Poem in printable PDF format
Mairg duine bhíos
antuigseach
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha, no. 75]
1 Mairg duine
bhíos antuigseach, -
dhamh féin
bheanas an focal;
ní le súil a
santaigheann,
uch! ní leamsa an
ní ad-chonnarc.
2 Téighim do
thaobh m’ainbhfis-se
d’fhéachain mná
na mbas mbairrsheang;
do b’fhearr
gabháil thairsise,
seachnaidh súil
ní nách bhfaiceann.
3 Mise ag déanamh
antuigse,
drud ria ar
fhuráil m’aignidh;
is lia fear dar
bh’altaighthe
a leithéid uaidhe
d’fhaicsin.
4 Dhise ar feadh
m’amhairc-se
tarla mé, mór an
uirrim;
nár fhaice súil
anduine
feabhas na háite
a bhfuilim.
5 Ar dhrud re a
dreich shéaghanta
ó nách bhfuil
árach agam,
gabhaim cead a
féachsana, -
buidhe le bocht a
bhfaghann.
6 I ngar dá cruth
drithleannach
fada bhím ’s gan
bheith uaisti;
dar leat, is mé
an t-ifreannach
do bhí fá bhun na
cruaiche.
7 Dá mbeinn-se i
n-áit aonaráin
’s an bhean-san,
gér thaom dána,
níor bh’fhearr an
liaigh Iopragáid
ná mé san síneadh
lámha.