Poem in printable PDF format
Mairg dar
chumthach an chumha
[Anne O’Sullivan
and Pádraig Ó Riain, Poems on the Marcher Lords from a
sixteenth-century Tipperary manuscript, Irish Texts Society 53,
1987; no.2]
In obitum Jacobi
Pursell baronis de Luaghma
1 Mairg dar
chumthach in chumha,
cumha orm ní hedh
nach léir;
nocha brón cumtha
mo chumha,
lór
m’urchra dá chura [i] céill.
2 Nír thuig misi
méd mo mhacnais
ó mhac
Thomáis, ciabh mar chorn;
co cré do
char ar in fer-sain
do an mé gan
esbhaidh orm.
3 Mac
Mairghréige ag adhna m’urchra;
ní fhuil ar
sgaíledh na sgél,
ar chaíne
trá um an trénfher,
lá saíre ar
dhénemh mo dhér.
4 A lucht
áenleapa ’s a ollamh,
ua Séfruinn
Ruaidh na rosg mall,
lucht dénta
cheoil oga chaínedh,
rédla eoil
Ghaídhel is Gall.
5 Lán d’eolchaire
ó Uachtar Lámhann
a lucht grádha ag
imthecht uadh,
cá dám do ar
ndula do Shémas,
cumha so
bhéras go buan!
6 Mac Tomáis gus
in tráth teasta
ní tángas rium
’ga rosg mhall;
nír thuig
meisi méd ar léin-ne,
seisi d’ég a
gléire Gall.
7 Dá ollamh is
adhbhar urchra
d’éis gach
anóra do fhuair;
do bhíth
fáilte fa-rinn roimhe
re linn
cháinte oile uaidh.
8 Decair damh-sa
dul dá chumha;
cumha
mhenman mairg dar lean;
nocha liaigh mo
chabhra in cridhe,
a mharbhna
i ndiaidh bhile Bhreagh.
9 Do bhí
gur legadh seol Sémais
súil acu re
fholt na ngég,
ina dhá rann im
thuir taídhen,
fuil Ghall
is fuil Ghaídel nGrég.
10 Gidhbé do
bheth ag techt tairis,
do thnúth re
teist ó nach mair,
Frangcaigh
ós dá méin a mhianaigh
nár shanntaigh
béim d’iarraidh air.
11 An céin do
mhair, anba an t-áirimh
d’ollamhnaibh
Banbha ar bhrond súd;
do shanntaigh a
char ’nar cluasaibh
bladh in
Fhrangcaigh uasail úd.
12 Canfa misi re
mac Tomáis:
“Ní thic
gráinne tré ghort túir;
ní hingnadh ót ég
gan toradh
fidhbhadh, dá
mhéd, folamh fúibh.”
13 Súil agad re
huaislibh Éirenn,
a ua Shéfruinn, a
shúil mhall,
do-chuaidh bhar
súil mar nár saíledh,
tú re huaim
Ghaídhel is Gall.
14 Do bhás
i cinn chríche Banbha,
red
bhreith uain-ne, a fholt mar fhidh,
do bhí ar
súil re sedh do dhlighidh,
cnedh glúin do
gach filidh ibh.
15 Atá
d’urchra ar éigsibh Banbha,
a bhas
chorcra, a chúl na ngég,
dá bhrígh
ag breachghuin mo chroidhe,
Luachmhuigh ag
rígh oile ót ég!
16 D’anmhuin
eturra is olc mh’fhulang,
a áes grádha a’
gol mo rígh,
Puirselaigh do ghrádh an Ghoill-si;
tuismhemhaidh mál
toirsi trím.
17 Aidhbhne
uaisle airir Éirenn,
d’éis éga dá
earla thigh,
céili luighe fa
láech Éirne,
fráech a tuile ag
éirghe ós fhidh.
18
Tuigther Luachmhuigh lán do chumhaidh,
is Caill
Eachra d’éis in rígh;
do mhian a
ghuil ar fhéin uirre,
gan chéill sguir
ar dhuine díbh.
19 Teaghlach in
bharúin, beart ingnadh,
ar n-ég leomhuin
Linde Féig,
i teann ar tochta
don deighfher,
gearr ó Chorca
Theinedh théid.
20 Do-ní sa
Samhradh sín Earraigh
d’éis tShémais,
nír shuaill a neimh;
na géga crína
isna cráebha,
féga sína sáebha
sein.
21 Nochan fhuil
ón uair nach mairinn
mac Tomáis,
gruaidh mar ghéis,
ní teas do
ghoill ar a gelchna;
meas ar Choill
Eachra dá éis.
22 Sína garbha re
hucht Fhoghmhair
d’fherthain truim
ó ló go ló,
ég in rígh fa
táem dá tráethadh,
sín tsháebh a’
cáechadh na cnó.
23 An céin do
mhair mac in bharúin,
do bhrígh
na toirbhert thug dúinn,
tearc do
shanntaigh dréim re duasaibh
in
Fhrangcaigh fhéil uasail úir.
24 Sgél uaingech
nár reacadh reomham
ar ríghraidh
bheodha in Bhuird Chruind;
curthar i ndeoigh
scél do sgaíledh
prémh eoil na
saírfher i suim.
25 Geis dó gan
dul i cenn comhóil,
do Ching Artúir,
gérbh é a am,
’na
fhindbhrugh uaingeach ’na anáir,
ingnadh
nuaidheach d’fhagháil ann.
26 Do-chí ag
snámh ar sruth na cathrach,
Cing Artúir dá
creidit cách;
téid le
hingnadh i ceann caithmhe;
geall ’ga
fhinnbhrugh ghairthe is gnáth.
27 Cloidhemh i
certlár na lice,
líg
mharmair fa baoga in ball,
leac agus
í ag snámh gan imramh,
fa lán in rí
d’ingnadh and.
28 Lec
mháeithdherg do mharmar chorcra,
colg ’na certlár
do-chí sé;
gé do
mháeidhedh méd a theiste,
nír fhéd
áeinfher eisde hé.
29 Sir Lamhsalóid
na slegh solas,
Sir Galafas,
gruaidh mar ghrís,
dóibh a-tá in
tarngaire a techta
lá crandghaile
rempa a-rís.
30 Tarrang in
chuilg ar Ching Artúr
nír fháemh
Lamhsalóid don líg;
“do mhac
a-tá i ndán a dhénamh,
cá dám trá ’com
théghadh tríd?”
31 Sir Galafas na
ngnímh rathmhar,
ridire óg is ard
sdair,
gerr arna
fhaisgin gur fhaillsigh,
grend gaisgidh
’mun aim-sin air.
32 Ní thug sidh
agus sé ar suidhe
Sir Galafas, nár
mheth móid,
mar
do-chuaidh sa Cathaír Báeghlaigh,
tathaír don
sduaidh fháebhraigh óig.
33 “A lenmhuin
tré lár na lice,
lann
chruaidh do-chuaidh dá lán,
táinic sí libh as
in leic-se,
mar do bhí
sin deit-se i ndán.
34 Teaghlach
curata Cing Artúir,
a uaisli, a
mhílidh is a mheic rígh,
ráinic i ngeall
duid fa dheiredh,
gearr gur thuig
gach deighfher díbh.”
35 Sir Galafas na
lann límhtha,
láech calma fa
cródha i gcath,
mar rug geall in
té ó tháinic
ceann a ré ráinic
a rath.
36 Do
mhuintir dhílis in deighfhir,
a ndul ’na
dhiaidh cá d’ulc dóibh,
mása dír, ar n-ég
an churaidh,
céd díbh dá
chumhaidh do-chóidh?
37 Deimhin in
sgél rim do racadh
ar réim in ridire
ghil,
gég do
chrú na rígh ó Rémus;
cnú dá shíl in
Sémus sin.
38 A mhac
samhla díchra in dobrón,
ar ndul tShémais,
fa dáil doirbh;
fa mbé a ollamh
’s a fher cumtha
ní bhen
sonnadh d’urchra oirn.
39 Gé a-tá
d’fhiachaibh ar a ollumh
áirimh a chen, is
é a fhir,
dá
roimhéd, ní meadh d’ar mebhair,
coimhéd a
chean dleghair dím.
40 Crecha troma i
Tuaith Ó bhFaroll,
Baile Eilith, ní
fáth rúin,
Ros Cré ’ga
argain re ’r-oile;
do ardaigh sé an
oile i n-úir.
41 Cloch Insi tar
éis a creachtha,
Cloch
Fhothonnáin, gnímh gan gheis,
táin bó asa fidh
dá fuighlech,
cin nó dó a hÍbh
Luighdhech leis.
42 Creach ón
Tuaith a-mach le muintir
mheic
Thomáis a-tá fa líg,
a rug ó
Chluain Mhór ar maidin;
mór do-chuaidh
’na taicthin tríd.
43 D’anamhuin re
héirghi mhaidne
nó gur mhachnaigh
a fhir fhis,
ceo dá cleith i
Coill na Manach,
do roinn creich
go ramhoch ris.
44 Re cois
chreichi Cilli Céire
creach na
Cairrgi, cá tám dí,
a hainm
do-chuaidh ós fhuighlibh;
Cluain Tairbh
nochan fhuighibh hí.
45 Crech Rosa
Chré cuid dá chaithréim,
crech a
hUaithnibh ’gá fholt tais,
leth ar leth
leisin seng suilbhir,
fa sech i cenn
Luimhin lais.
46 Ar n-argain
fherainn Ó Riain,
rí
Luachmhuighe do ling díg,
ag dáil
chleth um chrodh Ó nDróna,
fa sech a’ cor
tóra tríd.
47 Cuid do
chenaibh Cloinne Ruaidhrí
rug Sémus, ní
suaill in rath,
do bhí ar
chúl a’ car na tóra,
cradh ó
Dhún na Móna a-mach.
48 Crech na
Cúlchailli le céile,
crech ó réill a
nabar i n-oil,
do-chuaidh tar
choill tré Chluain Míne,
roinn do
bhuaibh na tíre thoir.
49 Crech cródha
na Cailli Tarsna
tug Sémus, ní bec
in brath;
ní gerr ó chuala
na cena
i cenn Cluana
Mhela a-mach.
50 Crech a
gortaibh Guirt na Cloichi,
crech
Philip, fa cródha an cin;
nemhnáir mar do
chrech le céile,
crech
Bhernáin Éile agon fhir.
51 Táinte do
chrodh Chloinne Piarais,
Puirselaigh rempa
rug siad;
ar
fhagháil uaine ar chrech Bhaltair,
cleth Muaidhe do
altaigh iad.
52 Crech ler
ghluais ón Ghuirtín Chlasach,
Cluain Ó Sgillóg,
ní scél táith,
in Baile Nuaidh
leo do losgadh,
nír fhuaigh ceo
ar chosgar cháich.
53 Cin a
Nuamhain, cá mó masla,
mac Tomáis nachar
ghabh geis,
a mheth
iarras isin Athchradh,
crech ó
Phiaras Lathfan leis.
54 ’Sa
Ghrafainn i mesg hÚa Mechair,
mac Tomáis sul tí
tar ais,
leth ar leth
ortha do fhásaigh,
crech na Tolcha
ón lá-sain lais.
55 I comhdháil
airm re hucht mhaidne
mac
Mairghréigi, móide a bhladh,
i ndeoigh
chen an fhuinn d’fhuiling,
gur bhen
do Dhruim Chuilinn cradh.
56 Mac Meic Áedha
ar aba a airce
gan
áenbhoin ó fholt na sgath;
ar cin-ne ní cin
nach racha
ó Fhir
Ghlinne Mhacha a-mach.
57 Crech
Dhurlais Bhig leisin mbarún
is Baile Í
Shídhcháin táebh thoir;
do iarr na fedha
dá foghail,
cena ó Fhiadh
Moghain a-moigh.
58 A’ siubhal le
soillsi mhaidne
mac Tomáis,
nachar thuar geis,
do-chuaidh
a fírrainn Ó Faithi,
díraim dá mbuaibh
laithi leis.
59 D’Íbh
Bráenáin, ní bec in masla,
re mac Tomáis tug
a roind;
énbha i nÍbh
Duach fa dheradh
do luach dhénmha
in chena Goill.
60 Ar ndul fa
Bhaile Í Mhuíl Mhesa,
mac Tomáis, ní
beg in barr,
mó fa dhó
lín na leathach
ag rímh
bhó Ó nEachach and.
61 Ós ’gá
thuiriumh a-tá mi-se
ar Sémus, fa
corcra ceis,
cách ’na
dheoigh uile go héimhthech,
(ó) Shain Eoin a
léirchrech leis.
62 Fan Cuanlacht
do-chuaidh in barún,
fa Bhaile
Póil leth ar leth;
ar ndénumh chean
ar Loch Luachra
sgoth bhean sul
dob fhuartha a ech.
63 Eachtra
Róisdech cuid dar cuimhne,
do chuir Sémus,
lór dá lot,
’sé nocho cian ó
ainm d’fhoghbháil,
’na
mhaidhm tré Shliabh collbháin Crot.
64 Ní fhúigibh
gan chuma id chaithréim,
i Coill Achra, a
fholt chas,
Síl Mechair ina
maidhm romhaibh
le ndechaidh ainm
oraibh as.
65 Oirecht na
Clann do chrech tusa,
táem
ordhraic órbh áirmhech sibh;
do leth a lomnán
dod ghnaí-si,
crech a hOrlár
laí-si libh.
66 I nDurlas, fa
suairc in siubhal,
Sémus [...],
puing dá ghnímh,
esbhaidh a n-ech
ar fhéinn Ghaídhel,
ar mbéin
chrech is daínedh díbh.
67 Crech a
Músgraidhe ar maidin
le mac Tomáis nár
mheath mind;
a dhola is damhna
d’ar n-urchra,
tarla fola cumtha
im chind.
68 Baile na hInse
uaidh braiter,
Baile in
Ghrontaigh, nír ghnímh docht;
“téid duid a
mbuar ón dá bhaile,
tuig gur
bhuan a n-aire ort.”
69 Fúigfid gan
chuma dá chaithréim
cuid an chédlaí
ag craíbh lúain;
nocha cumabh é re
r-oile,
acht sé ag urradh
oile uaim.
70 A lucht
cumtha, ó do chuaidh Sémus,
fa siubhlach orra
i ngach aird;
biaidh gan dula
dím bu-dhesta
cumha in rígh, dá
mesta, mairg!