firstLine"; ?>

1243. Mairg ata tar eis Fiacha $
Length: short 14qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. NLI G348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c. 1726<1622 ex
  3. TCD 1288(H.1.14) Aodh O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 46
Motifs:
  1. imagery for kingship (aoghaire)
  2. function of kingship
  3. death of patron signals end to peace
  4. contrast btn former joys & present grief
  5. poet’s own mourning
  6. poet open to attack by patron’s death
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (Harvard MS)
Poet Surnames:
  1. MacEochadha
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1597
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg a-tá tar éis Fhiacha


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 46]


Fearghal Óg Mhac Eochadha .cc.


1 Mairg atá tar éis Fhiacha

gan airighidh éintriatha,

’s nach áil le triath oile inn

ón iath go ar-oile d’Éirinn.

2 Mairg agá bhfuil a ndán dó

triath d’iarraidh tar éis Fhiacha;

ní fhoil san tail acht taidhbhse,

mo thoil air dá n-aghainn-si.

3 Giodh mairg a-tá mar táim féin,

ní mé a-mháin dá mbean oilbhéim;

neach mar táim uadh is iomdha,

truagh mar táim gan tighiorna.

4 Mairg ’gá raibh a ró muirne

a gcogar ’s a gcomhairle,

sgath a rún, a ghrádh ’s a ghean,

’s a lán ag tnúdh ’na thimcheal.

5 Mairg do chleacht a chaidreamh séimh

’s a bhronnadh ríoghdha roiréidh

’s a ghnúis donnbhán mhaordha mhear

’s a chomhrádh aobhdha áilghean.

6 Mairg as beó a ndiaidh ar ndeadhla,

m’fhear tobhaigh, mo thighearna,

m’fhear toighe, mo ghaol, mo ghrádh,

mo laogh croidhe, mo chompán.

7 Mairg mhairios gan mhac Aodha,

neach tar m’éis ní hiontaobha,

fear ónár bhuan séd ar sliocht,

truagh gan ar n-ég a n-aoinfhiocht.

8 Truagh mar táim tar éis Fhiacha,

mairg bhíos ar díoth deighthriatha,

’s mé fá thrén Gaoidhiol is Gall

’s gan trén ar aoinfhior agam.

9 Mairg do chuidigh choidhche a ghoin,

misde Gaoidhil goin Fhiachaidh;

mar tá a mhairg, a Dhé, dhamh,

a mhairg don té lér tionnsgnadh.

10 Más d’fhuath croidhe nó a gcruth fill,

mairg dá ttáinig a thuitim,

ceann an chaomhchuire ó Bhóinn Bhreagh,

ceann slóigh laochraidhe Laighean.

11 Mo romhairg fuair mar fuair mé

d’éis Fhiacha [is adhbhar truaighe,

sé ’na aonar go Dia ar ndol]

saoghal budh shia ná [a] shaoghal.

12 Mairg, a Dhé, nár dhídean damh

ceann na ndámh is na ndeóradh,

ceann gan locht, ceann na gcuradh,

ceann na mbocht do bheathughadh.

13 Dob é fear coimhéda ar gcruidh,

mairg as beó tar éis Fhiachaidh,

’s mé gan aonduine dá éis

’na aoghaire agam airnéis.

14 Gidh iomdha mairg roimhe riamh

fuaras do ghasraidh Ghailian,

bás an té nár airg ollamh,

mairg mar é ní fhuaramar.