firstLine"; ?>

1261. Mairg dhiultas d’inghin Anna $
Length: long 40qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 8 (24/L/6) Eoghan O Caoimh ?1679
  2. Mayn. C88 Eoghan O Caoimh 1704
  3. RIA 10 (23/M/12)Fr M.ODomhnaill 18th c
  4. TCD 1325 (H.3.6) Stephen Rice 1714
  5. TCD 1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp. 61-5
Motifs:
  1. Trinity
  2. Role of BVM in man’s salvation
  3. the Devil
  4. legal terminology (cairt mharbhthaigh)
  5. merchant
  6. gaming
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (RIA9, 1379; Kg’sInns19)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (A. O’D. Fionn RIA492, 256etc)
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. BVMrescues earl who denies God not her
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg dhiúltas d’inghin Anna


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 50]


Muire agus an t-iarla


1 Mairg dhiúltas d’inghin Anna

máthair Críosd cúis miadhamhla

taom diúlta dí ní dhlighe

dá ndiúlta Rí an ríghthighe.


1a Gidh bé dhiúltas dá dreich bhuig

Muire ógh as ard focruig

ní fhuighbhe an fhochrui[g] neamhdha

[dochruid cuimhne a] chinneamhna.


2 Fearr do dhuine dia do mhóid

pearsana an trír an Tríonóid

d’éaradh ar an uile chor

ná séanadh Muire máthar.


3 Gabhaidh Dia leis tar a locht

tar éis diúlta don diadhacht

gabháil duine gion gur dligh

d’anáir do Mhuire Mhaighdin.


4 Ní ghabhann Dia gá dám dó

le neach dá ghloine gníomha

má do choill ar Mhuire a-mháin

do bhoing dá guidhe a ghabháil.


5 Dá dhearbhadh sin ag so sdair

do chítear i gcorp leabhair

nach dual [díoltadh] do Mhuire

[díoltar] uan a hamhsaine.


6 Ógán iarla eacht oile

nach raibh i gcuing chríosduidhe

acht gur gheall do Mhuire mhóir

a guidhe i gceann gach chomhóil.


7 Líonais d’uabhar anba an réim

ar n-éag a athar ainn-séin

tarla an eighreacht aga sin

fada ó dheigh-reacht do dhéinimh.


8 A bhfuair ’gá athair d’ionmhus

’s ar tharraing dá thighiornas

níor chogail a chor go holc

cor re hobair níorbh umhlacht.


9 Ag ól fíona ó thigh go tigh

ag imirt óir [i n-aisgidh]

téid gnaoi don fhlaith as a los

do [chaoi] gur chaith a chostas.


10 Tug a dhúthaigh na dhiaidh soin

do cheannuidhe i gcairt mharbhthaigh

nach raibh ar láimh ní fa nimh

do cháidh an rí san richt-sin.


11 Éirghis roimhe ar raon madhma

ar n-éalodh ón athardha

gan fhios duine ar [an d]omhan

[d’]fhios cá bhfuighe fiadhoghadh.


12 Lúisifear dá leanmhain sin

fear meallta an mhacaoimh uaibhrigh

lór dá bhreith ó chuing creidmhe

a bheith ar dhruim díbheirge.


13 Fiafraighis an deamhan de

mar nach biadh a fhios aige

créad thug ar siobhal mar sain

’s gach ionad ar fud fásaigh.


14 Eachtra an ógáin leath ar leath

aithris don aingeal uaibhreach

ar éirigh do dheacraibh dó

níor chéillidh teachtain tarrsa.


15 Déana seirbhís dílis dúin

briathra aingil an iomthnúidh

do bhéar daoibh a dhuine go beacht

do mhaoin uile agus t’oighreacht.


16 Créad í an tseirbhís luaidhtear libh

aithris uait déana deithbhir

nocht gan dlaoi [do dhiamhair] ghnáth

ó taoi dam iarraidh d’óglách.


17 Diúlt don Spiorad naomh neamhdha

’s don Athair ard oireaghdha

’s don tí do chuaidh ris an gcrann

is ná bí uaim acht agam.


18 Diúltais an t-ógán ann sin

comhairle an aingil uaibhrigh

na trí pearsana ó bhí bocht

ar tí a easbhadha d’fhurtocht.


19 Do bhéar bhós tuilleadh ionmhais

duit re taobh do thigiornais

is éirigh do Mhuire a-mháin

a dhuine chéillidh chonáigh.


20 Tig tosd fada ar an iarla

tuigis damhna a dhroichriaghla

gabhais aithmhéala ghéar ghlan

sgaith-réamha déar dá dearbhadh.


21 Aithreach liom ar dhiúltas díobh

briathra an ógáin [fhainn] d’imshníomh

cuirfidh mé Muire ar so shon

do ghuidhe Dé sul deachar.


22 An t-iarla ’s an deamhan dubh

[tiaghaid] ó chéile i[gcomhramh]

mar nar shéan inghin Anna

féagh an t-innridh eatarra.


23 Tar éis dealuighthe an diabhail

ris an ógan n-éigciall[aidh]

níor fheas dó an raon i rachadh

taom as mhó ná mearachadh.


24 Ad chí uaidhe dá éis sin

eaglais naomhtha i n-áit uaignigh

do shoich lé shoighthin tuirse

cloich oirthir na heagailse.


25 Íomháigh cloiche i [gcruth] Mhuire

Mac na hucht gá ionghuire

freagrais is níor dhiombuaidh dó

san eaglais ionnfhuair aosda.


26 Fillis faoi a ghlúine gonta

doirtis déara donn-chorcra

nó gur [fhlioch] an roilig [rán]

goirid ón [chioth] a chlaochládh.


27 Níorbh fheirrde ar dhoirt dá [dhéine]

a aithrighe [a] aithmhéile

ní fhuair tarbha dá thuirse

gér chruaidh damhna a [dhoghuilse].


28 Agrais Muire móide a rath

mar nar dhiúlt dí ó thosach

fuair feidhm ar a ghuidhe ghlan

Muire don deilbh ar ndéanamh.


29 Cromais síos go soiche an lár

sléachtais an leag dá leanbhán

tig labhra ón leanbh [na haghaidh]

[lér dhearbh damhna a dearlaghaidh].


30 M’óglách díleas leig liom féin

glór na híomháighe ei-séin

ná hagair a ainbhios air

aimhleas [cagail] a chomthuigh.


31 A mháthair ná hiarr oram

mé d’éisdeacht ret uraghall

ris an mbréig níor bhean dá mhóid

an fear do thréig an Tríonóid.


32 Ag seo an cíoch [do thál] tusa

ag seo an béal rod bhiathus-sa

ó [tú] ag súr athchuinghidh ort

rathchuimhnigh dhún ar ndúthracht.


33 Éirghis as a hucht do léim

an leanbh cloiche ar a choiscéim

a chúl [ria] tug an taise

na [Dhia] ar fhud na heaglaise.


34 Car an chaomhlaoi ar an gcoir-sin

an leanbh ’s an leag marmair-sin

d’agra fo ’roile an dá rann

Moire d’agra fan anam.


35 Téid ag Muire ar a mac féin

thug sláinte anma ainn-séin

ar lot a riaghla reimhe

don iarla ar a himpidhe.


36 An ceannaidhe fuair an fonn

ag teacht taobh ris an dteampall

[dá] sléachtain do chuaidh ré chois

[dá] [bhféachtair] uaidh [san] eaglais.


37 Gach míorbhal dá bhfaca féin

gabhais imeagla eiséin

ó ’dchí sé ar an gcor-soin cách

’sé san orsain ar ursgáth.


38 Cairt an cheannaidhe ré chois

iar dteacht don iarla ón eaglais

ós í do dhaingnigh a dhál

do thairbhir í don ógán.


39 Tug a inghin gá dám dó

don mhacaomh mar mhnaoi phósda

tug Muire láimh ris an leas

an uile sháidh do shaidhbhreas.


40 Mar fuair an fear nar dhiúlt di

teagh i n-onóir na hóighe

go rabham mar tá san toigh

is go bhfagham trá an teagh-soin.