firstLine"; ?>

1265. Mairg do chuaidh re ceird nduthchais $
Length: middling c 24qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA888 (12/F/8) OCurry trscr. of RIA5
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
  4. RIA3(23/L/17) S. O Murch. na R. 1744-5
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no 28
Motifs:
  1. patron single exception to condemnation
  2. patron’s liberality to poets
  3. decay of old poetic learning
  4. Foreign conquest of Ireland
  5. agriculture
Poet Christian Names:
  1. Fearflatha (RIA 3)
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
Patron Christian Names:
  1. Art mac [Aodha al.]Fir Dorcha
Patron Surnames:
  1. MagAonghusa d. 1629
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn stops banishment of poets
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 28]


Fear Flatha Ó Gnímh .cct.


1 Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais:

rug ar Bhanbha mbarrúrthais

nach dualghas athar is fhearr

i n-achadh fhuarghlas Éireann.


2 Do héirgheadh dhóibh thuaidh is teas

nach bí ar breith don ord éigeas

labhairt ar oigdhe a n-aithreadh:

malairt oibre ionnsaighthear.


3 Ní sníthe snátha an fheasa,

ní leanta craobh choibhneasa,

gréas duan ní déanta d’fhighe,

luadh dréachta ní dlighfidhe.


4 An céidfhear do-chuaidh re dán,

mairg dó nach dearna a chlaochládh:

neamhshuthain an céim ro char:

béim bhar n-ealathain d’ollamh.


5 Dursan nár mhúin oide an fhis

riadh stéad nó stiúradh loingis,

nó snaidhm chéacht i ndeaghaidh damh,

d’fhearaibh na ndréacht do dhéanamh.


6 Mairg d’ollamh dá nárbh aithnidh

ceard nábudh cúis iomaithbhir,

d’uaim chláraidh, do dheilbh dhabhcha,

sul tárraidh feidhm foghlamtha.


7 Ni fhuighthe ar uaim na rithlearg

umhla ó fhearaibh ísilcheard;

mon-uar gan aoibh na moghadh

’gan chaoir shuadh ar shaothrughadh.


8 Tairnig onóir na héigse,

teasta cion an choimhéidse,

’na gcriadhairibh oir gurbh fhearr

do sgoil fhiadhoirir Éireann.


9 Ná gabhaid chuca seach cách

dísbeagadh a ndréacht neamhghnáth:

ní dóibh a-bháin do-bhearair

táir, acht don ghlóir Ghaoidhealaigh.


10 Ní dá n-oirchiseacht d’fhéin Ghall

chaomhnaid séada sluagh bhFréamhann,

an deaghshlógh nach dáil a gcrodh,

dáibh is neamhlón do-níothar.


11 Do dhul a-mudha don mhaoin,

do bhuain a n-ionnmhais d’aontaoibh

don mhacraidh bheannghairthe Bhreagh,

bacthair dearlaighthe dhíbhsean.


12 Do thrághadh a dtonn meanma,

do cheilt chroidheadh n-aitheardha

fá fhéin Bhreagh na mbrat srólltais,

do bhac cean is chomórtais.


13 Do mhionughudh na mac ríogh,

cuirthear na duana i ndimbríogh,

d’fholach ceirt na ríogh reampa,

do cheilt na ngníomh nGaoidhealta.


14 Gaoidhil uirre ó do hagradh,

cia haca is fhearr caradradh,

nó is lia do fhóir an éigse,

cia dán cóir a coimhéidse?


15 Ó rug éigeantas ortha,

déanta don druing fhoghlamtha

an tslighe do-roinne riamh

i gcoinne fhine Irial.


16 Ó’s aca tar fhéin mBanbha

tarla tús na healadhna -

síol Róigh na sliomaitreabh sean -

tiomaintear dhóibh a deireadh.


17 Éigean dóibh, dá dhearbhadh sin,

dá chéad déag draoi do dhraoithibh,

do dhíoth chothroim eacht oile,

teacht go rochloinn Rudhraighe.


18 Triall isan dturus gcéadna

do sgolaibh fhóid fhinnShéadna

go mac Fir Dhorcha dlighthir,

ór ligh ortha d’éilighthibh.


19 Do léigeadh breith an bháire

go heisiomal aonláimhe,

gurb é féithleann Chláir Chobha

dáibh is éincheann urrumha.


20 Mág Aonghusa is é thargaidh

sgol Teamhrach do theasargain:

re buige nó re cruas gcáigh

chuige do-cuas dá gcongbháil.


21 Mar do-gheibh geall gach aoinfhir

feadh cruais sleachta seanGhaoidhil,

do bhiadh barr ar fhéile ag Art,

an tann budh déine an daonnacht.


22 Mac Fir Dhorcha ag dáil a shéad,

seoid cháich dá gcur i gcoimhéad;

cách ag congbháil an taigidh,

bláth an domhnáin dearlaigidh.


23 Oiread ar imthigh d’fhéile

a croidhibh chlann saoirChréidhe,

i n-aonchroidhe ag Art do an,

tar smacht laochraidhe Lundan.


24 Rug ar aithris Chon na gcleas

do thigh Airt an t-ord eigeas

dóigh a-nú agus a-nallain

do chrú Róigh do-rónamair.