Poem in printable PDF format
Mac Cairteáin
triath na n-each seang
[NLI G 429,
45]
{Mac Con Ó
Cléirigh}
[Deibhidhe,
Brúilingeacht without alliteration]
1 Mac Cairteáin
triath na n-each senng
ó
Dhún Sríanach na n-árdbheann
fear is ciste do
chliaraibh
tuisle air
neart do
chathniadhaibh.
2 Do bhí ag
suirghe leis go hóg
spirid ghaisge gan chlaochlódh
ag
leanmhuin an tsaoi go bhfeas
’na
mheanm(h)ain
aoird gan
doilgheas.
3 Coghnach leanta
Chonnaill
chruaidh
chalma Chearrnnaicc an arm(h)ruaidh
spraic fhearrdha
fhoghlach fhíochmhar
thromdha threasach chathghníomhach.
4
Ceann slóig a
ttrodaibh nár
thím
Tomás
mac Tomáis
dearbhuím
ua
Saráin meic
Eochaidh fhéil
beangán cosgair gan
toi(gh)béim.
5 Lá n-aon dár
éirig le teann
suagbhúidheann
arm(h)dha
eachtrann
ag
cur beóghal agas gliadh
air threónaibh
Uladh smórchiach.
6 Go criochaibh
na hEamhna o thuaidh
nior
hanadh leó ger chathchruaidh
ag
arguin cliar agus
ceall
a
rian spairne go coitcheann.
7 San Dún
bheannach ghrianach
ghrinn
do
bhí an triathfhear
cumuinns
Mac Cairteain
eachtgonach oll
treanphosda na ccath d’altrom.
8 Abidh
d’freagair uaithne
an áigh
an
ghasra uaibhreach sheachráin
gur
mharbh an tsaoi
lonn amhra
san
Maoigh an drong dhanardha.
9 Do griosadh
chum an
ghleo-so
leis
a ccathaibh comhmóra
roighne sluaidh Uladh lé a n-ais
a
ruaidh curadh gach ceannais.
10 Ón ló sin éachta na nGall
nior
buaidhreadh criocha Cualann
do
cruaidh gaothcleasaibh an fhir
sduaigh gheirfaobhrach an chosguir.
11 Do sguir
geibhionn an taoibh
thuaid
do
eachtaibh saoi an
armruaidh
gan
fianna na nGall da
lot
do
bhliaghnaibh go ceann sénocht.
12 Mal
oirdhearcais a ttreas trom(h)
lán
d’oirbheartaibh
a ccomlonn
griobh as féile san ccruinne
feithlionn síog ua
Rúghruíghe.
13 Do
ceinnleitribh cru
gan bhréag
Chonaill Chearrnnaicc na móireacht
Tomas
fial na g[c]raoiseach nglan
taoiseach a rian gach meanman.
14 D’fuil
eachtaicc Rughridhe
an aigh [46]
Tomas
treanmhar
Mac Cairteain
is Ír
bo crodha a bhfonn
Fáil
an
lóchrann
lonn ón
Easbáinn.
15 Buinge brisde
bruighne a ngliadh
Mac Cairteain saoi
na ccathniadh
cu
f[i]adhaicc a ttreasaibh teo
ger
caismirt triathe a
ccathghleo.
16 Beithir beodha
criche Breagh
leogan cosnaimh na nGaoigeal
céim
a dheabhtha ós a ccionn
ní
béim air fhearaibh
Éirionn.
17 Fear gan gruaim nar éimig neach
flath
lán d’uaisle is d’oineach
taisge ollamh criche Fáil
taca
a ccogadh ’sa a siothcháin.
18 Do bhí do
mheid a mheanma
is dá
thréigthibh ealadhna
daoine a ngeibhionnaibh dá ghrádh
Éireannach na
ngniomh
cceannárd.
19 Dual don
fear
ceannus
Eamhna
cosnamh is
ceart
seinTeamhra
is
ruadha Danar go
cóir
buadha chatha 7 onóir.
20
Crann pailme an
bile seanng
balla
na coige a ccoitcheann
muir mhor ’na
mheanm(h)uin an
fer
sgrios deacrach slóg mac Míleadh.
21 Grianghai
ordha leatha Cuinn
Mac Cairteain
crodha aluinn
biatach úr is ciste cliar
is
gliare clu ’s gach
aonrian.
22 Breitheamh
ceart air laoidhthibh suadh
taoiseach a neart
na ccathshluagh
fear
smachtaighthe
air
theann
bfear Fáil
cathurra a bhfann
do thógbháil.
23 Aithghin
Ghuaire ar mbronadh
séad
curadh ro chruaig na bhfinnghéag
lan
doruis clu agus
ceile
barr
soluis cru is caithréime.
24 Da deich cuig
dhon phreimh or fhás
Mac Cairteain
suairc
gan roghnas
do
riaracc Banba gan
bhrón
triatha calma na ccathshlóg.
25 Eachta an fhir chubhra
tar éis
is
déanta duinne a
fhaisnéis
trena
bhfuaramair
da mhaoin
laoch
suadhoilte gan tathaoir.