Poem in printable PDF format
Mairg chreideas
lucht aimhleasa
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 71]
Donnchadh mhac
Domhnuill Mic Eochadha .cc.
1 Mairg creidios
lucht aimhleasa
chuirios fuath
eidir chairdibh;
beith teann, cá
ní as aimhghlice?
a mbriathruibh
lochta an aimhlis.
2 Dá tteagmhadh
go millfidhe
duine gan choir
tré bhréaguibh,
do-chí Dia nárbh
inchreite
do lucht cumtha
na mbréag-soin.
3 Na sceóil
bhlasda bhréagacha
cumthar lé lucht
na meabhla,
[mairg cumus na
bréaga-soin]
do mhuin
drochcroidhe is dearbhtha
4 Mairg bhíos
eidir dhearbhghaoltuibh
ag dénamh aimhlis
bréige;
a bhfad as a
neamhthaobhaid
na gaolta féin a
chéile.
5 Mairg neach
eidir bhráithreachuibh
imrios
fáithbhearta aimhlis;
mór riamh do na
fáithbheartuibh
bhíos dá n-imirt
go haimhghlic.
6 Dearbhthar do
chloinn tréinFhiachaidh
ar chloinn Seaáin
mic Rémuinn
scél bréige gan
éinfhiadhuin
do leath ar fud
gach énfhuinn.
7 Dia do dhénamh
síothchána
eidir Émann ’s an
chlainn-sin,
mhúchfus in scél
fíorghránna
do cumadh do
dhruim aimhlis.
8 Nár léige Dia
imreasain
eatorra ar feadh
a saoghail,
clann Fhiachaidh
fhéil intleachtaigh
is Émonn nár
theib aonscoil.
9 Go mbiadh gan
dáil dealuighthe
re cloinn Fhiacha
as ard n-áirmhe;
Rí nimhe ’s a
neamhchoirthe
do tháth Émuinn
ré [a] bhráithribh
10 Mac Seaáin is
Féilimidh,
is Rémann nár
dhiúlt cliathaigh,
ré chéile go
réidhighid
fán scél mbréige
gan fhiadhuin.
11 Na trí
leómhuin neartmhura
nách tabhair cúl
do thachar,
síoth gan
fhoircheann eatorra
go ttí
d’fheartuibh Dé Athar.
12 Trí curaidh
gníomh n-ardbhladha,
trí deaghcaraid
na héigne,
lór do dhídion
Raghnallach
bheith dóibh ag
cur lé chéile.
13 Clann Fhiacha,
in chlann lúithneartmhar,
mac Seaáin riú
do-roighne
ar slán gcosg in
Dúileamhan
síoth nách
brisfidhear choidhche.
14 Tré fhear
fuatha d’allmhurchaibh,
a fhir chumtha in
sceóil bhrégoigh,
dob fhada lé
Raghnallchaibh
do bhí Émonn ’na
n-égmuis.
15 Fréamh
Raghnuill ní rabhadair
riamh acht ag
seachna béime;
scél méduighthe
faltanuis
dóibh níor
chreidte ar a chéile.
16 Aca do bhrígh
réidhighthe.
do rún croidhe lé
a mbráthair
ní bhia acht
iomáin éinleithe
ag cloinn Fhiacha
an oinigh thásgmhair