firstLine"; ?>

1215. Liaigh mo thuirrsi tasg mo riogh $
Length: middling 27qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Motifs:
  1. messenger bringing news
  2. imagery for patron (re, easga)
  3. poet-patron relationship
  4. imagery for grief (liag, long, deoch)
  5. patrons decapitated
  6. Grave-sites named
  7. poet’s own mourning
  8. astronomy
  9. poet’s companach
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh an tSneachta (BOCD)
Poet Surnames:
  1. MacCraith [acc. to O’Sullevan Beare]
Patron Christian Names:
  1. Gearoid
  2. Seaan
  3. Seamus m Muiris
Patron Surnames:
  1. MacGearailt (E. of Desmond, d. 1583)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Liaigh mo thuirse tásg mo ríogh

[O’Conor Don, 378b]

Donnchadh an tSnechta cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach but with many metrical problems]


1 Lía[i]g[h] mo thuirrsi tásg mo ríogh

minic líontur leór d’imsníomh

do lán mara [leg. moire?] trúagh do thuirrsis

cúan an croidhe cíamhair-si.

2 Tainig timchioll mo cridhe

tonnbhróin tuirrsi thinntighe

sdair Gháoidhiol is Grég tar linn

gur bhrég áoinfhior as m’inntinn.

3 Beg mhairios díobh doiligh liom

fine Geruilt ghuirt Ráoilionn

co[i]n confoidh merchúaine Mhis

onchoin dhrechnúaidhe doilghis.

4 Mór lecht ccuraidh cúis dógra

mor ttásg rígh (a)gus ríodhámhna

níor dhíol úadha a n-[e]amuilt

do-chúala ó shíol tshenGeruilt.

5 Tásg Shémuis as [s]edh ro-m crá[i]dh

do bhédgus tre bhás tSe[a]áin

barr ón bhédg oile ar bFergal [leg. m’Fh-?]

dealg trem chroidhe an ceadbhédgadh.

6 Fuarus áoinbhedg[adh] oile

[budh] ? tres trúagh na heólcoire

líaigh cobharrtha ar ccás níor mha(i)r

comhartha bás an bédgadh.

7 An tres beadg bás an íarla

ní he an t-otras áoinbhlíadhna

rug ar ceal gach cás oile

gidh edh do fhás m’eólchoire.

8 An dá céadchás do chláoidh sinn

do-chóidh a ccoimhne as m’inntinn

deoch n[e]imhe deirer an deigh[fh]e[is]

don nimh(e) eile as innleigheis.

9 Leighios is lór do pudur [379a]

do láoi trait[h?] tres ordughadh

brón láoghlesccdall chlíath tar ceal

m’áonchestdall cíach fan ccóigedh.

10 Baramhuil do-bhér a-nos

ón chedla do-chúaidh Sémos

don fpór Gréag-sa fhuairr mh’áighe

guinr éasga ’na hiomláine.

11 Ré sholus ré dhórcha dhubh

aghaidh andaighin ón fheallsamhs

do-nim triúr ós [s]é ar sompla

don ré san iúl fheallsonta.

12 Gontur m’ésgha séimh sorcha

mo dhara céim cabhortha

gonta ón dámhra géigtréin ghil

mo chéidchéim aighidhr andaighine.[?]

13 Ré na tuirrsi sa treas céim

ar n-éirge dhuinn dí aigh oilbheims

do-ghéna mé mo chéim cumhas

mar ré ar nar éir orrdhubha.

14 Semus crot na ccolg ngreanta

mh’égnach go n-iomlán aigentas

do bhí an fhoghail-se a Dhé a ndán

ar ré sholais-ne Sedhan.

15 Tasg mo rí ’na rádh fíre

m’esga dorcha daighshíne

rug ar ttlachtr uainn uiles

mo shealr tré fhúair eolcuire.

16 Do ledradh mo lámh dhes

mo lámh chlí do cailleas

crann gan éndos a Dhé ar ndá(i)l

mé gan Sémos na Se[a]án.

17 Lámh chlí gach céile grádach

lamh dhes duine a chompánach

búan goimh na ccon a ttochta [corrupt?]

goin tre croidhe comholta.

18 Caillim comhalta derbhtha

goirt na ngniom déighioncha

táire an Gréagfhuil nár tháirra móid

mo-chenr rem gegaibh (?) Geróid.

19 Dá ríodhamhna is rí dénta

ní trúagh nach trí sáoiréchta

fúarus treisi an trír curadh

do shín meisi médughadh.

20 Mo tri reithe rúin cleithe

mo tri iomchuir ainbreite

mo tri airm na n-ága [corrupt?]

tri heilíner m’anára.

21 Trí ríúaithne fam ró tinn

mo tri lionnáin ré luidhinn

mhé ar díon duine ’na ndeghaidh

míol mara [leg. muire?] ar na mionnshrotaibh. [leg. -shreabh-?]

22 Ni fhuilngim onóir d’faghail

ní gar dá n-éis mh’iongabhail

bíaidh meisi go bráth fa brón

ní gnáth treisi gan turbhró[dh].

23 Mór béim da ttabharrtur cor

féch a tharracht a ttéid an sáoghal [corrupt?]

a fhir tarla a ttreisi an fhóid [379b]

meisi am ghadharr fa Geróid.

24 Terc inmhe da n-anta ris

a cinn tShemuis mic Muiris

nach ttréigfinn ar ttocht ad chenn

ort a ceidhchinn do chaillsem.

25 An dara cenn do chaill me

a-tá ar cúaille a ccúirt Life

cáoi daghchuimsi níor dhíol linn

do líon th’athuirrsi mh’inntinn.

26 A chinn mo rí[ogh] ráinig soir

ó Shlíabh Lúacra go Lunndoin

do-dhéna mé a chinn mo croidhe

mo ré rinn na heólchuire.

27 Gidhbé do thesg bur ttri ccuirp

a tri cinn do chloinn Geroilt

do líathmhill lí mo dheilbhe

mo trí ciallchinn comhairle. Lía[i]gh...