Poem in printable PDF format
M’anam do sgar
riom-sa a-raoir
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 22]
Muireadhach
Albanach Ó Dálaigh
1 M’anam do sgar
riomsa a-raoir,
calann ghlan dob
ionnsa i n-uaigh;
rugadh bruinne
maordha mín
is aonbhla lín
uime uainn.
2 Do tógbhadh
sgath aobhdha fhionn
a-mach ar an
bhfaongha bhfann:
laogh mo
chridhise do chrom,
craobh throm an
tighise thall.
3 M’aonar a-nocht
damhsa, a Dhé,
olc an saoghal
camsa ad-chí;
dob álainn trom
an taoibh naoi
do bhaoi sonn
a-raoir, a Rí.
4 Truagh leam an
leabasa thiar,
mo pheall seadasa
dhá snámh;
tárramair corp
seada saor
is folt daon, a
leaba, id lár.
5 Do bhí duine go
ndreich moill
ina luighe ar
leith mo phill;
gan bharamhail
acht bláth cuill
don sgáth duinn
bhanamhail bhinn.
6 Maol Mheadha na
malach ndonn
mo dhabhach
mheadha a-raon rom;
mo chridhe an
sgáth do sgar riom,
bláth mhionn arna
car do chrom.
7 Táinig an chlí
as ar gcuing,
agus dí ráinig
mar roinn:
corp idir dá
aisil inn
ar dtocht don
fhinn mhaisigh mhoill.
8 Leath mo
throigheadh, leath mo thaobh,
a dreach mar an
droighean bán,
níor dhísle neach
dhí ná dhún,
leath mo shúl í,
leath mo lámh.
9 Leath mo chuirp
an choinneal naoi;
’s guirt riom do
roinneadh, a Rí;
agá labhra is
meirtneach mé -
dob é ceirtleath
m’anma í.
10 Mo chéadghrádh
a dearc mhall mhór,
déadbhán agus cam
a cliabh:
nochar bhean a
colann caomh
ná a taobh ré
fear romham riamh.
11 Fiche bliadhna
inne ar-aon,
fá binne gach
bliadhna ar nglór,
go rug éinleanabh
déag dhún,
an ghéag úr
mhéirleabhar mhór.
12 Gé tú, nocha
n-oilim ann,
ó do thoirinn ar
gcnú chorr;
ar sgaradh dár
roghrádh rom,
falamh lom an
domhnán donn.
13 On ló do
sáidheadh cleath corr
im theach nochar
ráidheadh rum -
ni thug aoighe
d’ortha ann
dá barr naoidhe
dhorcha dhunn.
14 A dhaoine, ná
coisgidh damh;
faoidhe ré
cloistin ní col;
táinig
luinnchreach lom ’nar dteagh -
an bhruithneach
gheal donn ar ndol.
15 Is é rug uan í
’na ghrúg,
Rí na sluagh is
Rí na ród;
beag an cion do
chúl na ngéag
a héag ó a fior
go húr óg.
16 Ionmhain lámh
bhog do bhí sonn,
a Rí na gclog is
na gceall:
ach! an lámh
nachar logh mionn,
crádh liom gan a
cor fám cheann.