firstLine"; ?>

1212. Leo fein cuirid Clann Iotha $
Length: very long 46 qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 888 (12/F/8) O’Curry trscr. of RIA 5
  2. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
Prints:
  1. transl. Misc. Celt. Soc. pp. 352-69
Motifs:
  1. envoi to patron’s wife
  2. Envoi to BVM
  3. moral qualities of woman patron
  4. nobility of ancestry
  5. generosity to poets
  6. poet inciting to war
  7. War with English
  8. English conquest of Ireland
  9. function of kingship?
  10. legal terminology (agra, coir, eiric)
Poet Christian Names:
  1. Fear Feasa (RIA 5)
Poet Surnames:
  1. O’n Chainte
Patron Christian Names:
  1. Conchobhar mac Finghin
Patron Surnames:
  1. O hEidirsceoil fl. c. 1617
Apologue Subclasses:
  1. Milesian Invasion: death of Ioth
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Leo féin chuirid clann Íotha


[Text below from RIA 5 (23/D/4), p. 197; published with translation in: J. O’Donovan, Miscellany of the Celtic Society (1849), 352-368]


Fear Feasa Ón Cháinti cecinit


[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Leo féin (clann) cuirid clann Íotha

fada a-tá rún roidhíotha

iona ccroidhibh ceann a cceann

fa cheann oirir na hEireann.


2 Ní le sliocht Éimhir na Ír

chuirthear leó re linn eisídh

cuaine ríogh is trom ttionóil

na le síol oll Eiriomhóin.


3 Ní bhfuil d’adhbhar acu sin

fa chosg sídh fa chor ccoguidh

acht d’agra ceirt clann Lughaidh

le barr neirt a-nallamhuin.


4 A-tá an chóir ag cloinn Íotha

iomdha adhbhar eisíotha

fa chrích ccuanabuidh cCobhthuidh

fuaradar ó allmarchuibh.


5 Mór ccomha nár chomha bheag

mór n-eacht ccuradh do chailsead

fán ttír mbáin ngealtolcuidh ngloin

ag eachtronnchuibh chláir Criomhthoin.


6 Mor magh sgoitheamhrach sgiamhdha

mor ttreabh aluinn fhírníamhdha

o shliocht Íotha a ccathaibh cniocht

gurbh fachuin fhiocha [a] n-éisdeacht.


7 Gan eirge a ccombáidh choguidh [198]

d’éis gach uilc dá bhfuaradar

dream rod na ccnoifiodhbhudh ccruinn

roiiongnadh fad a bhfuluing.


8 Dóchaide buaidh do bhreith dóibh

ní barr ainmhian ní héagcóir

tug don droing ghéir[r]eannaigh ghloin

boing fa ceimeannuibh coguidh.


9 A nguais féin faitcheas a bhfonn

tug dóibh gidh fada a bhfulang

gan labhairt síotha re seal

adhuint fiocha na bhféinneadh.


10 Maith fuaradar fuil Íotha

cor trod adhnadh eisíotha

fa chomhthuidh iatha na nArt

fiacha orrthuibh a fhortacht.


11 Sliocht Íotha fhuilngheas dochar

dóibh is córa cathughadh

fan ttír cuirr saoirealaigh seing

do Ghaoidhealuibh fhuinn Fhéilim.


12 Ní fhuil díbh-sein día do cheart

neach dán hoircisi an oighreacht

saoradh a beann coimhdhe a cruidh

iona an t-oighre is fearr orrthuibh.


13 Mac Í Eidirsgeoil ucht seang

do is córa d’fearuibh Eireann

cathughadh ’ma ceann a ccath

an eang chathumhal chogthach.


14 Conchubhur croidhe leomhuin [199]

ós do as córa caitheochuidh

fán ccrích n-úir dteadhmannuigh tte

re seanGhallaibh brúich Boinne.


15 Eagal dóibh dia do phudhar

a cineadh is Conchubhar

da ndiothughadh ní dál tim

fa chlár bhfiochumhal bhFéilim.


16 Coiseonaidh clanna Lúghaidh

ar chathuibh ar chonghaluibh

Corca Laoighe na learg nglan

céard is daoire do dhéanamh.


17 Ní córa dóibh dia do chion

troid um Chorcuidh no um Caisiol

iona cor deabhtha budh-dheacht

fa mhagh tTeaftha is fán ttuaisceart.


18 Nó um Nás Laighean na learg tte

no um Áth Clíath na ccúan síthe

nó um thuathuibh Baoi leath ar leath

nó um Chruachain Aoi no um Oileach.


19 Dá ndearnthaoi ceart ronna riu

sliocht Íotha doirteas donnchru

dóibh do-seich féarmhagh na bhfionn

do bhreith earlamh na hÉirionn.


20 As amhluidh fuaradar so

clann Lughaidh mhóir mhic Íotha

ceart ar roBhoinn mbrataigh mBreagh

d’onóir tar mhacuibh Míleadh.


21 Do bharr a dhúnaidh bu-dhéin [200]

do-chí Ioth an airm rinnghéir

tar an romhuir soiléir sáimh

samhuil oiléin on Easpáin.


22 Íoth mac Bile mhic Breoghain

glúaisidh sé a sín ainfeanaig [leg. -ainbhtheonaigh?]

cuire síthe d’fhiannuibh uilc

d’iarruidh na críche ad-chonnairc.


23 Nir bhean locadh as a luing

go rainic gan ro mearfuill

a soighidh gér tocrádh teann

go portsál oirir Éireann.


24 Gluaistear leis ar tteacht a ttír

dírim laoch nar lucht fairbrígh

fa teann coinne a cceann troda

a cceann cloinne Cearmuda.


25 Fa roinn Éireann an fheóir bhuidh [leg. bhuig]

do bhi ’gun chloinn-son Cearmuid

fíoch ’na bhfocluibh leath ar leath

ag rochtuin d’Íoth go hOileach.


26 Measdar leo ar sgaoileadh a sgél

gur ghuais dóibh é don oilen

misdi a cclann críoch a ccogar(r)

ar Íoth ann do fealladar.


27 Failtighid na righ reimhe

nochtuid fáth a n-oirbhire

nír cheilligh crích a ronna

gur reigidh Íoth eatorra.


28 Ceileabhruis dóibh ’na dhiaigh sin [201]

beiris iomchomharc uathuibh

a-tuaidhean ga teó pudhair

do smuaineadh leó a lean[a]mhuin.


29 Ar muigh Iotha an fhachain bhuig

marbhthur é le cloinn cCearm(h)uid

gér chaithréimeach sa ghleó a ghuin

dob aithmhéileach leó a leanmhuin.


30 Beirid muinntear mhic Bile

ar éigin ón ainbhfine

teidhm as ar eirigh olc cáich

corp an feinnidh don Easbáin.


31 Gluaisios Lúghaidh na lann sean

is a bhraithri mic Mhíleadh

iona ccaoir sluaigh sheanta [sheing?]

do bhuain a earca d’Eirinn.


32 Ar tteacht a ttír ga teó broid

iar marbhudh cloinne Cearmuid

nír fíorlagudh fioch na bhfear

gur dhioghladar Íoth d’oigheadh.


33 ’Na éiric (do an fonn) sin do an fonn

aca o Thuathaibh Dé Danann

gé tá sliocht Iotha an gheig [leg. ghéag] gheal

ar thriocha céad do chóigeadh.


34 Mar sin as íad dob fearr ceart

no go ttangas re ttreiseacht

fá ghort bhfionnacrach na bhFionn

le holc iomarcach Eirionn.


35 Éiric Íotha ar iath seinÍr [202]

na maitheadh mac Eibhilín

o gach fhior nírbh foláir dheit

do cion d’fagháil don éiric.


36 Má tá nach leanfuidhe libh

an éiric-si ar fhuil Mhileadh

más díol duit san tí torchair

na leig í le hallmorchuibh.


37 A ua Iotha mheic Bile

mar éiric ón ainbhfine

togaibhthear doit ceann a cceann

a ccuid d’fódfhoithribh Éireann.


38 Iomdha éiric nách í sin

agad a oighre Finghin

gan séana ar gharbhamhsuibh Gall

méala an t-amhgar-sa[i]n d’fhulang.


39 Mór bhfuil do léigsiod fa lár

mór ccuradh far chóir tochrádh

do ortadar sonn re seal

fá fhonn ngortabuidh nGaoidheal.


40 Doirt-si fuil is na foluibh

a láibh catha a Chonchubhuir

na gabh earca ar a son soin

acht gon eachta ’na n-aghuidh.


41 Smuain ar ainbhreathuibh fiann nGall

tuig mar bhíos cealg na ccumann

rún fuilngeach ní déanta dhe

cuimhnigh a n-eachta aidhbhle. Leo féin


42 Dá ngnathuigeam a guidhe [203]

an Óg do bhí a mbochtuine

a hoighre da n-éara mhe

do-gheana oirne uaisle. Leo féin


43 Meinn ríoghnuidhe gan rún truím

Eibhilín ingean Domhnuill

ní fhaghthar neach diomdhach dhi

da mbeith ag ionnlach uirri.


44 Lucht imdheargtha aigtheadh mban

um na haisgeadhuibh iarrthar

bláth toghtha na craobh cciníl

budh saor orrtha Aibhilín.


45 Slat do coillibh crú Suibhne

dés d’úir mhuighe Modhuirne

plannda toruidh gan claon cceirt

craobh thoruidh an tuaisgceirt.


46 Lór do togha druim ar dhruím

a cosg foghla a fuath leathtruím

dreach réidh ón froistighe fiodh

a meinn fhoisdini a haigniodh. Leo féin cuirid clann Íotha