firstLine"; ?>

1273. Mairg duine bhraitheas e fein $
Length: middling 17qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. love poetry
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. NLI G448 Conch. O Luinin 1712
  3. TCD 1411(H.6.7)Donnch. OConaill 1737
  4. NLS Adv 72/1/48 ? cent.
  5. NLI G82 Sean Mac an tSaoir 1744-5
Prints:
  1. text DG no 86
Motifs:
  1. Proverbs
Poet Christian Names:
  1. Domhnall (mac Daire) BOCD
  2. Hanraoi Mayn. M7
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
  2. MacSioda
Apologue Subclasses:
  1. Munster&Ulster scholars part M crying, U not
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg duine bhraitheas é féin!


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 86; also published in The Contention of the poets; an essay in Irish intellectual history by John Minahane, Sanas Press, 2000, 54-57, with translation)]


Domhnall (mac Dáire) Mac Bruaideadha


1 Mairg duine bhraitheas é féin!

mo bheart is dá héis do-chím;

ní fhionnfa neach fir ná mná

mo rún féin go bráth a-rís.


2 A bhean chumainn, a chruth fial,

do bhí agam riamh i ngioll,

[mairg léigeas a rún le mnaoi!]

fuaire a chách a-taoi fám chionn.


3 Oram féin do fríth an locht, -

ní beag nod dá chur i gcéill;

tig an cumann druim-tar-ais,

buailtear duine dá shlait féin.


4 Ní thiubhrthá orlach ar ór

díom, a inghean is óg snuadh;

ciodh gearr ó ’niugh gus i-né,

do bhuaidhir mé an t-uisge suas.


5 Méad na toile tugais dúinn

mairg dár gealladh, a ghnúis nár,

umam féin ó ’taoi go fuar;

comhfhada théid fuath is grádh.


6 Do chuala féin fad’ ó riamh

cumann deise do dhiall ruinn, -

duine i Mumhain na múr ngeal

díobh, is duine do Leath Chuinn.


7 Do bhádar dá bhliadhain déag

an dá sgoláir [fá sgéal suairc]

gan deadhail - gá díochra searc

ar fud Éireann teas is tuaidh?


8 D’éis a múinte i mbailtibh sgol,

dála an chúpla ar nách gclos béim,

do thionnsgain gach duine dhíbh

dol an tráth-soin dá thír féin.


9 Do b’iad ráite an fhir a-ndeas,

’s an sruth déar ag teacht re a ghruaidh:

“Ní dóigh go bhfaiceam, a ghrádh,

gnúis a chéile go lá an Luain.”


10 “Dá dtí,” ar an sgoláir a-dtuaidh,

“olc do cheachtar uainn dá bhríogh,

ós ag deadhail dúinn ar ndias,

go madh dhuitse bhias a dhíoth!”


11 D’éis ar gcumainn gus a-nocht

ní mór, a bhean na bhfolt slim,

nách í freagra an fhir a-dtuaidh

fuaras uait ag sgaradh rinn.


12 Ní hí h’anshocracht ná t’fhearg,

ní díth céille, ní ceard bhaoth,

ní cruas, ní droichtheist, ní tnúth,

do-bheir deadhail dún ar-aon.


13 Gan tú san chúige i mbíodh Meadhbh,

nó i gcrích Laighean na learg réidh,

nó i ndúthaigh Dheadhaidh mhic Shin, -

tug mo dheadhail ribh rem ré.


14 Ní fhuarais, gidh meanma shaobh,

a ghlac shocair gan taom gcruais,

cúis mo thréigthe acht mé id ghar:

maith gach cunnradh i bhfad uait!


15 Gach ar léigeas leat dom rún,

a ghéag úr an aignidh shéimh,

aithnim díot a cheilt ar chách

go bráth bráth, ’s a cheilt ort féin!


16 Im ghar choidhche, is bím gan fear,

a ghnúis díoghainn na ndearc mall,

an fear leis nách beitheá réidh

ní léigfinn féin ar chéad marg.


17 A stuaigh mhíolla na mbas ngeal,

gé léige mo shearc i bhfaill,

fuaire id thoil ní thugas fós;

mo sgaradh riot gá mó mairg?