Poem in printable PDF format
Mairg a-tá an
uair-se gan Aodh
[RIA 5 (23/D/4),
112]
An fear
ceadna [.i. Feaghal
Óg] cecinit
[Rannaíocht Mhór,
Dán Díreach]
1 Mairg a-tá an
uair-si gan Aodh
do
ládh an uaisle fa úir
o
nách bés dréachta
do dhíol
sníomh ar ngréas ní déanta dhuinn.
2 Feidm an tan-sa
ar thríath ó nÍr [113]
falamh gach clíar o do-chuaidh
iúl
na Fódla ní feas dáibh
fogra
ar gach ndáimh teas is tuai[dh].
3 Da
n-(d)imghiodh duine re dán
fa
chiniodh do chuire ríogh
do
bhiadh croch reimhe ar gach raon
och
gan Aodh Doire dhar ndíon.
4 Tearc aonsgol
re dán do dheilbh
le a
bhás do m[a]oladh ar moirn
an
tráth fá ttéarnó tuir Cairn
do
mhuigh maidm a n-aonló oirn.
5 Truagh a suidhe
síar mar súd
ar
uillibh triath nocha ttíad
tre
aonduine mun-uar
dh’ég
tréd
shluagh gan aodhuire iad.
6 Tré Aodh Mag
Aonghusa a n-úir
bláth
na daonachta do
dhíon
teasda an sgol uile mun-uar
nach
truagh cor gach nduine dhionn [leg. dhíon].
7 Neamhágh ar mo
dhán ’na dhiaigh
mo
leandán an lá do-chuaidh
do
sgaradh me rém linn
lúidh
mé fa
úir ’s gan inn a
n-uaidh.
8 Dol a
ccaidriobh rúin mo ríogh [114]
ní
duinn nach
aithreach mun-uar
reacht líom mo
chonnmháil rem
chrádh
dob
fearr gan grádh d’fhagháil uadh.
9 Uch nach obadh
fuarus uaidh
dursan mar fuarus
tre aoibh
sgoth
a bleidhiodh ’sa bhrat sróill
slat
nár thóir
ar neimheadh
naoimh.
10 Uchán och a
bhfaghail uadh
sgoth
a roghráidh is a rún
dob
fearr mo chor uadh um fhíon
guala
mo riogh do dhol dúnn.
11 Mairg
dhuinn ar ar dailiodh iad
mairg
dar dailiodh dlus a
phóg
tus a
thoirbheirt togha a séd
is
rogha a stéd n-oirdheirc n-óg.
12 Ar mo bhreith
do bheidís uaidh
dá
mbeidís ar a bhreith féin
Mag
Aongusa mortha gráid
comhtha cláir caomhRosa is Céin.
13 Tug do
dhraoithibh díol nar dhligh
ní
bhíodh gan aoidheadh an [leg. ’na] fhail
ua
Conaill rér théig[h] mo thoil
béim
ag sgoil ní fhaghaim air. Mairg...