Poem in printable PDF format
Loch Dearg
aonRóimh na hÉireann
[Shane Leslie,
Saint Patrick’s Purgatory (1932), 168-70 from Adv.Lib. lxiv
28-9]
Tuileagna mac
Torna [Uí Mhaolchonaire]
1 Loch Dearg
aonRóimh na hÉireann
mar fuair sinn sa
seinléigheann
sreabh ó nach
soibheirthe geall
dár lean oilithre
Éireann.
2 Do thogh
Pádraig puirt nimhe
Loch Dearg
d’adhbhaidh aithrighe
ní
d’fhiodhaitreabh tug a thoil
iodhaintreabh rug
do roghain.
3 Baile phuirt
Phádraig Mhacha
innse i n-aigéan
fhuarlocha
mo chean adhras
don inis
Pardhas na sreabh
soimhilis.
4 Ar uaimh
Phádraig léaghthar linn
don neach nigheas
a inntinn
nach fuil teagh
aithrighe as fhearr
aithnighe a chean
ní chaitheann.
5 Ní ghlanfadh
loch achd Loch Dearg
do shal a chuirp
na gclaoinchealg
ós dual ní do
nighe i loch
truagh do lighe a
chlí chionntach.
6 Táinig mé dod
bhuain a broid
don tighsin ’nar
throisg Pádraig
d’éis an toighe a
thruaill fhaladh
ní fhoighe uaim
t’athghlanadh.
7 Tuirseach
bráighe bhíos i nglas
caithfe mé an
uair nach uaras
deor aithridhe
’na huair féin
aithlighe i
n-uaimh an Fhíréin.
8 Gnáth
deighliaigh dá chur i gcion
an uair théid
cneadh i gcainnsior
i lochthobar
chabhra ar gcneadh
fothroghadh
m’anma is éigean.
9 Tarla dhúinn
loch ós lochaibh
Loch Dearg an
chuain chiunghothaigh
loch
maothmhallglas sídhe soin
aonPhardhas Tíre
Tuathail.
10 I n-éiric a
huilc uile
dar lem chlí is
tuar trócuire
aoinsheachtmhain
a-bháin da mbeath
láimh re
caoilleabthaibh cl....
11 Beannuigh
ar-ís Inis Cuinn
a Phádraig mhóir
mhic Charplainn
[sínidh] a
éarlaimh Chláir Chuinn [leg. Chaisil?]
an láimh
mhéarghlain mháordhasain.
12 Ós duit as
dúal dul ’nar gceannas
caomhain mé tar
mhéad mo locht
a bhreitheamh na
Banbha a Phádraig
feitheamh m’anma
fhágmaid ort.
13 Ní thiobhruinn
a éarlaimh Éireann
inis Dearg cidh
diadha an port
mo dhúil don
uaimh acht dot anáir
do shúil le huain
d’fhagháil ort.
14 Conách
éarlaimh Inse Fáil
guidhim Pádraig
an príomhfháidh
ar fheirg nDé go
saoradh sionn
mar do chaomhan é
ar Ifrionn.
15 A-tá an
croidhe go gcruas cloch
is béal na
mbriathar gcealgach
’s an rosg nach
cruaidhe an cridhe
’na thost uainne
ón aithrighe.
16 Gidh deacair
mise a mhic [Alprainn]
d’fhóiridhin le
hiomad m’olc
ní fiu ar ngníomh
a chara [calma]
go ragha díon
m’anma ort.
17 Sleagh i
gcíogh oidhre an Athar
créad nach mór an
mearachadh
an chíogh
ghealsain nar ghuil sinn
easbhaidh mo
chruidh go gcaoinim.
18 Cairt ghráidh
agad ghaol id dheoidh
uirre dob iomdha
sgríbhneoir
cairt neamhghann
taoibh is troighthigh
mar mheamram
dhaoibh deachtaidhthir.
19 Pinn a
sgríobhtha fa sgéal nár
iallach go
n-iomad dubhán
nír bh’fhada a
díol duibh ón chairt
fuil do chíogh
arna casgairt.
20 Gach bean ag
faire a fir féin
do-chím i n-uaimh
an oiléin
taobh ret fhaire
is lór liomsa
taire a ógh dom
fheitheamhsa.
21 Do sgrios
Deamhain is dearbh liom
tug Pádraig
príomhfháidh Éireann
cuairt neamhlag
ós cionn na gcríoch
dar liom do
dhearmad Dábhíoth.
22 Uaimh Locha
Deirg díoghrais crábhaidh
................................
dá dtrian cabhra
dom chluasaibh
triall don adhbha
uasail ucht. [leg. arduasail?]
23 Teach na
haithrighe uaimh Phádraig
port roghlan le
rugadh barr
ní fhuil tír gan
tásg an tighe
le grásd ó rígh
nimhe a-nall.
24 Guidhim
Pádraig príomhfháidh Éireann
a hucht Íosa
oidhre an ríogh
fear is daingne
reacht is riaghail
go dtairnge neart
Diabhail díom.
25 Is mór ar
nduais-ne ó Dhia Athar
a oidhre do dhul
i n-uaidh
is díoth tuigse
nó cruas croidhe
duas uisge nac
n-oighe uaim.
26 Fagh a Mhuire
mhaordha mhín
led ghlórsa
ghuidheas gach dúil
ós díot as [lia]
do lean buaidh
ar seal don uaimh
ó Dhia dhúin.
27 Slighe ’na
leanmhain Loch Dearg
port do ollmhuigh
dá gach ord
fearr dúnn a
fhearta ná a fhearg
ceann na ndúl is
leanta a lorg.
28 Loch uasal ’s
uaisle iná an t-ór
nar thruaill [lé
thoirbhearta] riamh
port tharla do
thoil na ríogh
díon gach anma
thoir is thiar.
29 Ar Loch Dearg
is déanta dhúinn
ní sgéal leis
nach bearthair buaidh
biaidh ar séala
deas ’na dheoidh
réalda an eoil
theas agus thuaidh.
30 A Phádraig a
phréamh gach eolais
is ort chuirim
cor mo shuain
[cora] mo chean
fo [dhlaoi] dhaoire
ar feadh [laoi]
go n[-aoine] uaim.
31 A Phádraig
naomhtha do nimh
a mhic ochta Dé
dhúiligh
teacht dár gcóir
gidh deacair duid
fóir ar bpeacaidh
a Phádraig.