Poem in printable PDF format
Mairg do-bheir
grádh leatromach
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha, no. 51]
Maghnas Ó
Domhnaill
1 Mairg do-bheir
grádh leatromach,
is a thabhairt
’na thuile;
och! is cunnradh
easbhadhach
nách bí duine mar
dhuine.
2 Tugas, géar
chúis ghuasachtach,
grádh nár
bh’oircheas do thabhairt;
och, fa-ríor! ní
fhuarasa,
gé madh beag,
fuath ’na aghaidh.
3 Oram rugadh
d’éigeantas, -
measa leam a
fhios agam!
anam nó dhó i
n-éinphearsain,
is corp oile gan
anam.
4 Gibé atá ar tí
m’anma-sa,
deacraide dhó a
bhuain asam, -
annamh fear mo
mharbhtha-sa,
i gcorp oile atá
m’anam.
5 Truagh nách
fuil a hanam-sa
mar tá an
t-anam-sa agam;
gidh é a hanam
m’anam-sa,
ní hé m’anam-sa a
hanam.
6 Truagh nách
fuil an croidhe-se
mar tá ar
gcroidhe-ne dhise;
gídh é a croidhe
ar gcroidhe-ne,
ní hé mo chroidhe
a cridhe.
7 Truagh nách
fuil an corpán-sa
uirthi tar
mhnáibh na Banbha, -
an stuaigh
ríoghdha rosgmhálla,
ós í atá ag
iomchar m’anma.