Poem in printable PDF format
Mairg agá mbí
meanma mhear!
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta I, poem 3]
1 Mairg agá mbí
meanma mhear!
tosach fuaras nár
chleacht cách:
taobh re
haonlocht ní bhí daoi;
minic do bhí saoi
re dán.
2 Ní hionráidh
aifreann gan fhíon;
annamh curthar
síol na sméar;
tig Máirt i
ndiaidh gacha Luain;
tearc, dá
threise, nách fuair léan.
3 Ní coimseach
coite gan tóin;
truagh, a Mhuire,
tóir gan arm;
atá sgológ i
nGleann Gó
nách tabhair muc
mhór ar bhanbh.
4 Ní teirce uisge
ná fíon
san bhaile bhíos
gan chuan long;
ar talmhain dá
siubhladh súd,
ní badh moille cú
ná corr.
5 Ní hiondulta i
luing gan lón;
ionann díbh an
t-ór ’s a luach;
itear arán ar
bórd Gall;
feirrde crann ar
a mbí cnuas.
6 Ag pápa dá
raibh san Róimh
do bhí
saidhbhreas óir, más fíor;
innsim so dá gach
neach, -
feirrde teach ar
a mbí díon.
7 Annamh itear
muc gan dódh;
is minic fear mór
go meirbh;
gach fear dá
léighfe mo dhán
ni bhfuighe bás
do bhreith leinbh!
8 Is tearc duine
théid ón bhás,
innsim sin do
chách os aird;
an uair do mhair
Fionn na bhfian
do bhíodh a
shealg ar Sliabh Mairg.