firstLine"; ?>

1269. Mairg do ni deimhin d’a dhoigh $
Length: long 45qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
  2. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. NLI G348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c. 1726<1622 ex
  3. TCD 1346(H.4.4.) Hugh O Daly 1726-50
  4. TCD 1288(H.1.14) Hugh O Daly 1750
Prints:
  1. text LB no 2
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. poet as patron’s spouse or lover
  3. poet insults patron
  4. Teagasga riogh (?)
  5. legal maxim (l. 302)
  6. citation of text by name ‘Miana Cormuic’
  7. Classical allusion
  8. biblical allusion
Poet Christian Names:
  1. Fearghal mac Tomais (Harvard MS)
Poet Surnames:
  1. MacEochadha
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Seaain mhic Reamuinn
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1579
Apologue Subclasses:
  1. Colm Cille: his 3 ways of appeasing poets
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg do-ní deimhin dá dhóigh


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 2]


Fearghal mhac Tomáis .cc.


1 Mairg do-ní deimhin dá dhóigh;

ó thús ciodh teann an égcóir -

mór eidir dhóigh is deimhin -

clódh ris an gcóir caithfidhir.

2 Choidhche a-rís [fá rún ciallaidh] -

mairg neach do-ní ainliamhuin -

re cóir mása dheidhil damh

deimhin dom dhóigh ní dhiongan.

3 Do-rinnios deimhin dom dháigh

fár imdhearg mé mac Seaáin;

dligheadh neamhghlan gus a-nois

fár dligheadh dearbhadh dóchais.

4 Ughdar gi-bé bhíos ’na thosd,

ag rádh Chato a-tá an teagusc:

bheith dána dhóibh ní dleaghair;

rádha dhán cóir creidiomhuin.

5 Tearc dá thagra rém chois-se,

scél as iomdha d’fhiadhnuisi,

breith suadh as seinleabhar lais

nár dhual deimhniughadh dóchais.

6 Mór mh’oirbhire oram féin,

ní mé a-mháin dá mbean oilbhéim,

fear nár chleacht coimhrighe ruinn,

fá theacht oirbheire eadruinn.

7 Fearg fhíochmhar rérbh eaguil buing

orm gan fháth ré hua Rémuinn;

a hadhnadh ’gan ól bhfleidhe

mór an t-adhbhar oirbheire.

8 Sé ar m’fhaghuil ní fhuil d’ionnmhus,

daor do bheinn óm breithiomhnus,

fá chur náire ar neach nár thuill

breath na dáimhe dá ndearnuinn.

9 Brég dhamh a ndubhart re hAodh,

scél do scaoil dá gach éntaobh;

níorbh iomnár don tí nár thuill

ní dob iomnár dá n-abruinn.

10 Faghthar aoindias d’fhearuibh gráidh

eatturra nách tig teagmháil;

d’Aodh dá tteagmhuinn tar mo thoil,

eadruinn a-raon ná ranntair.

11 Imriosan gan bhrígh dá mbeath -

maith gach troid dá ttig réiteach -

eidir Aodh is a fhear gráidh,

níor bhean le haon ar n-eadráin.

12 Bím reis ag Aodh mar urra,

madh beag a mbiadh eattorra,

nách fuil dias dá ghoire a ngaol

bhias re ar-oile gan antaobh.

13 Ní hionann as cogadh cáigh

eadrum is Aodh mhac Seaáin;

ar gcogar dá ria a-roile,

[ní] bhia ar chogadh comhnuidhe.

14 Ná tógbhadh a ndíol [?] diomdha

[dlighim teagusc tighearna]

ní as mó d’fhíoch re n-a ollamh;

ní dó is díoth a ndubhramar.

15 Cairt ar síothchána is sé ar ndán;

madh áil lé hoighre Seaán

do-ghéan mo shíoth ’na shíoth ghlan,

síoth as críoch dá gach cogadh.

16 Do ní nár chóir ris do rádh

táinig moladh meic Seaán;

ní léig sé a leas a lomadh,

is é ar leas ar labhramar.

17 Fear aineóil as duine dall,

do chuir m’fhearg d’fhiachuibh oram

cur a gceann teisde toghtha;

dob fhearr leisge labhartha.

18 Fearg ag Aodh ní raibhe rum,

níorbh é an t-ordughadh comhthrom

[dearg ón chaguil gach crithir]

m’fhearg abuidh ’na oirichil.

19 Mian Chormuic tighe Teamhra

óglách tláith le tighiorna;

ní tharla rinne an raon gnáth,

is tinne ar Aodh an t-óglách.

20 An Cormac-sain mhac meic Cuinn

do braitheadh lé hAodh oruinn;

ní ciallaidh righe ré a rath,

dá mhianuibh file faobhrach.

21 Fríoth leam ar Cholum Cille

scél uaignioch is aithghirre;

do choisgeadh naomh dáimh ar ndoirr,

go hAodh a-táim dhá tharraing.

22 Colam Cille, an chnú abuidh,

ní clos riamh go rabhadair -

tug rogha do dhéiniomh dhe -

a mhodha a n-éinfhior oile.

23 Do thuill Colam cian ó shoin,

cóir teacht tar na trí modhuibh,

a ttogha ós tréidhibh gach fir,

trí modha an chléirigh cráibhthigh.

24 Ag so an céadmhodh cantair linn

do thrí modhuibh mheic Féilim,

mín ré borbuibh do bhí sin

mar do ordaigh Rí an ríchidh.

25 An dara modh fá modh trom,

an bhrég do cuirthí ar Cholam,

do-níodh sé fhíor ’na hionadh;

ní gníomh é gan fhoillsiughadh.

26 Treas modh Colaim nár dhiúlt dáimh,

a n-aghaidh iomaid comhráidh;

do bhí an cleachtadh d’adhbhar ann,

labhradh ní chleachtadh Colam.

27 Roimhe a n-aoinneach ní fhuair mé

trí modha Coluim Cille;

a haon ós treanuibh a thrén,

beanaidh re hAodh ar n-uirscél.

28 Do nós Coluim, ceann na ndámh,

measdur trá le mac Seaán

[cé dhíbh ar ghnaoi ’na ghoire?]

mín do bhaoi lér mborbai-ne.

29 Níor fhaomh mar Cholam Cille

do rádh riamh acht firinne;

iomghoin a n-aghaidh mo bhrég,

na taraidh d’fhiodhbhaidh fhinnghég.

30 Maith an rogha-so rug Aodh,

buan mhairfios dá fholt fhionnchlaon,

sosd rén samhail sosd Coluim,

tosd a n-aghaidh m’uraghuill.

31 Modha ríogh a riar do dháimh

ní chualaidh mé, a mheic Seaáin;

fear do fhoghluim ré haimsir,

lean d’fhoghluim an érlaimh-sin.

32 Ní bette dhó diomdhach dhíom,

[léigthear lé coin a cédghníomh]

ar son fhocail do rádh ruibh

locaidh bhar ndán do dhiomdhaidh.

33 Má adubhart focal feirge,

re hAodh níorbh fháth díbheirge;

créad fá ttás dá chor a gcion?

grás ar son grás do-gheibhthior.

34 Fán bhfeirg ris do-rinne sinn

Aodh mur sin a-tá am thimchill;

dá mbeith fearg Dé re duine,

dá searg is sé is santuighe.

35 Ó Dhia féin fríoth an fis-sin,

atáim d’Aodh dá innisin,

nách foghain cealg san chridhe,

omhain, fearg ná foisdine.

36 Má dubhart ris ní budh nár,

créd nach maithfeadh mac Seaán?

do mhaith Dia don doll do ghoin,

an ghoin trom, cia nách cualaidh?

37 Ós aird nó ós ísiol ruinn

a gcroidhe mheic mheic Rémuinn,

dá mbeith cealg, créd fá gceilfeadh?

gach fearg dá méad mínighthior.

38 Againn ar-aon tar ar ndoirr

bíodh ón troid tarla eadruinn

barr gráidh a-rís dá roile;

ní bháidh grís ar ngrádhui-ne.

39 Lá ar tteagmhála re a ghruaidh ghil,

go bráth ní beag an lái-sin,

tig dath nách deirge an lasoir

do bhrath fheirge an Aodha-soin.

40 Ní chuala riamh rí gan mhodh

do choisc misi is mé am aonar,

foistine dá nár bhean barr,

fear nách coiscfidhe a gcomhlann.

41 Fear fortachta a bhfuil ré dán,

d’égcóir ar oighri Seaán

go gcuire sé a sealbha sinn

a ndearna mé ní mhaithim.

42 Sé rér sliocht - saobh an aithne -

ré treimhse ar tí dealuighthe;

deadhail riú dá chéibh chlannaigh

níorbh fhiú an béim do bheanamair. M.A..

43 Ar fhás eadrum is Aodh d’fheirg

ar rádh Shaidhbhe an ghruaidh gheildeirg

d’éis a mhóide do mhaith damh;

móide gach maith a móradh.

44 Ré hAodh nó gur réidhigh rinn

[dá gach mnaoi is éigion uirrim]

do lean an inghion-so Airt;

ní bean imriosna d’adhaint.

45 Re hAodh ón tráth tarla mé,

aguinn a n-am na héigne

gnáth cara do shíol Shadhbha;

ní rabha síodh soshnadhma.