firstLine"; ?>

1246. Mairg chailleas geag glanchumhra $
Length: short 10qq
Certainty: 0
Classes:
  1. personal
Manuscripts:
  1. RIA 888 (12/F/8) O’Curry trscr. of RIA 5
  2. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
Prints:
  1. text MD ii, no. 62
Motifs:
  1. Envoi to saint (BVM)
  2. allusion to reading and writing of poetry
  3. symptoms of grief
  4. poet’s own mourning
  5. another poet named ?
Patron Christian Names:
  1. Mathghamhain
Patron Surnames:
  1. Cname only
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg chailleas géag ghlanchumhra


[Thomas F. O’Rahilly: Measgra Dánta I, poem 62]


1 Mairg chailleas géag ghlanchumhra

badh cumhdach croinn gan chríonadh;

anois ar n-éag Mathghamhna

do thuit a bharr i n-íochtar.


2 Craobh mhaothálainn fhíneamhna

do chailleas i dtós fhoghmhair;

d’ardaigh fós mo mímheanma

gan súil agam re a fhoghnamh.


3 Gamhain maith don ghamhanraidh

do b’áirmheach idiri sgolaibh

’na chaoir chruthghlain chabharthaigh,

do thuit mar bhláth roimh thorthaibh.


4 Tug díth an dil dealbhchrothaigh,

ag lucht feasa do foighreadh,

deóir im dheirc ’na ndeargshrothaibh

nách báidhfeadh reódh ná oighreadh.


5 Tig chugam im thaidhbhrithibh

ag seargadh seal le sáimhe

i gcruth álainn ainglidhe

bheanas díom gol is gáire.


6 Mar thig i gcruth naomhnuaidhe

dom mheadhradh seal le siabhradh,

caillim ar feadh aonuaire

dá mbeith oram úir bhliadhna.


7 Leisge is doille is brónbhuidhre,

’s gan lámh ag iomlat mh’éadaigh, -

tug a éag i gcómhnaidhe

mhé gan ionnramh chóig gcéadfadh.


8 Mar léighim a léigheann-san,

mar do-chím a aos comtha,

bím do nós na nÉireannach

fá mhaoith ag dul i ndoghra.


9 Ar ndíth mo sheacht nglanghárlach

sirim grás ort, a naoimhThriath;

maith damh féin a n-achlán-san,

is fág beó agam aointriar.


10 Mar dháil ins an eólchaire

do-rinneas fán ógh amhra,

naomhaingil is óghMhuire

guidhim do choiméad mh’anma.