firstLine"; ?>

1241. Mairg as urra re heacht riogh $
Length: 3 long 38qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLI G992 Nugent MS c. 1577
  2. RIA 1 (23/D/14) 17th cent. ? Offaly
Prints:
  1. transl. McKenna AiD no. 59
Motifs:
  1. role of BVM
  2. crucifixion of Christ
  3. Judgment Day
  4. the Heavenly Banquet
  5. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. Fearghal (RIA 1)
Poet Surnames:
  1. O Cionga
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg as urra re héacht ríogh


[McKenna, L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 59]


Fearghal Ó Cionga cct.


1 Mairg as urra re héacht ríogh;

ní cúis budh cuirthe i neimbríogh;

a bhás gé do fhóir oirne

is cás far chóir comhairle.


2 Tig gan chion i gclí Mhuire

ceann sluaigh na sé sochuidhe;

do ghlac ón athair ’n-a hucht

mac dar fhachain an umhlucht.


3 Do-ní raon tre reannaibh bear

Leanbh Dé dar ndíon tar dligheadh;

sia ná soin uaidh a fhine

troigh do-chuaidh ’n-ar gcoinneine.


4 Truime ar gcean as ciontach rinn

dá hól as-teagh nach téighim;

diongna is fleadh ann ar ibhe

an teagh thall go dtréigfidhe.


5 Dóigh oinigh is déanta dhi

ar dhruim a ndubhradh uaithe

ceangal síth na bhfear bhfaladh

cneadh an chích dá chríochnaghadh.


6 I luach fhola cneadh gcroidheadh

dar n-agra an uair thiucfoidhear

ní thiocfadh dhí cleith ar gcean

an chlí ’s a beith ’n-a breitheamh.


7 Dá sireadh cóir chneadh gcroidhe

- ní hí an chóir ó dtiucfoidhe -

ní beag doilghe an troighigh thinn,

oighid t’oidhre ní áirmhim.


8 A breath féin ní foláir dhi,

dual leanb ar bhreith a bhuime;

lá as-tigh gun óigh re a heidhir

ar gcóir mar sin sínfidhir.


9 Dar gcaomhna gér chéim doiligh

teacht dá oighidh aontaighidh;

do-chí an grás a-nall do nimh

a chlann i gcás a gcuiridh.


10 Tuigthe dhúinn ar bhior an bhuinn

nach é an connradh nar chomhuill

má do bhí d’eacht ar t’oidhre

teacht i gclí dar gcobhairne.


11 Ní abruim gur saoradh sinn

má tá cóir chneadh ’n-ar n-oirchill;

más [dó] fuair dul i ndaoinibh

dul i n-uaigh ní hionmhaoidhimh.


12 Crú an chígh fa lár do leigeadh

téid dó ar dhéanamh foighidean;

ar chló an troighigh tug a throm

go rug a hoidhir oram.


13 Dá dteagmhadh nach tiucfadh rinn

a bhfuil d’fhaltaibh ’n-ar n-oirchill

sinn féin d’oighidh ar n-athar

céim ren doiligh dealachadh.


14 [I] luach altruim a heidhir

fuair an uile d’fhóiridhin;

rí [an] chruinne ar a cígh gur chuir

gan duine dhínn ’n-a dúthaigh.


15 Iomdha céim ’n-ar cheannchais sinn

go bás t’oidhir dá n-áirmhinn;

nír fhás neimh i gcrú an chroidhe

nar cheil tú le trócaire.


16 Ní huair dhaoibh déanamh moille

ó bhfuil d’fhaltaibh oruinne;

is sinn féin do-roinne ribh

céim ’n-ar gcoinne nach cuirthir.


17 Ag agra a éarca má tá

ní sláine an chíogh an céadlá;

molaim ar dtáth an troighigh

sgáth orainn fat ionnsoighidh.


18 Ar mbreith as-teagh tiucfa dhi

fad fhleidh d’fheartaibh a hóighe;

mó ná neimh na dtrí dtairrnge

do cheil sí dar saoraidhne.


19 Dá mbeadh nach leanfaidhe libh

aonghoin dar fhulaing t-oidhir

ní thig linn díol a ndlighe

fan gcíogh rinn má réidhighe.


20 I ndortadh fhola t’oidhre

má tá cóir far gcomhoirne

do dhul i gcrois tar ceann gcáigh

a-nois budh fhearr a admháil.


21 Cóir i ngoin troighigh má tá

nír dhoilghe dhúinn an céadlá;

féach a-nall, a chrú chroidhe,

a-nú am na hionmhaine.


22 Ní áirmhim do chur i gcrois

nó goin oile dá n-uarais

baoghal t’fhearg fa chrú an chíogha

tú fa dhealg madh doidhíola.


23 Ró oinigh fa-deara dhit

gur fhuilngis oighidh t’éinmhic;

tú it aighne gun chneidh chridhe

mar sin fhailghe m’oirbhire.


24 Mo thoil as-teagh dá bhfaghainn

fuaras óm fhior uraghaill;

ní hí neimh an troighigh thinn

do-bhir t’oidhir im oirchill.


25 Do chuir i gcéill dá fheartaibh

bás t’oidhir nach aitheantair;

cóir Dé go dtiobhradh dá thigh

dob iongnadh is é d’oighidh.


26 Go gcoisgfeadh fíoch beara an bhuinn

do shúil risin óigh aguinn;

maith an chleith dhí ar a díoghail

rí do bhreith do bhainríoghain.


27 Ní hí an chíogh as ciontach ruinn

a-muigh uaidhe dá n-anuinn;

náir lé ochtghoin a hoidhir

dá locthair é d’ionnsoighidh.


28 D’fhuil Ádhaimh gidh dáil doiligh

gan a theag thall d’ionnsoighidh

- bheith a-muigh ní hé as omhan -

re guin nDé más dealoghadh.


29 Dá maitheadh sé bior na mbonn

’s gan chóir d’iarraidh san ubhall

a-tá ar ndíol oirne d’fholtaibh

’s gan chíogh t’oidhre d’fhionnochtain.


30 Bíodh nach geall re guin dtroighigh

an díol do iarr t’éanoidhir,

dá ngabhadh an gclí ’n-a cion

ní faghar í acht le héigion.


31 Dul dá iarraidh madh áil linn

an teagh a-tá ’n-ar n-oirchill

ní buan ré fhaladh t’oidhir

dá bhfaghadh é d’ionnsoighidh.


32 Ní hiongnadh go n-uighthear libh

gach ní dá n-iarrfa ar t’oidhir;

ceiltear neimh glaice gonta

libh i n-aice th’óghachta.


33 Ar ngníomh féin do-rinne rinn

d’fhios an tighe nach téighim;

iongnadh teagh gan tráth n-oinigh

sgáth ar fhear fa a ionnsoighidh.


34 Lá togharma na dtrí rann

fa chuing chóra dá ndeacham

doilghe ná bior na boise

ar gcion oirne d’fhiadhnoise.


35 D’éis bhairrthe na dtrí dtairrnge

ní ham dhó dar n-éaraidhne;

dá séanadh soin coimhdhe cáigh

goin a hoidhre dá admháil.


36 Dá dtí d’agra na gcóig gcneadh

lá saortha na sé líneadh

[geall] ag óigh ar a heidhir

cóir as fhearr ar m’fhóiridhin.


37 Ní fearr fleadh do na fleadhaibh

sreabh as uaisle d’fhírshreabhaibh,

fleadh chodail na gcneadh gcroidhe,

sreabh thobair na trócaire.


38 Ní hé nar urasa dhó

a sheachna ar chrann an chíogha;

nír bhac sé a thaobh do tholladh,

gaol mar é ní fhuaromar. Mairg.