firstLine"; ?>

1233. Maighean dioghla Druim Lighean $
Length: long 45qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Bruss.Bib.roy.6131-33 Bk O’D’s dau 17c
  2. Book of O Conor Don c. 1631
  3. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. TCD 804 (F.1.18) 17th cent.
  5. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 ?Co. Offaly
Prints:
  1. transl. Knott TD no. 4
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. poet incites to battle
  3. hosting, sluaigheadh
  4. standing guard over territory
  5. battle phantoms
  6. Dindshenchas
  7. historical allusions
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (Bruss. 6131-33, BOCD,RIA2)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnuis
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1600
Apologue Subclasses:
  1. battles from Lebor Gabala
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maighean díoghla Druim Lighean


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 4]


1 Maighean díoghla Druim Lighean,

mór d’ulc agus d’aindligheadh

do-righneadh fa cheann an chnuic,

i ngleann na n-inbhear n-ordhruic.


2 Meinic tugadh taoibh a learg

’na rothnuall chorcra chróidhearg,

’sgach fán dá ghortaibh gairthe

lán do chorpaibh ciorrbhaighthe.


3 Meinic riamh do-righneadh fuil

don loch do bhí ar a bhéaluibh,

’sa thonna ó chrú ’na gcorcair,

ar brú an droma díoghaltaigh.


4 Druim Lighean na learg n-éachtmhar -

ní dearnadh, ní dingéantar

uilc an mhoighe fhéarghloin fhinn

i n-éanmhoigh oile d’Éirinn.


5 Ó Chloinn Neimhidh gus aniodh,

tulach corr Chruacháin Lighean -

atá a haghaidh ghléigheal ghlan

d’fhalaibh féinneadh dá folcadh.


6 Conuing mhac Faobhair mheic Flath

is é ro chuir an céadchath,

re hucht n-iomchosnaimh fhuinn Bhreagh

fa Dhruim lionnchobhsaidh Lighean.


7 Naoi gcéad do chlannaibh Neimhidh,

dá bhflaithibh, dá bhféinnidhibh,

tarsna an achaidh dromchlaidh duinn

torchair le cathaibh Conuing.


8 Cúig meic Deala mhóir mheic Lóigh -

tugsad fan gcnocsa i gcéadóir

gleó re raghasraidh bhfinn bhFáil

fa rinn gcladharsaidh gCruacháin.


9 San áit chéadna, i gcionn athadh,

tug Breas mór mhac Ealathan

fa shaorthulaigh na gclach gcorr

cath re laochradhaibh Lochlann.


10 Torchair d’fhéin Bhanbha re Breas

triar ar chéad dar chóir flaitheas,

láimh re hamhsaibh fhuinn Bhanbha

fan ndruim n-arsaidh n-allmhardha.


11 Deich gcéad fhichead d’Fhearaibh Bolg,

’sní théarnó ar ais ón iomorg -

lór do mhíochuid méad na gcean -

don tríochuid céad acht cúigear.


12 Ar dteacht arís go fiadh bhFáil

do Chloinn mhóir Mhíleadh Easbáin,

ní hinneistir fearg na bhfear

fa fhinneisgir learg Lighean.


13 Marbhthar leó i laithibh troda

trí meic cródha Chearmada,

triar calma ór chraobhthairtheach cuill,

gabhla caomhChaithreach Crooinn.


14 Tugsadar trá teóra cath

um Lighin na learg mbaoghlach;

gabhaid féin barántas Breagh,

céim do ghabháltas Ghaoidheal.


15 Meic Mhíleadh fós - gidh iad ann -

forgla Thuaithe Dé Danann,

do bhí ar dtuitim d’aithle an áir

ar faithche chnuicfhinn Chruacháin.


16 Níor básuigheadh riamh roimhe

fa éanchnoc d’Iath Úghoine

leath ar thuit d’aidhleannaibh áigh

fa ghlainbheannaibh chnuic Cruacháin.


17 Go ríomhthar reanna nimhe,

nó an ghaineamh mór mhuiridhe,

tulach géiggeal na ngort sean -

ní héidear a holc d’áireamh.


18 Sé ríoghcatha roimhe so

tugadh timchiol an droma,

Druim finnFheabhail fan fann sreabh,

’sgan mindeabhaidh ann d’áireamh.


19 Gá dú? acht is sé an seachtmhadh cath

cath mór na maidne amárach

chuirfeas réadla fhuinn Uladh

fan ndruim gcéadna ad-chualabhar.


20 Is é fós chuirfeas an cath -

Aodh mhac Maghnuis mhúir Theamhrach,

gruaidh shoinionnta ar snuadh na subh

’gar roimhionca buadh bhiodhbhadh.


21 Is é an cath mórsa amárach

an teidhm dhoiligh dhíoghbhálach

tug an cheathardhúil ar crioth

ar fud leathanMhúir Luighdheach.


22 Is é tug tolcha an bheatha

’na gcróbhuailtibh crithreacha,

’sna tonna i bhfoltaibh na bhfeadh

’na morcaibh troma teineadh.


23 Do thógbhadar, fa tuar gleóidh,

teinte eisriata an aieóir

ceann fan réaltoin móir mongaigh,

’na mbróin éachtaigh anghlonnaigh.


24 Beid na taise ’sna tombaibh

ag easaonta, ag easargain,

mosglaid cuirp fhonnmhaighe Fháil

ag fornaidhe an uilc anbháil.


25 Labhraid ceathra cláir Bhanbha

do chomhráitibh ciallamhla,

fa ghort bhfonnfhaoilidh na bhFionn,

ag comhmaoidhimh olc nÉirionn.


26 Geintear piasda i ndeilbh dhuine,

’sna daoine i ndeilbh bhiasduidhe,

mór na tarathair tug soin

ar fud chladhachaidh Chobhthoi­gh.


27 Atá an bhadhbh chíocrach catha

ag aslach an ardfhlatha,

go dtrillsibh corcra ma a ceann

ag tochta ós insibh Éireann.


28 Beid mná siabhartha síodha,

beid faolchoin is fiaidhmhíola,

ag tuar an chatha do chor

do shluagh Mhacha go madan.


29 Budh iomdha san oidhche anocht

fuath is amuid is arrocht

timchiol chreachthóir chlach mBanbha

seachnóin na gcath gceachtardha.


30 Budh iomdha i longphort laoich Bhreagh

sgiath ó aréir ar righ mhíleadh,

meóir leabhra lúbtha um fhoghaibh,

dearna dúnta um dhornchladhaibh.


31 Budh iomdha ar madoin go moch

proinn dá caitheamh go corrach;

laoich ag ionnráithne a n-arm ngéar,

iolgháirthe badhbh is brainéan.


32 Budh lór d’adhfhuath mun n-amsa

seasdán na sleagh gcodarsna,

siansa a reann gceannbhraonach gcorr,

searbhghlaodhach a mbeann mbuabhall.


33 Budh cúis truaighe an tráth céadna

búithreadh na mbiasd n-uaithbhéalda;

gotha faolchon mbeann mBanbha,

gaothradh na n-eang n-allmhardha.


34 A much na maidne amáireach

budh é an cnocán congháireach,

féige orchradhach gach áir,

gormtholach céide Chruacháin.


35 Muidhfidh, mar mhuidheas do ghnáth,

cath na maidnese a mochthráth

ré sluagh dhearccorr Thighe Truim,

’sré bhfine cheanntrom Chonuill.


36 An dtabhair Aodh dá aire

gearán na ndúl ndaonnaidhe,

nuall na sreabh, néalla nimhe,

sgéala na bhfear bhfáisdine ?


37 Nó an ngoilleann ar a ghruaidh nduinn

iomchosaoid Chineóil Chonuill

tre bheith do shluagh flatha Fáil

re luadh ­gcatha dá gcongbháil?


38 F­ada an treimhse atáid re a chois

gan tocht dá dtíribh dúthchois;

atá slat bhoisleabhar Bhreagh

ag toirseaghadh Mhac Míleadh.


39 Fada leis an bhfear ón Mhuaidh,

’só Shrú­ibh Broin an bhruaich ionnfhuair,

’só Choirrshliabh gan tocht dá thoigh,

’só ghort Oirghiall i nUltoibh.


40 Madh é a aimhleas, madh é a leas,

madh ré nAodh, madh air mhuidhfeas,

ó atá sé d’oirichil air

is roimhithigh é d’­fhéaghain.


41 Urusa dhó dul i gcath

ré sluagh mhór mhíleadh Teamhrach,

tearc ann acht ceinnbhile os choill

do dheirbhfine chlann gConuill.


42 Atáid iadhta fa a fholt lag

laoich na dTuath, onchoin Fhánad,

slóigh mhillse ón míonaclaidh muir -

ríomhacraidh Inse hEóghain.


43 Tiocfaid leis don leith oile

guaissheabhuic Bheann mBoghoine,

’s garbhshluaigh ó ghleanntaibh Bearnais

d’ealtain chrannruaidh chloidheamhghlais.


44 Atáid leis bhós druim ar dhruim

a bhráithre féin, fuil Chonuill,

nách é a rún éantroigh ar ais,

na réaltoin ó Dhún Durlais.


45 Fearr iad so iná a seacht n-urdail

do shluagh thacair thiomargaidh

fa mhílidh Mhoighe na bhFionn,

ó thíribh oile Éirionn.