firstLine"; ?>

125. A Shionainn Bhriain Bhoroimhe $
Length: short 7qq
Certainty: 5
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 Co. Offaly
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no. 12
Motifs:
  1. use of place-names for ornament
Poet Christian Names:
  1. Diarmaid (RIA 6)
Poet Surnames:
  1. O Briain (chief of his name? ‘Ua Briain’ BOCD )
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

A Shionainn Bhriain Bhóroimhe


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 12]


1 A Shionainn Bhriain Bhóroimhe,

iongnadh is méad do gháire,

mar sguire dod ghlóraighe,

ag dol siar isin sáile!


2 Gluaise láimh ré Bóroimhe,

téighe láimh ré Ceann Choradh,

ag moladh Mhic Mhór-Mhuire,

go bráth bráth as binn t’foghar.


3 An port as a dtéighesi,

ó Shliabh Iarainn, ga neimhcheilt,

lór a luaithe téighisi

tre Loch Ríbh tré Loch nDeirgdheirc.


4 Ag dol tar Eas nDanainne

nocha nfhéadthar do chuibhreach,

as ann do-ní an ramhaille,

ag dola láimh re Luimneach.


5 Ó Luimneach an mhearsháile

go dtéighe a n-Inis Cathaigh,

láimh re port ar Seanáinne,

caidhe th’imtheacht ’na dheaghaidh?


6 Fa imlibh ar bhfearainne

meinic théighe in gach ionam,

ar ais tar Eas Danainne,

ag dul san bhfairge a Shionann.


7 Bóinn is Siúir is Sein-Leamhain

agus Suca na[ch] sriobhmall,

adeirit na deighleabhair

gurab uaisle tú a Shionann.