firstLine"; ?>

1235. Mairg a deir olc leis na mna $
Length: short c. 6qq (more illegible?)
Certainty: 5
Period:
  1. 14th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. ‘Love poetry’
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lism. 15-16c
  2. RIA 30(23/B/38) Seam.OMurch. 1778-9
  3. Mayn. B 6 18th -19th cent ?
  4. RIA 67 (24/L/37) c. 1815-16 Munster
Prints:
  1. text DG no. 4
Motifs:
  1. Immunity of church in war observed
  2. Love ridiculed
Poet Christian Names:
  1. Gearoid (Iarla) Bk Dean of Lismore
Poet Surnames:
  1. MacGearailt
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg a-deir olc ris na mnáibh!


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 4]


Gearóid Iarla


1 Mairg adeir olc ris na mnáibh!

bheith dá n-éagnach ní dáil chruinn;

a bhfuaradar do ghuth riamh

dom aithne ní hiad do thuill.


2 Binn a mbriathra, gasta a nglór,

aicme rerab mór mo bháidh;

a gcáineadh is mairg nár loc;

mairg adeir olc ris na mnáibh.


3 Ní dhéanaid fionghal ná feall,

ná ní ar a mbeith grainc ná gráin;

ní sháraighid cill ná clog;

mairg adeir olc ris na mnáibh.


4 Ní tháinig riamh acht ó mhnaoi

easbag ná rí [dearbhtha an dáil],

ná príomhfháidh ar nách biadh locht;

mairg adeir olc ris na mnáibh.


5 Agá gcroidhe bhíos a ngeall;

ionmhain leó duine seang slán, -

fada go ngeabhdaois a chol;

mairg adeir olc ris na mnáibh.


6 Duine arsaidh leathan liath

ní hé a mian dul ’na dháil;

annsa leó an buinneán óg bocht;

mairg adeir olc ris na mnáibh!