Poem in printable PDF format
Lios Gréine is
Eamhain d’Ultaibh
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), poem 6]
1 Lios Gréine is
Eamhain d’Ultaibh,
treabh nách budh
tréigthe ar Thailtein;
teach nách fuil
barr ar bhronntaibh,
bronntair creach
Gall san ghlaintreibh.
2 Síothbhrugh
Ealcmhair í ar áille,
treabh do bhí ag
ríoghaibh róinne;
lór do chur
cháich fá chéile,
ráith gréine mar
Bhrugh Bóinne.
3 Re Durlas
Ghuaire is gaolmhar,
’sa cumhdach d’ua
na n-iarladh;
treabh na slógh
bhfleadhach bhfíonmhar,
ríoghbhrugh mór
sleaghach srianmhar.
4 Lios Gréine, an
cróchbhrugh ceólbhras -
fóirfidh a
fhéachain fhiabhras;
a lán ann do gach
aoibhnios,
caoimhlios ar lár
call gciabhghlas.
5 Brugh
slaitgheal nách fiar foirghneamh,
aitreabh na
gcliar do chealgadh;
dún geal don mhúr
is margadh -
meadh don
ardbhrugh Dún Dealgan.
6 Dún creachach
cliarach coirneach
an teachso cian
bhus cuimhneach;
mór do sgrios an
dún dealbhach,
múr meadhrach mar
Lios Luighdheach.
7 Dún mar Dhún
oirdheirc Uisnigh,
do thoirbhir Cú
an chleasraidh;
ná beir mnaoi
asteagh don torsoin,
meadh chosmhail
don Traoi an teaghsoin.
8 Faithche réidh
ghlas fan ngrianbhrugh
mar ar ó léimibh
lúidhghreagh;
níor threabh
neach an fód fíorghlan
acht gníomhradh
each n-óg n-uaibhreach.
9 Eich ar
faithche fan bhfionnbhrugh,
sleagha gairthe
dá ngormadh;
crú Chuinn re
gníomh a nglainghreagh,
ag sníomh
tairngeadh gcruinn gcorghlan.
10 Ón damhna is
triath don teaghsoin
ar Bhanbha ní
bhia easbhaidh;
fear ’sa chlú ar
chló na consoin,
meadh chosmhail
dó Cú an chleasraidh.
11 Seaán róinn go
Ráith Éanna,
cóir leannán ’na
lán súla;
bean Chuinn ...
ghrádha -
brágha ghaisgidh
Fhuinn Úna.
12 Fuair leannán
Teamhra troimchion,
Seaán i
ndeabhthaibh dearbhthar;
gur theilg tóir ó
áth timcheal,
dlighthear sgáth
re feirg bhfearchon.
13 Seabhac eich
fút go faobhrach,
um chreich námhad
go néalmhach;
a chrobh ar gach
leith go luaimneach
do sgor
uaibhreach do bheith béalbhach.
14 Go bhfuighe a
tol ó Theamhraigh,
a mheic Cuinn nár
ob iomghuin -
ní bríogh meirbh
is dú ar deaghbhlaidh -
dearbhaidh tú
t’fheidhm i n-iorghuil.
15 Lugh
Lámhfhada, triath Teamhra,
nár fhág biodhbha
gan umhla -
iomdha fádh lat
dá labhra -
do mhac samhla ós
chlár Chunnla.
16 Sín ó Dhún
glégheal Geanuinn,
gan chrích Néill
fút ná fulaing;
cáir cnú dá cor
ós chrobhaing,
toghaim tú ar
cháil Con Culainn.
17 Lór mire do
chrann gceannchaol,
cuirfiod slógh
Gall tar gealchuan;
do reic ní béim
ar Bhearchán -
seanchlár Néill
deit dá dheaghthuar.
18 Ní mór do
chradh cháich chaomhnus,
sróll glan nách
gnáth i ngiaillbhrios;
tar éis cean ó
thír mar théarnas
mín géarbhras
greagh fan ngriainlios.