firstLine"; ?>

1221. Lochrann soillse ag siol Adhaimh $
Length: very long c.46qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Francis. A25 B. MagNiallghuis 1610-28
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 502 (23/D/3) 1681
  4. NLS Adv 72/2/14) ? cent
  5. NLI G117 Eoghan & Art O Caoimh 1693-
Prints:
  1. transl. McKenna DDe no xviii
Motifs:
  1. envois to BVM, Michael, John, Ruadhan
  2. imagery for Christ
  3. God as Creator
  4. crucifixion
  5. Judgement Day
  6. renunciation of the world
  7. Disciplining body
  8. Tithes
  9. saying the Hours
  10. legal maxims ? qq 11-12
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (BOCD,72/2/14, G117)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Lóchrann soillse ag síol Ádhaimh


[McKenna, L.: Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin, 1922, poem 28]


1 Lóchrann soillse ag síol Ádhaimh

nach léir dá lucht míochrábhaidh

nochan théid ar neamh a-nonn

an mhéid nach lean an lóchrann.

2 Ríochoinneal an bheatha bhí

Mac Dé Athar an tAirdrí

cúis toirrse na dtrí Muire

Rí na soillse suthuine.

3 Slánuightheoir na sé líne

aonmharcach na hairdríghe

na naoi míosa do bhí i mbroinn

do badh Rí Íosa oruinn.

4 Do bhaoi ’n-a chionn cúis omhain

an rí don fhréimh Iodhalaigh

gur aguill Dia na daoine

cia aguinn do b’iontaoibhe.

5 Tiocfa an Breitheamh do bhaisd Eoin

lá coinne Sléibhe Sí-eoin

sluagh nimhe gurab díobh dhamh

dá fhine díon dá ndearntar.

6 Síol Ádhaimh d’éis a chéile

leanaid lorg na céidfhréimhe

gé a-táid a bhfréamha ar bhfeall air

níor bh’fhearr Éabha re hAthair.

7 A-tá créachta ar a chíogh ndeis

nach faghthar liaigh a leighis

i leith fheirge is eadh a-tá

nach deirge an cneadh an chéadlá.

8 Bheith umhal ní hionmhuin libh

a chlann uaibhreach Dé dhúiligh

san Cháisg níor mhó bhar meanma

ná i ló tháisg bhar dTighearna.

9 A criaidh ar tús tháinig sinn

an úir chéadna is lé luighim

mo chur fan lia an lá bhus áil

ag Dia a-tá agus mo thógbháil.

10 A Mhuire ógh nar aomh cion

Mac díleas duit an Dúileamh

ní mac tabhartha dheit Dia

a bhanaltra Mheic Mhairia.

11 Fagháil mná do mhuin suirghe

trom d’fhior más í a comhairle

cor gan chomhairle ’n-a chionn

rodhoilghe an col [ar] choinghioll.

12 Leigheas air ní haithnidh dhamh

acht ceachtar dhíobh do dhéanamh

cuir an bhean chuil do cheannach

nó [coir] don fhear d’aithearrach.

13 Do chluin Íosa a n-abraim ris

tuigsin cáigh ní théid thairis

fearr do chí ná do chím féin

gach ní do ním dá neimhréir.

I4 Más éigin damh a Dhúilimh

faicsin Ifrinn iomthnúidhigh

gan uamhain ní bhear san bhrugh

teagh an uabhair teagh talmhan.

15 An teagh ard i bhfuile féin

múin dhamh céimeanna an chaisléin

ní soiléir le fear bhfallsa

teagh soiléim an saoghal-sa.

16 Mo chean théid don tigh neamhdha

mairg thréigeas a Thighearna

mairg a-tá le teagh gcoirigh

do fhleadh an lá locfuidhir.

17 Ón ló do cailleadh do cháin

cúis dod réir a Rí an domhnáin

do bhean ceart díot an duine

do theacht tríot don trócuire.

18 Níor bh’iongnadh d’éis do ghonta

sibh d’éagcaoine th’umhlochta

ar mbuain re gonaibh géara

do bhuail oraibh aithmhéala.

19 Silfid do chréachta a Dhé dhuinn

biaidh an Chros dearg id dhearnainn

biaidh ’n-a sgáth ar Mhuire mhóir

do ghuidhe i dtráth an tionóil.

20 Laibheoraidh Íosa ann soin

éisdfid cách is cúis omhain

Dia linn san Luan ag labhra

nach truagh inn gan urlabhra.

21 Ná léig orm aithbhear do chneadh

a chros chréachtach an Choimdheadh

a Dhé dar [chros an] choimdhe

mé a chros ar do chomairghe.

22 Go dtí mh’itche ’n-a hionadh

lá díbheirge an Dúiliomhan

dod chuid ranna go rua sinn

a Ua Anna agus Iaichim.


23 Ar chairdeas ná ar luach leasa

mairg neach do ní an t-aighneas-sa

tagra as a n-ucht is ónna

lucht agra na héagcóra.


24 A-tá an chruinne dá cur dhí

mar théid bláth do bharr craoibhe

is im rioth a-tám tríthe

an bioth as clár coigcríche.


25 Bheith i n-ainbhios Mheic Mhuire

olc an fagháil trócuire

dul i dtuigsin nar dhual damh

truagh an chuidsin dom chrábhadh.


26 [Teagaidh chugaibh] céim tar ais

a-déara Rí Phuirt Pharrthais

bhar lochta do chara ar gcúl

docra [ná a fhala] d’iompúdh.


27 Rath d’éignibh an mhara mhoill

a-nuas thig dá dtí ar abhoinn

ní thoir a-níos acht do nimh

a bhfoil thíos do na toirthibh.


28 Gaol na ndaoine dia do mhóid

maith do chomhaill tú a Thríonóid

cuimhne a ngaoil a Rí rut-sa

ní bhí ag do chaoir charad-sa.


29 Tugais tar ceann do chloinne

fuil croidhe is clár ndearnainne

ceannach a n-anma a Dhé dheit

gá tarbha is é dá aithreic.


30 Do bhaoi oruibh d’éis th’fholaigh

coimhéad don fhéin Iodhalaigh

an leac far bh’éigin dheit dul

fan leic níor bh’fhéidir th’fhosdadh


31 Dod rochtain a Rí neamhdha

dá mbeinn fa chuing gcreideamhna

tríd an sgéal ba losgadh linn

trosgadh ná déar ní dhlighfinn.


32 Cuir ionnainn inntinn síodha

tabhair fúinn fuath míghníomha

seachain mé ar chol a Choimdhe

logh a Dhé dá ndéanaim-ne


33 Congnamh do chosg a nimhe

cuing urnuighthe is aithrighe

cú chonfaidh an chalann chuil

gabham orthain ’n-a haghaidh.


34 Ionmhus do Dhia a dhaoine féin

díoth leis a lucht míréire

éag buidhne nach bia dá réir

duilghe le Dia ná a dheibhléin.


35 Do dhlighfeadh gach neach fa nimh

d’éis a éadála d’áirimh

gach deachmhadh do Rígh na ríogh

acht deachmhadh mír na míghníomh.


36 Féach a dhuine an déine ar chill

i n-am fhaghála an Aifrinn

má do ní cionnta ar cheallaibh

ní bhí ionnta ag Aifreannaibh.


37 Ná léig uait am na guidhe

do ghrádh suain ná sádhaile

móide do luagh ann éirghe

madh fuar am na hIairmhéirghe.


38 Dá dhúil gan diall ré chéile

do ní Dia ar áit éinfhréimhe

do ní deilbh fa dheilbh chumais

do ní dá fheidhm ionannais.


39 Do ní tráigh do thuinn leabhair

do ní aigéan d’innseadhaibh

do ní an Rí úir dá gach fhior

do ní gach ndúil fa dheiriodh.


40 Ionann tig is téid uain

maith bhréige an bheatha dhiombuain

nochan bhí acht cioth san chruinne

gach ní ’n-a rioth romhuinne.


41 Ní tugadh d’aithne ar Íosa

i n-éiric a airdchíosa

cnuas na habhla d’aithne dhó

damhna caithmhe don chéadló.


42 Muire máthair na soillse

baincheann ban an domhuin-se

mé ar ionchuibh uain a hochta

truaill iomchuir na hóghachta.


43 Abhall bheannuighthe an bhláith ghil

cathaoir dheargóir an Dúilimh

folt cas ’n-a dhoire dhualach

Moire as níor bh’anualach.


44 Soillse é ná gach aingeal

Míchéal aingeal árchaingeal

mairg as fhaghluidh a Dhé dhó

dom anmuin is é as ullmha.


45 Do cheannuigh sé an soillse síor

’s a chuid d’impidhe an Airdríogh

bheith do réir Eoin go heolach

is céim eoil don aineolach.


46 Go bhfaghar dul i n-a dáil

soillse an ríthighe robháin

beir sinn ó ghéarghoin an gha

a éarlaimh do linn Lothra.