firstLine"; ?>

1255. Mairg danab soirbh an saoghal $
Length: long c.36qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th early
  2. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudo-YBL 15th c.
  2. Francis. A 9 15th cent.
  3. RIA 475 (24/P/25) L. Cl.Suibhne 16th c
  4. Book of O’Conor Don c. 1631
  5. NLS Adv 72/2/14 ? cent.
Prints:
  1. transl. McKenna DDe no. vii
Motifs:
  1. King’s official : maor
  2. imagery for Christ
  3. God as Creator
  4. Christ’s Crucifixion
  5. Sin and penitence
  6. Original sin
  7. gift of tears
  8. renunciation of the world
  9. the Seven Deadly Sins
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (TCD 1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Apologue Subclasses:
  1. wonders of Christ’s birth
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg danab soirbh an saoghal


[McKenna, L.: Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin, 1922, poem 7]


Tadhg Óg Ó hUiginn .cc.


1 Mairg danab soirbh an saoghal

a mhuirn is mairg do ghéabhadh

dá mbé [.................. ] saoghal

baoghal [ a] déanamh.

2 Gidh maith le fear fuair soirbheas

ar n-uair is eadh as aimhleas

ní báidh leam m’úidh ar m’ionnmhas

fearr d’ionnlas dúinn an daidhbhreas.

3 Tuar neith i n-a dtú tacha

bheith gan bhú bheith gan eocha

neach nach tréig báire an bheatha

téid beatha as sáimhe seocha.

4 Ní chuir seadh is an saoghal

acht fear ar nach fuil uamhan

ná bac do bhocht Dé a dhéanamh

’s ná déanadh sé ort uabhar

5 Leasg le Dia dala ó aonta

madh lia a fhala ná a n-íocfa

a n-íoc más é nach féadfa

créachtá Dé dhíot is díolta.

6 Gion go bhfuair sé bhar sochar

uaibh nochan é do rachadh

a shliocht gé a-tá ar a theicheamh

beithear lá ar iocht an Athar.

7 Sreabh chorcra a cíogh an Dúilimh

dá shíol budh dolta ar déaraibh

munar fhóir sé síol Ádhaimh

síodh álaidh Dé ná déanaidh.

8 Bíodh an béal bíodh an croidhe

ar sgéal an Ríogh le roile

feacthair leat glún ag guidhe

feac a dhuine an rún roimhe.

9 An laogh do bhí ’gar mbanóigh

do ní ar gach n-aon a fhuráil

ar an gcrádh fhuair im anáir

grádh d’fhagháil uaim níor fhuráil.

10 Fuair deacra ag díon a chloinne

is bearta ríogh do rinne

ris an leic do bhí a bhruinne

Rí an chruinne dá reic rinne.

11 Gé bheath tráth ar tí ar ndídin

do chí áth as nach éidir

fala Dhé ar tí mo thréagaidh

gur mhéaduigh mé í ar éigin.

12 Tú id leanabh ag breith bisigh

a-dearar red dhreich bhfosaidh

sa chaithir i gcrú an asail

braithidh lasair thú ar tosaigh.

13 Do bhean sé dhínn ar ndaoire

ó rígh gus an té as táire

a chrú re dealg ’gar ndín-ne

leanb do ríne tú a táidhe.

14 Ná tí a Dhé dod dhreich nuabhuig

mo bheith ’gun té ’gá dtámuid

díod féin do bheith id bhráighid

táinig béin neith dod námhuid.


15 Ceana an chuirp liom ní [leigtir]

a uilc i gcionn gach chiontaigh

an chnú ní ’n-a bláth beantair

sbreagfaidh tú cách ’n-a gciontaibh.


16 Is fear eire mhóir misea

ná lean cóir meidhe an mheasa

déanam síodh sul tí tusa

usa do dhíol ní as neasa.


17 Ag feitheamh a Dhé dhúinne

go mbé breitheamh an tSléibhe

do ghéabhtha neamh ní as saoire

daoine ar tí chean a chéile.


18 Do mharbhadh dháibh a Dhúilimh

madh áil ní hadhbar uamhain

beid a Dhé ar iocht bhar n-álaidh

sliocht Ádhaimh na sé sluaghaibh.


19 A mian don cholainn caithtir

a riar orainn do fhocail

tiocfa fós a Dhé a deacair

tós peacaidh is é socair.


20 Tú liaigh na hanma d’aire

is liaigh cabhra na cneidhe

ní ribh bheireas a bhuidhe

duine ar leigheas fhir eile.


21 Bean fad chomhair do cumadh

romhaibh is eadh ro b’ollamh

do thurn sé ar chlí nar cailleadh

aingeal Dé bhí dá bhronnadh.


22 Fuair mé an saoghal go socair

a thaobhadh a Dhé is deacair

mar éan is é gan eitil

mé ar eitibh phréamh an pheacaidh.


23 Dom thocht i dteach na glóire

go ndeach mo chorp i gcaoile

nach truagh só gidh díbh dhúinne

mín na dúile dhó acht daoine.


24 Ní lugha as fhearta eile

dula is teachta don tuile

slat do bheith i n-a bile

slighe go reich Mac Muire.


25 A chlann do fhóir i n-éinfheacht

an crann do chóidh ’n-a bhánucht

is liom é tar gach n-aonolc

sionn ar daonnacht Dé ag dánacht


26 Guidh an Rígh do rún chroidhe

do shuidh ar glún mín Muire

tabhradh cách é dá n-aire

caidhe fáth Dé ’n-a dhuine.


27 Do ghein leanbh Moire móire

roimhe do dhealbh na dúile

is í siúr na sé ndíne

do ríne iúl Dé dhúinne.


28 Dom éadáil ní fhuair athnamh

éagáir ós uaidh do gheibhthear

m’olc féin is é do aithfeadh

réidh do mhaithfeadh sé an seinchion.


29 Ní taghthar i dteach Mhuire

neach nach anfadh fá eire

gémadh naomh ní dhligh duine

taobh re guidhe fhir eile


30 An bonn ’s an croidhe cneadhach

trom an t-oire ré fholach

maor Dé bhí nocha buidheach

sé ag fuireach go dtí an tobhach.


31 A dhuine do ní neamhuaill

ní dá bhfuighe ní foráil

biaidh uair a fhir an chonáigh

’s budh onáir libh uaigh d’fhagháil,


32 Níor eol dí a cáin do chomhall

do budh cáir gan í d’fhulang

bean do chuaidh ar fhud abhall

tug m’anam uaim ar ubhall.


33 Is le Saor an gha ghréine

an chraobh is cna na craoibhe

uasal riocht an té as táire

sliocht láimhe Dé na daoine.


34 Ní tadhbhás dúinne ar ndochar

forbhás fúinne ná feithear

ní fiú mé a chorp do chaitheamh

maitheadh sé m’olc re [fheitheamh]


35 Seacht bpeacaidh marbhtha ar meallta

deacair m’anma ag teacht treampa

truagh an bheart aghadh ionnta

seacht gcionnta is rabhadh rompa.


36 Do luigh san uaigh tré umhla

fuair guin ní guin gan tarbha

do bh’í docracht ’n-a ndearna

Rí neamhdha d’fhortacht m’anma.