Poem in printable PDF format
Mairg bheireas
díogha dá dheoin
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 35]
Fearghal Óg Mac
an Bhaird .cc.
1 Mairg bheireas
díogha dá dheoin
mairg thréigeas
teagh an ghnáithcheoil
ar threibh
ndoibhinn ndiamhair nduibh
go bhfoirinn
fhiallaigh uathmhair.
2 Ar comhaonta
deibhléan ndubh
mairg thréigeas
teaghlach glórmhar;
an díogha nochan
í as fhearr;
ní críonna an tí
nach tuigeann.
3 Tuas a-tá teach
na soillse
tíos a-tá - tuar
síorthoirrse -
teach eighreadhta
an diabhail dhoirbh
seinleabtha
fhiallaigh Iofoirn.
4 Tíos a-tá an
triath as mheasa
tuas a-tá - tuar
aoibhneasa -
an flaithfhear ós
na finibh
nar caitheadh ’s
nach caithfidhir.
5 Tíos a-tá an
triath is dorcha
tuas a-tá - tuar
neamhorchra -
an Coimdhe do
chruthuigh mé
oidhre suthain na
soillse.
6 Flaitheamhnas
gan fhoircheann air
thíos a-tá an
triath rer dhealuigh;
tuas tarla an
triath nar tubhadh
sgiath gach anma
d’anaghal.
7 Rí ar a dtá
togha dealbha
tuas a-tá ’n-a
thighearna;
tíos tarla an
triath go n-ainimh;
liach a adhbha
d’ionnsaighidh.
8 Mairg thréigeas
ar thriath na locht
Athair na n-uile
gcumhacht
rí gan aonlocht,
rí na reann
do bhí taobhnocht
im thimcheall.
9 Mairg ler
seachnadh saidhbhreas grás
ar threibh
bhoicht i mbí dólás;
ní críonna cor an
phobuil
do ghabh díogha
dearlagaidh.
10 Go ndíbrir óm
intinn é
an tí as duibhe
ná an duibhré;
tre thoirrse go
dtí im chroidhe
rí na soillse
suthoine.
11 Bheith
bithbheo gidh bé len áil
dá dtréigeadh
níor thuar conáigh
grás as
líonmhaire ná an luibh
ar bhás
shíordhuidhe shuthuin.
12 Seachna Íosa
ar Ifreann fhuar
malairt ghuirt
dan gar diombuadh
an oighidh fhíre
is í soin;
ríghe ní bhí ag a
bhiodhbhaidh.
13 Gille as mhó
d’inmhe agus d’fhuil
biaidh ’n-a
throich ó sin suas-ain
más é as rí ar an
talmhain truim
dá dtí go
hadhbhaidh Iofruinn.
14 An té bhíos ó
thigh go toigh
má théid don
teaghdhais ghlórmhair
bídh fa onóir ó
sein suas;
do-gheibh coróin
ón choguas.
15 Sireadh Muire
ar a mac dhil
m’fhurtocht i
n-aimsir m’éigin;
tar m’olc síor ná
séanadh sionn
dom dhíon déanadh
a dhíchioll.
16 Go rabh leam i
ló ar ngábhaidh
líog lóghmhar
shíl sheanÁdhaimh
Muire ghlórmhar
géag ós fhiodh
séad na n-ógbhan
’s na n-aingeal.
17 Fios a
hóghdhachta ag gach aon
bíodh feasda tar
mhéid mo mhíothaom
dom thaighdeadh
don tigh thall-ain
maighdean dil do
dhearbhamair. Mairg.
18 Peadar
doirseoir dúin nimhe,
leannán na n-ógh
n-ainglidhe,
cara na naomh
a-nall-ain,
saor an ragha
rugamair. Mairg.