Poem in printable PDF format
Mairg
do-chonnairc ceann Fiachaidh
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 42]
Domhnall Mac
Eochadha .cc.
1 Mairg
do-chonnairc ceann Fiachaidh
do dhíoth an
fhéil óirsciathaigh;
bheith d’easbuidh
a chuirp dá cheann
do dheasguibh
uilc na hÉireann.
2 Mairg mairg
do-chonnairc a chorp
ar díoth chinn
mar do-chonnarc!
dob fhearr dall
an rosc roimhe,
cosc ní ham dom
eólchoire.
3 Mairg riamh ar
a raibhe an chos
rug mé san áit ar
fhéachos
mo sciath a
ttráth a thurbhuidh
a nÁth Cliath ’na
cheathrumhnaibh.
4 Mairg do osguil
an abhra
tug orm an ceann
cathardha,
an lúdh gan anam
d’fhaiscin,
nó an chalann úr
ordhairc-sin.
5 Mairg ’gá raibh
an chluas ré [a] gclas
scél a bháis an
t-am fhuaras;
do bheadhg am
chliabh mo chroidhe,
’s do shearg
ciall ar gcollai-ne.
6 Mairg do
bhraith, gi-bé as cionntach,
mac Aodha, an
triath toirbhiortach;
fearg Dé ar an tí
lé [a] ttorchuir
an té budh rí ar
Raghnallchaibh.
7 Mairg tuaith is
creachadh cille
toisg cinn mheic
meic Duirinne
go cúirt roighil
suairc Sasan;
doiligh a chuairt
chuca-san.
8 Mairg nách
faghann mar a bhfuil,
cóir gaoithe agus
uain arthruigh
do-bhéaradh sinn
go Sagsuibh
d’fhéghadh chinn
an churadh-sain.
9 Mairg tarla mur
do tharla
ord fileadh fóid
fionnBhanbha
fá theann
eachtrann ’na easbhuidh,
an ceann
dearcmhall déidgheal-soin.
10 Mairg dá fhine
do fhuirigh
beó dá éis dá
fhiafraighidh,
cia bhus díon dún
’na dheaghuidh
do shíol a ghlún
ngeinealaigh.
11 Mairg oile dá
n-uair misi,
ní hé as crádh
don chroidhi-si,
crádh damh-sa mar
gach nduine
’s dá lán m’annsa
is m’ionmhuine.
12 Mairg as mó
dhúinne ná díoth
ceann Fiachaidh
nár ob eissíoth,
cliath fhasgaidh
na ndruadh ag dul
a n-asgoidh lé
sluagh Sacsan.
13 Mairg dhíbh
nách n-aghann ar-ís
do neamhthoil
Ghall ’s an ghiúisdís,
ní sia [a]
chalann, dámadh cead
ó Dhia a anam ar
aiseag
14 A ndíol a
bhfríoth lé Fiachaidh
d’fhuasgladh
giall ó Ghailltriathoibh
fríoth bráighe
ghill lé Galluibh;
scáile a chinn
do-chonncamair.