Poem in printable PDF format
Mairg ’gá lagaid
a lámha!
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta I, poem 25]
1 Mairg ’gá
lagaid a lámha!
ní hiongna a
rádha uaimse,
an uair lagaid na
lámha
lagaid na grádha
an uair-sin.
2 Na daoine
saidhbhre carthar
nó go lagaid a
lámha;
grádh do neach
gan mhaith aige
ní thóir cara ná
námha.
3 Mar do-chím an
lámh shaidhbhir
’s an lámh
dhaidhbhir ’na farradh,
beannaidh dhíom
bheith go dána
faicsin na lámha
lagthar.
4 “Foirtile mé ná
mh’athair” (?),
an rádh-so cé
rádh fíre,
is lór a dhuarca
d’fhocal,
ós follas fios a
bhríghe.
5 Focal eile is é
seanda
(misde mo mheanma
a thuigsin):
“Ón dá mhaith do
bhí béaraidh
an éanmhaith atá
uirrim.”
6 Tig i láimh an
tí chleachtas
an seabhac ’gá
mbí aithne;
an lámh dá
bhfuighe falamh,
ní dá dheóin anas
aice.
7 Gi-bé bhíos gan
maith aige
bíodh go madh
maith a bhéasa,
gé bheith go
tuigseach tréitheach,
annamh éistear a
sgéala.
8 An té braitear
i mbochtacht
’na fhocal ní bhí
acht searbhas;
briathra an té
’gá mbíd séada
binne ná téada
meannchrot.
9 Gi-bé thaisgeas
a fhuidheall
ní maith thuigeas
an saoghal;
nách é féin bhias
dá chaitheamh
don té thaisgeas
is baoghal.
10 Crodh na
cruinne ’s a maoine
ciodh éigneach
daoine iompa,
fá dheóidh is
amhlaidh aithnim
nách fuil acht
aisling ionnta.
11 Méad a ratha
ná a uaisle
ní hadhbhar
uaille d’aoinneach;
rí na bPears dár
bh’ainm Dáire
is Poimp Mháighe
do claoidheadh.
12 Samson geur
mhór a chéadfadh,
Aicil éachtach,
is Eachtar,
Earcail nár
sháraigh aoinfhear,
féach gur
claoidheadh an ceathrar.
13 A dtiocfa
dhíobh ’s a dtáinig,
is a n-áireamh go
haoinneach,
a mná, agus fir
na cruinne,
cia dhíobh uile
nách claoitear?
14 Ós mar sin atá
an saoghal,
dul dá thaobhadh
is dochar;
gá fearr dúinne
bheith saidhbhir
ná bheith
daidhbhir i mbochtacht?
15 Ós buidheach
Dia don dealbhas,
acht go ndearntar
a fhulang,
má ’sí a thoil
mise i ndaidhbhreas,
nár léige an
saidhbhreas chugam.
16 Eadram ’s an
Mac-sin Mhoire
an tráth is goire
an gábhadh,
cuirim mo chara
Maitias,
an t-easbal
glainfhial grádhach.
17 Mór is
docraide ar ndaoradh
dom shaoradh liom
dá labhra,
acht go mbia
Caitir-íona
ar cumas díona
mh’anma.