Poem in printable PDF format
Mairg duine do
chaill a ghuth
[Watson, W. J.
Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore
(Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 36,
p. 248]
A ughdar so
Donnchadh Mór Ó Leamhnacht
1 Mairg duine do
chaill a ghuth,
agus ’gá bhfuil
sruth do dhán,
agus nach fhéad
gabháil leó,
agus nach eól
bheith ’na thámh.
2 Agus nach seinn
cor ná port,
agus nach gabh
gan locht laoidh,
agus nach sguir
dá chruit bhinn,
agus nach seinn
mar as mian(?).
3 Is mairg nach
sguir dá dhring drang,
agus do-ní
rann do rádh,
agus nach
cluintear a chruit,
agus nach
tuigthear a dhán.
4 ’S mairg nach
tabhair tóidh dá chéill,
is nach congbhann
é féin slán;
is mairg do-bheir
treas go tric
ar an mheas nach
rig a lámh.
5 Dá mbeith mo
mhian annsan mheas,
nach soichinn do
dhreap go h-ard,
do ghearrfainn an
crann fá bhun,
gé bé neach ara
gcuir mairg. Mairg.