Poem in printable PDF format
Mairg dar
compánach an cholann
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 36]
Athairne mac
Eoghain .cct.
1 Mairg dar
compánach an cholann,
cumann fallsa ní
fuath lé;
guais thall a
cionta fam chomhair,
tiocfa am bhus
omhain é.
2 Fuath m’anma is
annsacht mo cholla
connradh meallta
mairg do-ní;
mé dá toil
congbhaidh an cholann
foghlaidh mar
soin oram í.
3 Gach grádh
riamh dá radas di-se
níor dhíol uirre
ar fhuath na bpian;
do fhill mo
ghrádh ’n-a fhuath oram
lán dom fhuath an
cholann chriadh.
4 Ní díol ceana
an cholann mheabhlach
gidh mór an toil
thugas dí;
minic nach buan
críoch a cumainn
ní fríoth achd
fuar umainn í.
5 Lór dom
theagasg gé táim aimhghlic
i n-am an bháis -
is beart chruaidh -
na huilc i dteine
ga dtéaghadh,
na cuirp eile
d’fhéaghadh uaim.
6 Re hucht an
bháis - is breath cantar -
an claochlódh
truagh thig don ghné;
an corp ar
[chalbha] na huaighe
olc an damhna
uaille é.
7 Do-chím an béal
dearg ar ndubhadh
’s an déad
chailce ’n-a cnáimh ghorm,
mo thoil ní
fhuigheam ón uabhar,
ní chuireann soin
uamhan orm.
8 Na súile i
n-aimsir an éaga
adhbhar biodhgtha
mar bhías siad
- gá beag dúnn ón
rígh mar rabhadh -
do-chím cúl ar
aghadh iad.
9 A ghrádh féin
is aimhleas mh’anma
ós éigean dúinn
dul ós aird
fuair an cholann
cuid na deise;
romhall do thuig
mei-se a mhairg. Mairg.