firstLine"; ?>

1248. Mairg chaomhnas a cholann $
Length: middling 28qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Scotland ?
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 778a (E/i/3) C McMhuireadh. 1649+
Prints:
  1. transl. Eigse x, 271
Motifs:
  1. Christ’s Crucifixion
  2. Judgment Day
  3. pains of Hell
  4. Original sin
  5. disciplining the body
  6. the Eight (or Seven) Deadly Sins
Poet Christian Names:
  1. Cathal (RIA 778a)
Poet Surnames:
  1. MacMuireadhaigh
Meter Vars:
  1. Rionnaird tri n-ard
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg chaomhnas a cholann


[Angus Matheson, ‘Poems from a Manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh’, Éigse 10, 270-8]


1 Mairg chaomhnas a cholann,

a caomhna is cúis thruaighe;

gá d’ulc, a Dhé, dúinne

mé re h-ucht na h-uaighe ?


2 A lucht iarras onóir

a h-uaill a dath diasfholt,

dhuibh ní gann an ghuasacht

’s nach fuil ann acht iasacht.


3 An truaill-se i dtá sinne

is sí ar mbiodhbha bunaidh;

nocha naomhdha a h-ionaidh,

a caomhna ní cubhaidh.


4 Calann na nós neimhghlic,

námha hí dom anmain,

feacht oile dá h-iomdhaidh

seacht dtroighe don talmhain.


5 Mairg do-chuaidh ’na comann,

cré na n-inntleacht n-ainbhfial;

uaimhneach dí a deighriar,

clí uaibhreach na n-ainmhian.


6 Sí le craos as ciontach

re céad díle an domhain;

cóir mo chailg ’na cionaidh,

mairg do-chóidh ’na conair.


7 Sgoltadh cridhe an Choimdheadh

’s céasadh a ghlac ngealbhog,

sé oirne dá h-iomlad,

oighre Dé do dhearmad.


8 Sí ’na máthair mhallacht,

mairg ghabhthar ’na gealltach;

nach truagh meise am millteach

le seise fuar fealltach?


9 Sí le sal na sinnsear

sinn go mailís múiridh;

mé am biodhbhaidh dá báiribh

fa dhiomdhaidh Dhé dhúiligh.


10 Do líon d’uabhar Éabha

nár fhéach d’aithne ar nAthar;

mac Dé daor fa dhochar,

mé dá thaobh gan tathamh.


11 Sise le seól meallta,

meise ag íoc a h-uabhair;

mairg don té lér thaobhaigh

cré gan aird gan uamhain.


12 Atá sin ’nar seise

saint is drúis is díomas

tnúdh is cealg gan chádhas,

fearg na rún do ríomhas.


13 Atá am cholainn chiontaigh

craos go lór is leisge,

déine gan chéill coisge

le chéile is méin mheisge.


14 Do chaill dhúinn port pardhais

fa phéin pheactha marbhtha;

ar gclí gan cheisd n-urchra,

sí ara teisd ní taghtha.


15 Mairg atá fa treise,

tug mo chlí gan chairde

a h-úidh d’ainbhfios buirbe,

dúil d’fhailgheas is d’airde.


16 Tug Dia dhaoibhse, a dhaoine,

a dhrong do dhligh docracht,

síosa dhuibh mar dhaltacht

d’fhuil Íosa tre fhortacht.


17 Do fhadódh fheirge ar nAthar

gá h-olc nach fhuil innte?

calann na gciall gcaillte,

mh’anam dá mian millte.


18 Do chuir Críosd re gcéasadh, -

créad nach tuilleamh tola? -

[dár n-amhas cúis cheana],

dá ghnúis allas fhola.


19 Páis is peannaid Íosa

d’fhuil Ádhaimh budh sompla;

ó thoil do fhaomh umpa

a thaobh ’s a throigh thollta.


20 Do bhí fa chuing chéasta

Críosd a measg na meirleach,

mac Dé ar chlár dá chuibhreach,

sé dár ngrádh ’na gheimhleach.


21 Dia Luain, lá an tionóil,

mar thig ar dtráth nóna,

bheith ann, a Dhé, is dána,

’s mé ar gcall mo chóra.


22 Tig chugainn sa gcoinne

Críosd ’s a chroch re ghualainn,

beithear lá nach léaghaim,

teicheadh thrá ním tualaing.


23 Dia mar aighne am aghaidh,

mh’olc am éadan sgríobhtha,

sé ag feitheamh dhrong ndaortha

’na bhreitheamh lom líomhtha.


24 Lucht leanamhna an dlighidh

ar deis Dé dá bhféaghadh,

cóir mar soin dá saoradh

tre thoil dóibh do dhéanamh.


25 Ar láimh chlí an Choimdheadh -

créad nach adhbhar uamhain? -

lucht éagcára ar-íribh

éadána a h-ucht uabhair.


26 Beid go bráth dá gcéasadh,

i gceardcha chaor ndrithleann,

clann chíocrach gan chonchlann

i n-all íochtrach ifreann.


27 Ós tú oighre ar nAthar

do shaor inn le t’fheólfhuil,

mé dheit ar do dhaoinibh,

a mheic mo Dhé, deónaigh.


28 Tuigthe dhuibh gan dearmad,

a dhrochdhaoine an domhain,

gur dhíosg dhuibh fa dheireadh

fuil Chríosd in bhur gcomhair. Mairg.