Poem in printable PDF format
Mairg do-ní
uabhar thar m’éis
[McKenna,
L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 33]
Tadhg Óg Ó
hUiginn cct.
1 Mairg do-ní
uabhar thar m’éis;
cidh sgéal orm a
fhaisnéis,
gur bréagadh uaim
ar n-anáir
nír féadadh
m’uaill d’iongabháil.
2 Tuigeadh gach
éinfhear eile
dar aithnidh ar
n-inmheine
mar do-chuaidh
dhamh a déanamh
uaill an tan do
thoigéaradh.
3 Fuaras ó
mhaithibh fear bhFáil
idir aoibh agus
anáir;
toil mo mheanman
meisde dhamh
go ndearnadh
eisde uabhar.
4 Ní uil agam -
anba an bhroid!
a huabhar is eadh
thánoig -
acht súil ’n-a
deaghaidh - doirbh leam -
mo mhoirn ó
fhearaibh Éireann.
5 An t-éigne
oiltear a-moigh
ar an fhairrge is
é ar samhail,
líonaidh teas é
le huabhar
go mbé i n-eas gá
ionfhuaradh.
6 Nír ionann
ciall damh is duit,
nír thuig mise, a
mheic Cormuic,
do mhóid gomadh
meisde dhamh
le meisge na
gcóig gcéadfadh.
7 Nír chóir
m’ionnshamail d’oba,
a Thadhg mhac
Meic Diarmoda;
cuin mhaithfidhe
dhúnn do dhoirr?
rún na haithrighe
agoinn.
8 Do-bhéar íoc do
dhiomdha dhuit
do dhán mholta, a
mheic Cormuic;
gabh so mar dhíol
’n-a ndearnas
nó no bíodh fad
bhreitheamhnas.
9 Ní do bhunadh
bhias tuile,
mithidh cosg dar
gcorruighe,
do-ní trágh do na
tonnaibh;
do bhí i ndán a
ndearnomair.
10 Budh lat
díoghrais mo dhána,
caithfe riom rinn
t’anára,
budh orrdhraic
dheit agus dhamh,
a mheic Cormaic,
ar gcogadh.
11 Cionnus do
fhéadfainn m’fheithimh
gan tú féin gar
bhfóirithin
sinn fa rinn gach
deilge dhi
agus rinn
t’fheirge i n-airde.
12 Gnáth le
héigsibh innse Fáil
bheith uaibhreac
as a n-anáir
bheith tréan ní
haithnidh d’ollamh;
sgéal ar
m’aithghin uaromar.
13 Aithirne ler
olc a riar
téid ar cuairt i
gcríc Ghailfhian;
ní fríoth rompa
thuaidh ná theas
na bronnta uair
an t-éigeas.
14 Ollamh Uladh -
anba an cion -
do shir ar
laochraidh Laighion
duas nar sireadh
riamh reimhe;
mian an fhileadh
oirbheire.
15 Aithirne is
amhlaidh do ráidh
ag teact tar ais
le a éadáil;
“le ríoghaibh
Laighneach budh loinn
díoghail ar
n-ainbhreath oroinn.
16 “A theachtaire
théid a-nonn,
tigeadh
Conchobhar chugam;
báigh ’n-a
n-aighidh nír fharáil
Laighin madh áil
d’iongabháil.
17 “Aithnim deit
re ndul ód thaigh
acht feadh
th’aisdir i nUltaibh
ná tug d’aimsir
d’fhóir Macha;
faillsigh dhóibh
mo dheacracha.
18 “Tigeadh an
triathmhach Neasa
madh áil cuimhne
an chairdeasa
dom chabhair um
nóin a-nocht,
nó raghaidh
m’óidh dom fhurtocht.”
19 Ó ’t-chualadar
- cian a bhladh -
nachar fhéidir le
n-ollamh
téarnádh acht le
car catha
do ghabh éanbhágh
Ultacha.
20 Teagaid fian
Laighean a-lle
’n-a gcoinne ar
cionn na maidne;
do b’iomdha ar
moigh fhionn Éadair
thoir ar a gcionn
coimhéadaidh.
21 Do fholchadar
leath ar leath
Ulaidh is an
fhian Laighneach
an maghsain
a-noir ’s a-niar
gur mhoidh do
ghasraidh Ghailfhian.
22 Gidh roimhe
do-chuaidh an cath
mac Fachtna ar
nach fríoth árach
acht méad ratha
ríogh Uladh
gan fhíor catha
ag Conchubhar.
23 Cosmhail ar
rian leath ar leath
mise is Aithirne
uaibhreach
a dtí thríom ’s a
dtánaig dhe
bíodh [i gcáraid
dá] chéile. Mairg.