firstLine"; ?>

1239. Mairg as daileamh don digh bhroin $
Length: long 37qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 992 Nugent MS c. 1577
  2. RIA 1 (23/D/14) 17th c. ?Offaly
Motifs:
  1. patron’s attractions for women
  2. patron’s prowess in war
  3. imagery for grief (drink)
  4. nature mourns for patron
  5. subjects exposed by ruler’s death?
  6. symptoms of grief (red tears)
  7. people assemble on grave
  8. poet’s own mourning for patron
  9. poet’s vigil on grave
Poet Christian Names:
  1. Muircheartach (RIA 1)
Poet Surnames:
  1. O Cobhthaigh
Patron Christian Names:
  1. Gearoid
Patron Surnames:
  1. Nugent / Nuinseann
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg as dáileamh don digh bhróin

[NLI G 992, ‘Nugent’, 33v; left side of this page missing]

{Muircheartach Ó Cobhthaigh}

[Rannaíocht Mhór, Dán Díreach]


1 [Mairg as da]ilemh don digh bhroin

fan digh ge a-tathair ag tnuth

[...dáil]emh fhear a hoil

an fhleadh bhroin do daileadh dúin

2 [...] leam gach láoi

ní lé hibhe dob fhearr i

fleadh cuiridh [...] eadh mhé

doilidh don té as daileamh dhí.

3 [...] dob iongnadh uaidh

sa mhince don digh da dáil

na [...] ar fhear a hóil

an fhleadh bhróin ó laimh go láimh.

4 [...] tairlegadh uain

na hainmbretha ar chach do chin

[...] anta don tuinn tnúid

gan suil rinn do theachda a dtír.

5 [...] fhir fríoth a bfhaill

Gaoidhil fan dith ar a ndruim

[...] Ghallaibh ghuirt Fhloinn

puirt ’ga roinn re clannuibh Cuinn.

6 [...] alaidh gur bhedhg boin

an lerg os bhrúachuibh gur bhúail

[...] ag tuind re tír

brigh na [toinn?]de buing a brúaigh.

7 [...] fhear cúmtha dá chlu

do fhuilngedh an aoibheal bheo

[...] ndeaghfhóid ní dú

as tocht re clú nGearoid san ghleó.

8 [...] sgar trom fa dtám

dar luing gur leagadh a seól

[...] tarrla fár dtren

ni sgeal fa rún damhna ar ndeor.

9 [...] tuile nach traigh

an tuirsi ar ngabhladh mar grein

[...] mhenma mhoir

foir Dhealbhna da cur a gceill.

10 [...] ar na cor a gcriaid

gan a thochda as doilidh dúinn

[...] an cora do-cim

rodha sil uaim-si san uir.

11 [...] é dondadh der

ar ollamh tar éis a riogh

búdh síol [...] rg mo dhéar

do-ghéan ar gceird dhleaghar díom.

12 Fiu a airde thaiglid ós tráigh [34r]

na haibhne nach ádhbha lín

gidh mór a-muicch confadh cuain

ni chuir uaidh torchar a dtír.

13 Go guin bhrannaimh m’fhoirne úain

dob annamh gan choimdhe ar gclar

meic riogh ar deoruibh dá dhíol

sioth le síol nEoghain nach áil.

14 A n-easbhaidh más aithnid daoibh

ni cneasda bacadh a mbróin

ná máoidh díogbháil mheanma ar mhnáibh

do ríomhnáibh chláir Dhelbhna dhóibh.

15 Cía an éinbhert bhúdh doilidh dúin

ot oighidh ad réltain ríogh

tucc ar gcaoine ar bhfhás a frémh

sgél náoidhe dod bhás nac bríogh.

16 Nír mhó d’uireasbhaidh é dhóibh

sé gé roieasbhaidh dá fhréimh

do dhíoth ar Ghallaibh san ghliaidh

mar dhíoth mBríain ar chlannuibh Céin.

17 Cáor hshlóigh a n-eagar ós t’fhiort

in gach leaba as lór a lucht

úain gin go bhfaghaim ar h’fhert

ní ghabhaind ceart uair as t’ucht.

18 Mór bhfhileadh dán fodhlaigh súain

an tromghuin nach leighis liaig

do mhédaigh mo mhenma bhróin

féchuin ar fhóir nDealbhna ad dhíaidh.

19 Tond tuirsi bháitte gach brúaigh

ni tuile nach táinic fáoin

mo reabradh ar gcúl do-chóidh

lúth bróin muna dhernar dhaoibh.

20 Mar so a Gheróid do ghnáth bhíos

gach deaghfhód gan bhlath ód bhas

rún tuile gach sreibhe súas

sguire gach cnuas eile d’fhás.

21 Fian Dealbhna ag anadh ar h’uaidh

fodhail ar Bhreaghmhach da bhrigh

lia dhá gcrodh ag clanduibh Neill

léir le Galluibh do dhul díobh.

22 Ni fleadh orchra as easbhaidh dhóibh

an fhleadh-soin ar connradh gcúain

iomdha dáileamh dighe bróin

d’fhóir Mhidhe a n-áiremh fát uaidh.

23 Da n-ubhlaibh ni fhuighthe a-rís

’na gcumhdach gur cuirthe sbéis

do luidh d’orchra ar abhlaibh cnúais

guais adhnaidh orrtha dot éis.

24 Do ghuin-si a Gheróid a ngliaidh

tuicter ar a dtionol sluaigh

bheith fá dhráoigheacht ni dóigh dáibh

gáir hshlóidh a n-aoinfheacht ar h’úaidh.

25 A fhir ’ga bhfuil fios na sgel

a gceilt dá madh duit bhudh dual

d’éis einndighe a-bháin don bhrón

an glór ceillidhe as áil úann.

26 Duiscc[th]er anfadh tond da tháoibh

do chabhlach gur dhoirbh ’na dhiaid

gan nert moille ag maighre an chuain

na haibhne ag búain choilli a criaidh.

27 Serc fholaigh ’gá hadmhail lé

a hadmháil ger dhocair di

dob iongnadh ar gcoscc do cháoi

tosd ar mhnaoi biodbadh ’s nac bi.

28 Cáin gach deghfhóid ag dol doibh

go Geróid do chor a gcriaidh

do bhi am nach bértháoi a mbuaidh

dá bféghtaoi sluagh [...]

29 Giodh mor lind a dochar dúin [34v]

a sochar don cill do-chúaidh

cuid as fearr don úaim-si fóinn

ceall na roimh ar uaisle on uaidh.

30 As fiu ainneart tuinde ar thragh

loingeas o chaladh do chlódh

ni hí ar loing-ni a-bháin do bhuail

do-roidhne an cúan báidh lem bron.

31 Dul do Ghearoid a lá leóin

bás Gearóid da gcur fá chíaigh

meisde dhí a nderna da réir

ní hí féin Dealbhna ’na dhiaidh.

32 Tríall gach abha tort fá thráigh

a bhfhad ó chaladh do-chín[n]

sriobh ainmear os thulaigh thúair

cumhain úair nach taighledh thír.

33 A oighidh an t-am fá bhfhúair

brosdaigh an-all ar íbh Neill

léim calaidh do bhean a Bóinn

slóigh Bhreagh ar na bfhodháil féin.

34 Cioth orchra nar fhearthain chiúin

do fearadh ar chondrad[h] gcuain

each gan tshrian an derc fá dhéir

a mían féin don fhert go bhfhuair.

35 Mór bhfhleadhól ag dul tar dháimh

tré Ghearóid do chur a gcriaidh

fleadh bhróin in gach tigh ’nar dtír

ní dóicch brídh a ndigh ’na diaigh.

36 Gerr da éis gur dhoilidh dóibh

a oighidh gidh bé ler bháidh

Goill ar nguin a bfhoirne féin

’na fhéil sguir do chóimhdhe ar gclair.

37 Rún a thoile le triall soir

do rún chroidhe na hiarr air

ní fhadhann file da bhfuil

abhall chuir Mhidhe ó nach mair. Mairg...