firstLine"; ?>

127. A Shlaine inghean Fhlannagain $
Length: short 6qq
Certainty: 0
Classes:
  1. “Love? (obscene)
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631 (index only)
  2. RIA no 5 (23/D/4) 17th c. Munster
Prints:
  1. transl. Eriu xlvi (1995), 68-9
Motifs:
  1. weaving
  2. Obscene allusions
Patron Christian Names:
  1. Slaine inghean Fhlannagain
Patron Surnames:
  1. Cname only
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

A Shláine inghean Fhlannagáin


[Ní Dhonnchadha, M. ‘The poem beginning “A Shláine Inghean Fhlannagáin”’, Ériu 46, 65-70]


1 A Shláine inghean Fhlannagáin,

déanam súsa go sármhaith

nach bia ’na ghreas amaláin

dá mhalairt a measg mhargaidh.


2 Fearsad bhuidhe agamsa,

ní maith súsa gan síoga,

iolar na ndath agadsa,

dubh agus dearg id’ íorna.


3 Curthar m’fhearsad bhuidhesi

’na seasamh annsa tsúsa,

’s dá ngannuidhe aicesi,

léigthear mo cheirtlighe chúithe.


4 Mo dhá cheirthle odharghlas,

’s a síneadh ris na síogaibh,

bú suaitheantas an t-abharas,

’s a ccur re ciomhais cíordhuibh.


5 Déana an deilbh mar dubhramar,

is biaidh misi, dhá bhféadar,

ag síorchur sa tsúsasa

is dá úcadh a n-éinfheacht.


6 A Shláine inghean Fhlannagáin,

a bhaincheann an úird chrábhaidh,

a bhean ó Dhún Manannáin,

déanam súsa go sármhaith.