firstLine"; ?>

1223. Lubhghort fineamhna fuil Ir $
Length: very long 77qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. NLI G 127 Richard Tipper 1713-15
  3. RIA 150 (23/A/40) S. MacSolaidh 1713
  4. BL Egerton 128 Muiris O Gorman 1748-
  5. TCD 1291 (H.1.17) Hugh O’Daly 1755-7
Motifs:
  1. envoi for another patron
  2. envoi to St Peter
  3. imagery for patrons
  4. nobility of ancestry
  5. imagery for kingship (aodhaire)
  6. fertility in reign of true king
  7. umhla, submission
  8. prophecy of Aodh Eanghach
  9. place-names for ornament
  10. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (BOCD, NLI G 127 etc.)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh (al. Feardorcha) mac Domhnaill
Patron Surnames:
  1. MagAonghusa fl. 1584-5, d. 1595?
Apologue Subclasses:
  1. Cearc Boirche: Eochaidh’s eye in paymnt
  2. Clann Rughraidhe & poets
  3. the Vine
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Lubhghort fíneamhna fuil Ír

[O’Conor Don, 264a]

Fergal Óg Mac an Bhaird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Lubhghort fínemhna fuil Ír

dlighid umhla ar gach éintír

urraim súas aca uile

slata go ccnúas ccúbhruidhe.

2 Lubhgort fínemhna fuair geall

fuil Ír tar úaislibh Éirenn

rioghroidh chosnamha chláir Ghrég

orsanna cáigh do choimhéd.

3 Slata (d)tegar Temhrach Bregh

gabhla foluing mac Míledh

croinn dob fodhnocht don uile

lobhgort do choill chúmhroidhe.

4 Úaithnedha íarthoir dhomhain

cosnamhaigh chláir Chonchobhair

roíghne gasroidhe benn mBregh

dream dán cásmhoile creidemh.

5 Croinn fpailme fpartais Adhaimh

lucht úaislighthe and analaidh (?)

na réultona ó ráith na bFionn

éuntogha cháich go coitchenn.

6 Gúais sheabhaic fár gheis an lía

lega úaisle na hIndía

slúaig merchorra muighe Rath

feuthlonna toighe Temhrach.

7 Dlighid a n-áoinecht uile

bheith umhal d’fuil Rughruidhe

láoich lér leirthiledh fíadh Floinn

gach einchinedh riam romhoinn.

8 Comhtha ar gach airdri(o)gh oile

’ma ccuairt ag cloinn Rúghraidhe

cáora búadha tolcha an Trír

’s gan comhtha úadha d’airdrígh.

9 Slechtuin d’úaislibh innsi Bregh

ar son nach dligter dhibh-sen

ríoghraidh chláir éuchtuidh Eine

slechtuin dháibh do dlighfidhe.

10 Ni dhlighenn éunchlann oile

coimes ré cloinn Rúghruidhe

aca féine as gnáth gealls

slata réidhe ó Rath Ráoilenn.

11 Ni thiocfa ’s ní tainic ríamh

a ccommaith do crich Ghailían

fíorbhun don fheile uile

ríoghraidh [fh]réimhe Rugruidhe.

12 Leabhair Fhód(h)la cenn a ccenn

náoimh as ollamuin Éirenn

cuire le bfogh(th)ar gach fáidh

’ga moladh uile d’é(i)nláimh.

13 Do-chúaidh a cclú fan ccruinne

commaith chloinne Rúghraidhe

an mhacraidh ó mhúr na bFionn

nír saltair úr na hÉirenn.

14 Do derbaigh a ndubhairt me

én dar comainm Cerc Bhóirce

fuil Ír tar an uile fer [264b]

díbh an duine lér dáiledh.

15 Neach díobh tug [a] éngha úaidh

as fir Eirionn a n-éunuair

cráobh toruid do thogh gach fáidh

ag cur ’na aghaidh d’énláimh.

16 Tug úaidh an fer cédna a chenn

ar son clú día do dithcheall

do mac ochta fhian Uladh

ríar rer dhocra dealughadh.

17 Re sliocht nÍr as adhbur tnúidh

neach dhíobh tug úadha a énshuil

geall ag an tí do toirbir

rí dob ferr fa athchoingidh.

18 Neach dob ferr a n-inis Ír

diobh fós Cuanna mac Coilcín

commaith Cuanna riamh roimhe

ní chúala d’fhíadh Iúgoine.

19 Diobh Fer Dorcha mac Domhnaill

sás iomchuir gach anfhorlainn

cáor bhúaidhe chláir na ccuradh

Gúaire cháigh do chathughadh.

20 Ga ttam ris rugadair sin

geall féile 7 geall gaisgidh

ríoghraidh thoghtha bhrúaigh Beannchuir

buaidh ortha tar Éireannchaibh.

21 Ga beg dhuin da derbadh soin

go ccuiredh énláoch d’Ulltoibh

ní terc duine le ndearbhtur

a nert uile ar Éireannchaib.

22 Leó do thuit síad cenn a ccenn

forgla airdriogh na hEirenn

’s rí an domhain ó mhuir go muir

as foghail í nach íocthair.

23 Cuirte daingne an domhain thoir

do lingthi íad lé hUlltuibh

as carn Balair úair eile

as bruaigh chaluid Corcuidhe.

24 O mhuir tToirrían na ttracht tte

do ghabhdaois go bruach mBoinne

’s o Boinn geigleabhair bhinn bhrais

go rinn n-éigneduigh Iorrais.

25 O chiomhsuib Lochlann a-le

leó nír f(h)ágbhadh fiú an mhíle

síar go heirr mhuighe Mumhan

don cruinne gan chúartughadh.

26 Láoich gan cruas acht crúas cogaidh

as é a crioch gur chosnadair

gasraidh sheólta sidhe Lir

righe na hEórpa ar eigin.

27 Da mbeinn fedh blíadhna go becht

ag ríomh a n-echt a n-áoinecht

na láoich dar leónadhr fíadh Floinn

a ttrían d’áiremhr ní fhédfuinn.

28 Ge a-ta a ccartaigh chloinne hÍr [265a]

faghail úmhla ó gach éintir

a-ta ag Áodh úmhlocht orra

craobh do lúbhgort Líathdroma.

29 Gé fúair síad-san geall Gáoidheal

tuc cách ós da commáoidhemh

an geall d’áondhuine uile

áodhaire bhenn mBóruimhe.

30 O fuair geall [fh]reimhe Rosa

cía as medh do Mag Áongusa

sé ós các mur as cubaidh

gnáth an ré ós réultanuibh.

31 An dubhradh riam maith búdh mó

ré nech d’Éirinn a n-áonló

do sháraidh cleth Cró a chinidh

nech ’na chló ní cuirfidhir.

32 Fer Dórcha mac Domnaill óig

nach ttug ré filidh fíormóid

slat dochaithme as ferr don fhiodh

ceann cothuighthe mac Míleadh.

33 Áodh mac Domhnaill dreach corcra

glún deiridh na dáonachta

go ttí an brath ní bertháoi a gheall

da bfeghtháoi cách go coitchenn.

34 Mar théid fínemhain tar fiodh

do-chúaidh os cionn mhac Milead

eineach Gáoidheal clair Críomhthain

do bháidh áoinfer d’Éirionnchaibh.

35 Da dhearbadh gurab é as ferr

caithfid(h) ollamhuin Éirenn

sgíath na bfeindeadh ón táobh thúaidh

dénamh ar Áodh a n-énúair.

36 Oighre Subhaltuigh mar soin

ar ollamhnaibh fhóid Fionntoin

ursa an tshlúaigh ón Bhoinn brecghlais

do fhóir ar úair n-éigentais.

37 Oigre Subhaltaigh serc ban

filidh Fód(h)la a nDún Dealgan

do fhosd gég Ile ma[s] fhíor

mile as da chéd a ccoimhlíon.

38 Secht mblíadhna dóibh ’na dhíaigh s[a]in

ag deghmhac Fhechtna Fháthaigh

gan dol úadha soir nó siar

ó shoin ní chúala a choimhfhíal.

39 Do díb(h)redh fós fecht oile

filidh innsi hIúghoine

dóibh dob(h) umhal an trían túaidh

go hiadh nUladh an athúair.

40 Fíacha mac Báodain go mbuaidh

do connuibh iad an athúair

sé ar mhéin na riocráobh roimhe

fíoncháor do fhréimh Rúghraidhe.

41 An treas úair ní iul folaigh [265b]

ionnarbtur na hollamhuin

leó do hionnradh fonn Fód(h)la

drong nárbh iongnad d’furfhógra.

42 Máol Cobha ceann chloinne hÍr

tri blíadhna íad ’gan airdrigh

im shéd nír donnadh a dreach

da céd deg ollamh úaibhreach.

43 O sin a-le lor do bhloidh

geall fher nEirenn ag Ulltaibh

fréumh an einigh leth ar leath

na deighfhir nar éur áoinneach.

44 Gach uair dar hionnarbadh inn

fuil Ír d’aimhdheóin fer nÉirinn

as íad soin do fhegh óirne

an tred ó mhoigh Modhairne.

45 Iar sin ar son ar ccábra

tugamur tus ealadhna

ós Ulltoigh do úaisligh inn

d’Ulltoibh tar úaislibh Éirinn.

46 Tús molta ón ló sin a-le

ag cloinn Ír d’éis a chéile

’s tús ag Áodh úathaibh uile

craobh ó thúathaibh Toruidhe.

47 Da mbeth gan Áodh d’aicme Ír

tús d’faghail tar gach n-airdrígh

grúaidh shídhe lé bfhuil gach fáidh

do tuir Íle nír fhuláir.

48 Fada do bi Banba Bregh

a ccartaigh aga chinedh

níorb folair do bháidhbh Bhennchoir

gairm d’foghail ré nEirennchoibh.

49 Náoi ccéd bliaduin deóigh a ndeóigh

d’fuil Rosa ní rádh aineóil

gasroidh fhionn na ngéirrenn nglan

os cionn Éirenn as Uladh.

50 Go ccaithtí an sáoghal mur soin

do bhíath da mbeidis d’éntoil

Banbha aca díaigh a ndíaigh

na slata abhla d’éincríaidh.

51 Cur riú um cennus criche Bregh

nír fhóbradur mic Mhíledh

na tréinfhir ó bruach Banna

fúath gur eirigh etorra.

52 Nó gur dhóirtsiod féin a bfuil

do bhíadh d’aimhdheóin fer nUladh

slata réidhe mhuighe Máil

Éire uile ’na n-orrláimh.

53 Ríoghraidh éuchtach brúaigh Bhanna

ceilfid ar fhás etorra

techt [i]na ndíaigh d’Áodh Engach

craobh do críaidh na cláoinTemhrach.

54 Bráighe gill [fh]réimhe Rosa [266a]

as é Áodh Ó hÁongusa

as Áodh Engach da fhine

náomh Temhrach da thairngire.

55 Ibh Eathach na ccleth ccúmhra

uirre ad-chíam a comhardha

as é [a?] hÁodh an t-Áodh iodhan

sé ag gach áon da f[h]oillsioghadh.

56 Na croinn lupta lán do mhil

na linnte lán do mháighribh

na tolcha fa Dhún Droma

gan clumh orrtha acht iothlanna.

57 Grían geimhridh i mBeinn mBoirche

tráighidh eas lé hénoidhche

san táoibh thoir go núaidhe a-niogh

as-toigh as fúaire aimsior.

58 Trí ceóil nach neimbeinn le nech

gotha a sreabh faoidhe a fírbeach

críoch na ttrágh ngainmidhe nglan

as glár ainglidhe a healtan.

59 Na tolcha fa chleith Chabha

lán do legaibh lóghmara

taisdil mhuidhe cúirte an cháoil

ní fhúicfe duine diomháoin.

60 Ní ferthar fáoi ach frais do mhil

do-chúaidh cosg ar gháoith ngeimhridh

ga meisde tegh gan tuighe

ré seal fleisge Fernmhuighe.

61 Mór n-airdrigh ma a éarla nocht

ní hiongnadh rath ’na riogocht

bláth na ccraobh ón Bhaoill [?]ghil

nach máoidh ar áon athchuingidh.

62 Ocht rí dhég mur deir an sdair

(a)s tri fichid rí[ogh] do ríoghaibh

rug céim tar gach n-áon oile

im Áodh san réim ríoghroidhe.

63 Gach airdri dar airimh me

tig dhíobh a ndíaigh a chéile

díol Gáoidhi[o]l uile d’óigre

sáoirfher mhuighe Modhoirne.

64 Rí oirbertach fola hÍr

mesuim é ris gach n-airdrigh

dar gabh Banba riam roime

cían ó tharla a ttarrngoire.

65 Niall dár feradh na frasa

mesuim ré Mag Áongasa

nír therc áon do reic romhaibh

dheit(h) a Áodh as ionnamhail.

66 Riot(h) do mhesfuinn echt oile

Murchadh mac Bríain Bhóromha

Conaire nár mhuidh mionn

a thuir rómhuighe Ráoilionn.

67 A troigh luthmur linges troid [266b]

a mic Í Dhuibhne a Dhíarmuid

a shéd búaidhe a tráigh thoraidh

a Ghúaire chláir Concobhair.

68 A Náoisi a Chonuill Cernuigh

a mhic Róich ó righThemhruigh

an bfuil áondhuine ar chlú ad chuing

a Laoghair[e] a Chú Chuluinn.

69 A Osgair ré hedh ngábhuidh

a Eachdhair a Iollánuigh

a Dha Thí [fh]réimhe Rosa

as í t’fhéile th’ionnmhus-[s]a.

70 A lámh as éinmhionn d’Ultaibh

a dheghchroidigh dhaonnachtaigh

a bheithir fhóid bennchuirr Bhreagh

a cerchuill na ccóig ccóigedh.

71 A chloch chuil íarthoir Eórpa

a bhárc dhaingen dhoileónta

a bhláth coillbhiledh bhenn mBreagh

dar toirbhiredh geall nGáoidheal.

72 A thonn rabharta ós cionn chúain

a tráigh iondhola an athúair

a croidhe as daingne ag dáil shledh

a mháigre ó traigh na ttréinfer.

73 A nathair nertmar nimhe

a leóghan ar láidire

sgél fa dheóigh ní foghaim ort

a eóin choluim ar cennsacht.

74 A thosach clú fher nOiligh

a dheiredh an deghoinigh

gan nech ré t’fhéile ag iomáidh

leth t’fhéile nír airmhemair.

75 A mheic Eilísi a fholt fionn

a sherc óiginghen Éirionn

tug gach duine aghaidh ort

mar shamhail luibhe a lúbhghort.x

76 A fPedair a cruth corcra

a dhoirrseóir na daonnachta

bíoth do ghrás tar mh’uile olc

ag fás mur luibhe a lúbhghort.

77 Trúagh do bheith fan lía luidhe

a mhic ríogh fhóid Áolmhuighe

gan aighthe dhámh im fhíon ort

fa-ríor ní lán do lúbhghort. Lubhghort...