firstLine"; ?>

1220. Lochrann chuig solas Sainct Proinnsias $
Length: middling 22qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Elsewhere (Louvain)
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Göttingen Hist 773 A. O Conch. 1659
  2. UCD Gaelic MS 2 R.Tipper 1726
  3. UCD Gaelic MS 5 P. O Doailen 1773
Prints:
  1. transl. Dan na mBr. Mionur no. 20
Motifs:
  1. Envoi to saint (BVM)
  2. comparison with all others
  3. imagery for saint
  4. house and/or furnishing
Patron Christian Names:
  1. Francis
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. St Francis: his stigmata
  2. Francis:granted Lucifer’s place in Heaven
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Lóchrann chúig solas Sainct Phroinsias


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 20]


S. Froinsias: Réalta eoil


File anaithnid cct


1 Lóchrann chúig solas Sainct Phroinsias,

fréamh chothaighthe an chrábhaidh te;

chóig créachta ’na dheoidh dá dhearbhadh

réulta eoil go ndearnadh dhe.


2 Lóchrann corcra na gcóig solas

ag seoladh cháich don tigh thuas -

dul ina leith fa dheoidh dlighidh

do bhreith eoil ’s slighidh suas.


3 Usaide an lóchrann do leanmhuin;

ag leathadh oirne iseadh bhíos;

ar lasadh ón láimh go chéile;

lasar ghráidh is géire gríos.


4 Chóig gona báis do bhí ar Íosa -

éarlamh Aisísi isé fuair;

do bhí díol gach éarlaimh d’anáir

i n-énghoin díobh d’fhagháil Uaidh.


5 Soillsi gréine ó ghrádh na humhla

san éarlamh naomhtha, ar bhfáidh fis;

dob fhiu a thriall i dtaobh an ghrádha

grian na naomh do rádha ris.


6 Gé fuair i gceann chneidhe an chíogha

ceithre tinnchneidhe thrí gcló,

nír mhothaigh gur chás na cneadha;

rothoil ghrás fa-deara dhó.


7 Fuair sé dhá thapuir ón troightheach,

dá tharruing leo don tigh thall;

mar sein do na glacoibh gonta;

tapuir ón gcneidh ochta ann.


8 Réulta eolais na n-ord gcrábhaidh

na cóig thapracha an tráth fuair,

dá bhríogh do rolas an rélla;

solas ag Síol Ébha uaidh.


9 Na grásdadha fhuair ar umhla

ní fhuair abstol, ní fhuair fáidh;

ní fhuair neach dár fhás don uile

leath a ghrás acht Muire a-mháin.


10 A dhuine a-tá i n-easbhuidh eolais,

urusa dhuit dul ar neamh:

fuarais ón naomh róide réidhe;

saobh ’s nach móide téighe as-teagh.


11 A dhaoine leanas lorg Phroinsiais,

freagraidh an t-eol don tigh thuas:

leanaidh cneadha na gcóig gcridheadh!

róid na sreabha ag sileadh suas.


12 Sreabh don chrú-soin an chíoch corcra

gidh crú ’na trácht an tan do léig

’na gclasaibh go guin na cíocha

fuil ’na mbasoibh thríotha théid.


13 Do cuireadh leis lá na croiche

créuchta Dé mar dhearbhas siad;

ag so an lá do nocht a naomhthacht;

dhá chorp a-tá i n-aonchorp iad.


14 Colann Phroinsiais, frémh na humhla,

úr gan truailleadh a-tá sí;

riamh gan tadhall fa thalmhain;

ní calann chriadh amhlaidh í.


15 Ní thug an bás claochlódh crotha

ar chorp an naoimh is nua gcnis:

corp an té ar nár thóir a námha -

ní cóir cré do rádha ris.


16 Bernárdus dob ainm dá athair

- más fhíor don eolas fhuair mé -

gég do mhínfheadhuibh chraobh gcnuasuigh,

caor d’fhíneamhuin uasail é.


17 I n-ionad aingil an díomuis

druim re a Thighearna an tráth tug,

Jesus Christus, ar gcrann toraidh,

Fran-ciscus do roghoin rug.


18 Ord Sainct Phroinsiais fuair tre umhla

áit an aingil dob ard glóir;

grása Dé do fhoillsigh ortha

gur shoillsigh ré dhorcha dhóibh.


19 A dtug d’annsacht d’fhuath na bpeacach

pairt na n-aingeal uair dá luach;

le rún glan crábhuidh is coinsias

do ghrádhaigh San Phroinsias fuath.


20 Cúig bhliadhna dhég is deich mbliadhna

go bás Phroinsiais - fada an ré;

Dia fíre do éag fan aim-sin -

míle is dá chéad d’aimsir é.


21 Re croich Íosa iseadh do snadhmadh

San Proinsias dár ceangladh croch;

nír bh’í a thail a iarraidh uaidhe;

riaghail air nár chruaidhe cloch.


22 Mac ag mnaoi nar mhill a hóighe -

ní fhuair ríoghan rath budh mó;

gan mhnaoi do líodh ar leanbh Muire

fearg Ríogh na cruinne nír chló.