Poem in printable PDF format
Mairg as bhráighe
ar mhacraidh Murbhaigh
[McKenna,
L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 25]
Eoghan Ruadh Mac
an Bhaird cct.
1 Mairg as
bhráighe ar mhacraidh Murbhaigh,
mairg macaomh
rena mó súil;
fa ríor ní
fhoileam ’n-a ainbhfeas
foireann do shíor
thaibhgheas tnúidh.
2 Mairg ar tús
’n-a dtuigthear éifeacht
d’aicme Chonaill
gar chóir cíos;
gidh bé don
tslógh rabh ’n-a roghain
lór dá char iar
sodhain síos.
3 Aicme Chonaill
na gcolg bhfaobhrach
fuigheall tnúidh
ó dhreim go dreim
créad acht a
cailg céim ar aghaidh?
mairg don fhréimh
dá ngabhair greim.
4 Mar as fhollus
dá gach aoinneach,
ar Aodh Ruadh
[rugadh] i nglas
i mbéal a tharbha
do thoigheacht;
tarla léan dar
n-oireacht as.
5 Gan ghlacadh
n-airm gan aois gcogaidh
do cogradh a chor
i láimh
gan chúis oile
acht ficheadh formuid
feitheamh Moighe
fhonnbhuig Fháil.
6 Neachtain Ó
Domhnaill fa dheireadh
ar ndóchas lán,
ar laogh búidh,
i n-aois leinb
’n-a dhamhna duine
tarla i gceilg na
tuile thnúidh.
7 A bheith i
súilibh sluaigh Bhearnais
a bheich bhós
’n-a bhraghaid ghill
’n-a leanabh i
n-am a éirghe
do geabhadh barr
Éirne inn.
8 Meisde an
umhlacht fhuair ’n-a mhacaomh,
meisde fós a
bhfuair do thail;
suil do-chuaidh
san oidhreacht n-aithreadh
fuair a oirbheart
d’aithbhear air.
9 Romheisde an
meas, meisde an onóir,
nó an t-ainm ar
dtús tárrus lais
nó an mhuirn
fhuair Neachtain ’n-a naoidhin
uainn tar
sleachtaibh Gaoidhil Ghlais.
10 Cúis oile dá
bheith i mbríosún
acht a-mháin ar
labhradh leinn
ní clos re a bheo
d’fhotha idir
ar eo srotha
Sligigh seing.
11 Acht gidh trom
ar ciniodh gConuill,
mo chean buille
do bhean ruinn
dar cuireadh ar
choimhéad uainne
foighéag
d’fhuigheal chuaine Cuinn
12 Mo chean don
oirbheart do haithneadh,
don éifeacht fa
deara dhó
gan bheith sonna
saor ó gheimhlibh
do laogh Droma
bheinnghil Bhó.
13 Le hantoil na
haoise hóige
le huabhar ga
aslach súd
nach reitheadh do
réir a mheanma
d’fheitheamh don
fhéinn Eamhna úd.
14 Is nach
rachadh i rinn treasa,
nach tiocfadh
d’amharc gleo ngarbh
nach lingeadh i
mbearna mbaoghlaigh
le meanma eidir
fhaobhraibh arm.
15 Créad acht
coimhéad do chath Bhearnais
a bheith treimhse
mar tá sé
ar dhaingean mar
ghiall i ngéibhionn
nach cailleadh
Fiadh Éirionn é.
16 Bíodh nach
maith le macraidh Murbhaigh,
is maith
dhóibhséin go dtí an tráth
an tsaorshlat
budh dhéin ar dhaingean
aonmhac Néill
nach cailleadh cách.
17 Acht go
dtaisbéana eacht oile
a uaisle a
oirbheart re n-éag
ag díon clú
coróna Saghsan
’s onóra crú
gasradh nGréag.
18 Cosmhail go
bhfuighead a n-itche
aicme Chonaill is
clann Néill
ghuidheas le
síodh slaite Boirche
i n-aice a
ghníomh bhfoirbhthe féin.
19 Cosmhail dá
bhféachadh fir Sagsan
a shubháilce a
cheannsa a choir
nach éidir a
mheas nach maothfadh
éigin bheas go
saorfadh soin.
20 Foighide,
maordhacht, méin tromdha
a-táid leis - gá
haighne as fhearr? -
ga chaomhna re
hucht gach fhormaid
’n-a lucht
chomhraig tar a cheann.
21 Ós í as aighne
an uile gheimhligh
guidheadh Muire
máthair Dé
ag so roghain
raon gach sligheadh
cobhair dá taobh
sireadh sé.
22 Lór do robhadh
do fhréimh Dálaigh
díobh ’n-a
bhrághaid gidh bé raibh
gan choir ngníomh
gan damhna ndiomdhadh
mar tharla a díol
d’ionnramh air. Mairg.
23 Ar
n-aonbhráighe Aodh Ó Domhnaill,
dóchas Banbha ó
aird go haird,
a bhfuair do
thail rob tuar ratha,
ná raibh do
shluagh Macha a mhairg. Mairg.