Poem in printable PDF format
Mairg do ghríos
Giolla Pádruig
[Williams, N. J.
A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts
Society 51, 1980), poem 11]
1 Mairg do ghríos
Giolla Pádruig
gan chion dá
ghnúis ghealfhádbhuig,
gruaidh an ghil
aird fa asgaidh
- mairg nár
dhligh - gur dheargastair.
2 Mairg do ghríos
a ghruaidh dtibhrigh
an tseabhaig
dheirg dhoinningnigh;
clár finnleargan
a aighthe
d’imdheargadh dob
anaithne.
3 Is mairg teanga
tug deathaigh
tre a ghnúis
rioghdha roichreachaigh;
a Dhé, ’na dhigh
fam chineadh
dé an fhir do
budh aindligheadh.
4 Is neach uainn
do-rad, fa-rior,
loisne th’aighthe
tre ainbhfior;
gríosadh do
ghruadh gcaomh gcrithreach,
mo-nuar, dob aor
aindlightheach.
5 Do loisg an
náire a aigneadh
an béalchorcra
brághaidgheal;
an fhearg ag
ruaimneadh a roisg,
an gruaidhgheal
dearg is díochoisg.
6 Is beag
airighthear dá fheirg
ar a ghlór nó ar
a ghaoidheilg;
gudhamhnach gion
gur ghailbheach
an dubhfhabhrach
donnmhailgheach.
7 Gidh eadh dá
n-aorainnse féin
airdrígh Oirthir
go haigmhéil,
fan aoir ní fhoil
ach moladh
ag soin laoidh dá
leasoghadh.
8 Do-ghéan laoidh
dá leacain bhuig
mhaolfas goimh
Giolla Phádruig;
budh cloch dhearg
i ndabhaigh fhuair;
raghaidh a fhearg
dá anbhuain.
9 Dá bhfionnadh
budh fada a bhuaidh
an té do aor Ó
hAnnluain;
ní bhíu ag cleith
fhaladh an fhir -
gabhal ar leith
an luichtsin.
10 Uirsgéal
agamsa ’mun aoir
don fhior tarla
gan tathaoir;
ní bhéar gusan
ngealchas nglan
acht sgéal
bheanfas re bunadh.
11 Toisg
do-chuaidh Aithirne ard
i gCúigeadh
Mumhan mórgharg,
dár ghríos
gruaidh dtaobhúir dtana
go bhfuair
aonshúil Eochadha.
12 Dá dtarla ag
teacht a Mumhain
abhann gusan
ollumhain,
sruth leacach
robhalbh rámhach,
Modharn bhreacach
bhradánach.
13 Tig is a bhean
ma-raon ris
go háth do
thoidheacht tairis;
do-chi an bhean
bruinne maighre
tre bhuinne mear
Modhairne.
14 Tig do mhnaoi
an éigis fheithmhigh
mian an éigne
óireithrigh;
súr an mhaighre
bhaillbhric bháin
faighdhe
aimhghlic do fhoráil.
15 Aithnidh
díbhse dáil na mban -
cor ’na n-aghaidh
ní éadtar;
don fhilidh gér
fhaighdhe dhoirbh
siridh maighre ar
an Modhoirn.
16 Ón ló nach
fuair an file
an t-eo sithe
séimhidhe,
aorais Modhuirn
ngil ngainmhigh
mir roghuirm fa a
ríoghmhaighribh.
17 Iongnadh le
Modhairn a-mháin
bheith dá haoradh
go héagcáir;
téid an t-eas in
éagcruth ann,
do-feas éagnuch
na habhann.
18 Tiomsaighis ó
bhun go barr
in éinionadh an
abhann
gur mheabhaidh an
géigeas glan
i ndeaghaidh
éigeas Uladh.
19 Do-chíd go
díogháir deanmnaigh
chuca an Modhairn
móirmheanmnaigh;
[gá buinne dearg
budh deinmne?]
fearg uirre re
hAitheirne.
20 Do-rinne
rithlearg molta
do dhíochor a
dásochta;
do-chuala gér
bhodhar balbh
uadha a moladh an
Mhodharn.
21 Táinig di a
ciall ’s a cuimhne
le moladh na
Modhuirne;
an maighre rug do
roghain,
tug d’fhaighdhe
don ollomhain.
22 Do fhágaibh
d’fhiachaibh molta
a bradána
ballchorcra
gur lán gach
riasg uaine úr
uaidhe dá hiasg
ar n-iompúdh.
23 Gabhais
Modharn an moladh
in íoc coire an
ollomhan;
raghaidh laoidh
’na haghaidh uaim
i bhfalaidh aoir
Í Annluain.
24 Biaidh
leasughadh ar an laoidh,
biaidh tréigean
ar an tathaoir;
aoir an ghille ní
géabhthar;
budh binne an
laoidh leiséaghthar.
25 Aoir ní
gheabha neach a-nos;
ní bhí don bhréig
acht deanos;
tuile sléibhe ag
seacadh sin
nó is eatal
gréine geimhridh.
26 Nó is sidhe
gaoithe re gleann
toibhéim ar
onchoin Éireann;
le sruth i
gcéadóir do-chuaidh
guth éagcóir ar Ó
nAnnluain.
27 Airéamhad
áithis an fhir
i ndiaidh a
eangnamh d’áirimh;
a cháineadh
do-chóidh tre eas -
ní cóir áireamh a
áitheas.
28 Do hairgeadh
leis thoir is thiar
puirt Ghall Uladh
is Oirghiall;
puirt Ghall Midhe
’s a margadh,
barr Line arna
lomargadh.
29 Coiseonaidh re
cath Monach
Magh Moirtheimhne
míolchonach;
fearfaidh crú
Monchaigh ’mun magh
fár thorchair Cú
na Ceardchan.
30 Craobh Thulcha
fár thuit Eachaidh
airgthe leis do
luaithchreachaibh;
Magh Rath
do-bhearair gan bhoin
inar mheabhaidh
cath Conghoil.
31 Tug ó Chloinn
Aodha an fhiadhaigh
creach dob
iomnáir d’Oirghiallaibh;
tug a Leath
chlachbháin Chathail
creach dob
athnáir d’Ultachaibh.
32 Tug creach
mhór a Mhuigh Cabha;
biaidh ag cách a
chomhramha;
rug sidhe
iongnadh san Aird,
fionnMhagh Line
do lomairg.