogh Beann mBaghoine;

béal ren samhalta snuadh subh,

gruadh adhanta nár hadhnadh.


43 Ní thiocf­adh bean d’iath Uladh

d’fhior Ghráinne do ghnáthughadh,

ní thiocfadh dí acht fear féile,

mo chean dan í is aoinchéile.