firstLine"; ?>

1275. Mairg fheagas ar Inis Ceithleann $
Length: long 40qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. Book of O Conor Don c. 1631
  2. RIA 90 (24/P/12)OClery school early 17c
  3. RIA 2(23/F/16) O Gara MS 1655-9
  4. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
  5. NLS Adv. 72/1/44 17th cent.
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 11
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. liberality to poets
  3. poet-patron relationship
  4. Hostages
  5. house
  6. landscape
  7. craftsmen
  8. female occupation
  9. Hunting
  10. horse-racing
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (BOCD, RIA2,5 etc.)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Cuchonnacht Og mac Conchonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1589
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg fhéagas ar Inis Ceithleann


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 11]


1 Mairg fhéagas ar Inis Ceithleann

na gcuan n-éadrocht, na n-eas mbinn;

guais dúinn, ’snách féadair a fágbháil,

féagain an mhúir fhádbháin fhinn.


2 I bhfad riamh suil ráinig mise

múr taoibhgheal na dtulach ngorm,

dá roicheadh leam triall don teaghsoin -

dar leam ní bhiadh easbhaidh orm.


3 Do-chuala mé - mairg do-chualaidh -

do chlú ar síothbhrugh na séad mbuadh,

m­o bhréagadh mar do bhí i gcinneadh,

ní as nár féadadh m’fhilleadh uadh.


4 Teaghdhais lonnrach leóghain Éirne -

dob é riomsa rádh gach fhir -

nocha bhfaca fear san Bhanbha

teagh a maca samhla sin.


5 Adeirdis bhós gi bé ad-chífeadh

an choill lúbtha nó an learg thais,

an trácht réidh nó an t-achadh uaine

nách rachadh céim uaidhe ar ais.


6 Fios a theasda an tráth fa n-uaras,

tar éis gcodail go ceann trill

ní fhaca ní oile d’aisling

acht lí an toighe fhairsing fhinn.


7 Gluaisim romham, ránag ainnséin

Inis Ceithleann fa gclaon dair;

tre chlár bhfionn na bhfeirfhleasg dtaraidh

fa neimhleasg liom aghaidh air.


8 Suil tánag re taobh an bhaile

do bhiodhg mé le a méad do gháir;

nuall a gcon meardha ’sa míolchon,

ag cor ealbha a díothrobh dháibh.


9 Do bhí an trácht re taobh na cúirte,

fa chuan síthe na sruth mbalbh -

gur fhoiligh a trágh ’sa tonna -

lán do dhoiribh corra carbh.


10 Do-chím láimh risin lios gcéadna

clár aoibhinn dob órtha lí,

faithche bharrthais an dúin daithghil,

úir Pharthais nó a haithghin í.


11 Amhlaidh fuaras faithche an dúnaidh -

druim ar ais ó ingnibh greagh;

ní fhás luibh a húir fan orluinn

ó lúidh sguir ag comhruinn chean.


12 Eich an dúin ag dol i gcoimhling,

do-chiú arís a rioth fa seach,

gur ceileadh leó tolcha an talaimh -

gan che­ó ortha acht aghaidh each.


13 Do-ním romham san raon díreach

ar dhún gcúplach craoibhe Liag;

a rabha rem ucht san fhionnbhragh

mar lucht mbragha is iongnadh iad.


14 Fuaras maithe mhaicne Cholla

san chúirt daoinigh ag dáil shéad,

lucht foilgheasa sgéal do sgaoileadh

fréamh gcoibhneasa Ghaoidheal nGréag.


15 Fuaras fós ar feadh an longphuirt

a lán d’éigsibh is d’aos fhuinn,

ón tslios gheal fhonnbhán go ’roile -

mo chean orlár toighe i dtuill.


16 Fuaras a lán san leith oile

d’ainnribh béaltana brat sróil,

i múr chonchair na gcon bhfionnbhláith

a­g cor chorthair ion­gnáith óir.


17 A lán féinneadh feadh an tighe,

tríd siar ar na sleasaibh taoibh,

airm chorra ag na hamhsaibh uaisdibh -

gasraidh Droma cnuaisdigh Caoin.


18 Buidhean mhór do mhacraidh shíthe,

ó Shíth Bhuidhbh nó ó Bhruidhin Lir;

nár lámh súil le a n-áille d’fhéagain,

ar tháille an mhú­ir ghéagaigh gil.


19 Buidhean cheard ag ceangal bhleidheadh,

buidhean ghaibhneadh ag gléas arm;

buidhean shaor nách d’éanfhonn uirre -

néamhonn chaomh na mbuinne mbalbh.


20 Bruit dá gcorcradh, cuilg dá ngormadh,

gaoi dá n-ionnsma, eich dá ngníomh;

bráighde i ngioll, comha dá gcuma,

sgola os cionn an rulla ríogh.


21 Géill dá ngabháil, géill dá léigean;

laoich dá leigheas, laoich dá nguin :

seóid dá síorchur inn is uadha­ -

an síothbhrugh slim cuanna cuir.


22 Do-bheireadh siad seal don lósoin

ar luadh n-éacht, ar iomrádh ngleóidh;

do-beirthe seal ag slógh Uisnigh

ar ól bhfleadh, ar chluinsin gceóil.


23 Rugsam as go haimsir gcaithmhe,

car an chaomhlaoi do chaith sinn

san mhúr gheal fhéaruaine fhásaigh,

feadh éanuaire an lásoin linn.


24 Gabhaid cách ’ga gcur ’na suidhe

ar sleasaibh míne an mhúir ghil;

tearc i mbruidhin a séad samhla -

méad an mhuirir tarla astigh.


25 Cú Chonnacht Óg mhac Con Chonnacht,

cneas leabhar dá leanann dé -

ar suidhe dá mbíodh ’na bhruidhin

’na shuidhe ríogh suidhidh sé.


26 Suidhimse ar deis dreagain Teamhrach,

go dtairnig dhúin dáil na gcorn;

gé tharla a díol uirre d’uaislibh

uille an ríogh níor uaisligh orm.


27 I gcionn aimsire an uair táinig

tráth luighe do lucht an dúin,

roighne an tslóigh mhóirfheithmhigh mhúinte -

cóirighthir dhó­ibh cúilte clúimh.


28 Suil rug an lá ar lucht na bruidhne

buidhean aca ag ionnsma sleagh;

craoithe astigh dá gcur re camháir,

fir ag dul do ghabháil ghreagh.


29 Aimsir aithghearr tar éis gcodail

do-chiú um sheabhac Shíthe Truim

forgla cáich ’na dtrealmhuibh tachair,

san ráith neamhdhuibh chlachaigh cuir.


30 Gluaisid uainn ré n-éirghe mhaidne

macraidh chródha chúirte an ríogh;

’na mbróin mhóir leabhairthigh laighnigh;

neamhaithnidh dó­ibh snaidhmidh síodh.


31 Gearr arís go rugsad oruinn

aicme Cholla na gcuach n-óir;

ar gcur gach tíre ar feadh fúthaibh;

mo chean ríghe is dúthaigh dhóibh.


32 Dob iomdha an láso um Loch nÉirne

aoighe mná nách mair a fear;

’s dob iomdha aighthe giall ngonta

d’aithle ghliadh ag tochta asteagh.


33 Seóid bhuadha do bhí san toighsin

i dtús an laoi nar leó féin;

’s do bhí cradh do chóir an bhaile

i ngar dhóibh nách raibhe aréir.


34 Éigse an dúin do díoladh ainnséin

le hua nEachach nár ob gleó,

beag an díoth daoire na n-éigseadh,

fríoth maoine nár léi­gsean leó­.


35 Ar Mhág Uidhir d’iarraidh ceada

do-chuaidh mise ameasg na sgol;

ó ráith aird an eagair núidhe

mairg do cheadaigh dhúinne dol.


36 Ag deadhail riom do ráidh seision,

ag snighe déar re a dhreich nduinn,

dá mbeith nár ghar mé don mhílidh,

nár sgar sé dá ríribh ruinn.


37 Cumhain leam an lá do chuireas

cúl re teaghlach thighe an ríogh,

gur luigh do cheas ortha uile

nárbh fheas orchra dhuine dhíobh.


38 Ní fearr dhamhsa i ndiaidh an teaghlaigh,

truagh nár chaitheas ceann mo ré

suil bhus saoghlach inn dá aithle :

baoghlach linn go mairfe mé.


39 Ní chuala comhmaith an teaghlaigh

atá san dún - dia do bhail -

fa neach dár chin ó na Collaibh,

ag sin breath gach ollaimh air.


40 Baile Lithbhir na learg núidhe -

neach uaidhe ní fhill dá thail;

fear gach aird don bhaile ó bhréagas,

baile ’gar mairg f­héagas air.