firstLine"; ?>

1271. Mairg do ni uaill as oige $
Length: short 9qq
Certainty: 0
Classes:
  1. Didactic
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. NLS Adv. 72/1/36 E. McGilleoin 1690
  3. TCD 1390 (H.5.18) Hugh O Daly 1736
  4. NLS Adv 72/1/48 ? cent.
  5. RIA 354 (23/A/8) S. Mac an tSaoir 1746
Prints:
  1. text Rel. Celt i 136
  2. transl Thomson Adtimchioll na
Motifs:
  1. inevitability of death
  2. Human life a loan from God
  3. renunciation of the world
Poet Christian Names:
  1. Athairn (BOCD)
  2. Giolla coluim m’illebhride m.Phersuin Cille Chomain
Poet Surnames:
  1. cname only (NLS 72/1/48)
  2. MacCeoghain
Apologue Subclasses:
  1. Hedgehog: collects apples on spines
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg do-ní uaill as a óige


[Text below from O’Conor Don, fol. 76b; published in Reliquiae Celticae I p. 136]


An fer céadna [Athairn Mac Ceóghuin (76a)]


[Séadna, Dán Díreach]


1 Maircc do-ní uaill as óige

a hiasacht deilbhe a deirc glais

a cruth seimh a suidhe áoibhinn

a céibh buidhe cháoimfhinn chais.


2 Duille an bhetha do bhláth breighe

báoghlach a chuirp cur re n-íoc

ná dén uaill fa chenn na cruinne

gerr go búain a duille dhíot.


3 Da bfhaghtha fós ní fáth díomais

duille an betha nach búan seal

cuimnigh réd ré dala an duine

ós é nama an uile fher.


4 Cuimnigh ar chnúasaibh na ngráineog

gúais dot tionól bheth mur bhíd

ní fhuil acht pían ann dott anmuin

na híar barr don talmain tríd.


5 Ubull ar gac bior da mberuibh

beirid dan táoibh a ttéid síad

ar ndul ón choill fhadbuig fertruim

fágbaid ar bruinn énpuill íad.


6 Fuigfighter libh-si loisi an tsháoghail

mur so a chuirp iar ccosg do pían

fa bél na húaidhe ’san t-anam

sgel as trúaighe an chalann críadh.


7 Gach a (a) bfhúaruis d’ór ’s d’ionnmhus

d’echaibh ’s do bhúaibh got bert chlé

ní leigter lat dibh a dhuine

acht brat lín don cruinne ché.


8 Áilgios an cuirp cuid da úabur

eigin duinne a chur os aird

dáor da sírmhes uaill na hóige

búain da haoibhnius moide is mairg. MAIRG