firstLine"; ?>

1262. Mairg do bhearadh acht bean ghaoil $
Length: short 12 qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Mayn. C88 Eoghan O Caoimh 1704
  2. NLI G 127 Richard Tipper 1713-15
  3. RIA 151(23/D/13) S.MacSolaidh c.1713
  4. NLI G429 S. O Murch. na Raith. & 19c
  5. RIA 9(24/L/5) Seaghan O Conaill 1764
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, p. 14
Motifs:
  1. envoi to archangel Michael
  2. eulogy of personal appearance
  3. comparison with all others
  4. imagery for BVM
  5. Role of BVM in man’s salvation
  6. kinship of BVM with human race
Poet Christian Names:
  1. Aonghus na Diadhachta (Mayn. C88)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (RIA 151, NLI G127)
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg do bhéaradh acht bean ghaoil


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 14]


Don Mhaighdin Mhuire


1 Mairg do bhéaradh acht bean ghaoil

gach fear ag féagadh dá siair

bheith teann i gcol gion gur cóir

dom dhóigh is fearr dol na diaidh.


2 Bean ghaolmhar dá dtugas toil

Muire do naomhadh ar nimh

do bhí ar tí ceannaigh ar gcuil

níor luigh gur cheannaigh sí sin.


3 Réalta iúil an uile bhan

go nguidhe ar siúr ar ar son

is suirgheach ise is gidh eadh

mise an fear cuimhneach ar chol.


4 Mar tharla sinne ’s ar siúr

ní hionann ar [n-airdhe] ar aon

mo [chall] ní fhaghann an ógh

mór mban nach gabhann [a ngaol].


5 A luibh leighis créachta an chígh

a éasga an einigh ós mhnáibh

do ghaol ní do-ghabhtha id dheoidh

a chraobh eoil chobhartha cáigh.


6 A bhain-cheann na n-uile ógh

do chaithfinn guidhe rem ghníomh

labhair damh ris an tí as triúr

a shiúr ler ghabh Rí na ríogh.


7 Tú buime chobhartha cáigh

a bhuinne robharta réidh

rugais toircheas is tú it óigh

a chnú óir dar bhfoilcheas féin.


8 A ríoghan ór duineadh Dia

ríoghan níor cuireadh id chló

ní ar domhan níor chuill do chlú

do thuill tú moladh as mhó.


9 Níor labhras ar leath do sgéal

a dhearc ra-ghlas mar an reodh

ní duibhe gríos ná do ghruadh

snuadh na suibhe bhíos id bheol.


10 Ní mó mholaim do ghruadh [ngeal]

nar thruaill do cholainn le cion

molaim t’or-fhalta a ógh ghlan

nar ghabh clódh óghachta ó fhior.


11 Idir dhéad agus bhais mbáin

idir bhéal is chois gan chiaigh

idir aghaidh nar éar dúil

níor fhéagh súil samhail dar siair.


12 Guidhim Míchéal go n-a mheidh

fíréan dá dtugas mo thoil

bíodh go dtuillim i n-a thig

ní dhligh mo ghníomh uirrim air. Mairg